Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Dé Sathairn 16 Márta 2013

RSS

TÁ TÚ ANSEO Gnéithe Taisteal Gran Canaria – an t-oileáinín Canárach

Gran Canaria – an t-oileáinín Canárach

Ríomhphost Priontáil PDF

Bhí mé in Tenerife agus in Lanzarote cúpla babhta le mo pháistí, mar sin cheap mé go raibh a bhfuil sna hOileáin Chanáracha feicthe agam. Ach bhí mé mícheart. Cúpla seachtain ó shin chonaic mé seans deireanach do shaoire ar shuíomh idirlín Thomas Cook Ireland (www.thomascook.ie) agus thapaigh mé an deis gan mhoill. D'eitil mé ó Bhaile Átha Cliath, ag cur tús leis an turas i dtolglann Aerfort Bhaile Átha Cliath. A leithéid de bhealach le tús a chur le saoire shó! Ina dhiaidh sin bhí eitilt den scoth agam agus aistriú gan stró chuig Lopesan Villa Del Conde in Maspalomas.

Ilionad cúig réalta an t-óstán seo, agus ón nóiméad a shiúlann tú isteach san fhorhalla, is léir go bhfuil tú i bhfoirgneamh eisceachtúil. Áit álainn an Lopesan Villa del Conde Resort & Thalasso atá suite cois farraige ó dheas in Gran Canaria, gar do thrá Meloneras agus cúpla nóiméad siúil ó theach solais agus dumhcha anaclann dúlra Maspalomas.

Tógadh an Villa del Conde i stíl baile áitiúil Chanáraigh agus tá séipéal agus foirgnimh mórtimpeall san áireamh ann. Tá cearnóg lárnach, gairdíní agus tithe gleoite maorga ag a bhfuil balcóin chrochta adhmaid le feiceáil freisin. Oiriúnú údarach an forhalla fáiltithe de cheann de na séipéil is sine ar Gran Canaria. Tá dhá phríomhthúr, clogás agus cruinneachán lárnach ann. A luaithe a théann tú isteach sa seomra is léir go bhfuil tú i réadmhaoin atá thar a bheith deas. Tá an bainistí eisceachtúil. Cothabháiltear gach gné den óstán, istigh agus amuigh, go hálainn. Anois tá neart óstáin chúig réalta ar nós an Westbury i mBaile Átha Cliath agus an Ritz i bPáras agus tá ilionaid saoire chúig réalta sa Spáinn nó sna hOileáin Chanáracha agus tá difríocht bheag ann, níl seirbhís buitléireachta sna hOileáin Chanáracha, go bhfios dom ar aon chuma! De ghnáth sa Spáinn, ní thugtar áiseanna tae agus caife sa seomra agus tá ár bhformhór i dtaithí air sin in aon óstán. Mar sin ná bíodh díomá ort mura bhfaigheann tú a leithéid sna hOileáin Chanáracha, sin mar a dhéantar ansin é. Chuir an Villa Del Conde bia den scoth ar fáil agus tríd is tríd bhí an tseirbhís go maith. Caithfidh mé a admháil go raibh fadhb agam leis an táille €12.00 in aghaidh an lae ar an idirlíon (bheadh sé níos saoire dá bhfanfá seachtain). Gearrann tromlach na n-óstán cúig réalta leath an phraghais sin, mura gcuireann siad ar fáil saor in aisce é. Chomh maith leis sin bhí €10.00 in aghaidh an lae ar iarann agus clár iarnála a bhí iomarcach dar liom. Ach is é réiteach na faidhbe d'éadaí a chur chuig an tirimghlantóir, mar go bhfuil sé sin an-saor – níos saoire ná an níochán agus an iarnáil a dhéanamh tú féin fiú!

D'ith mé sa bhialann proinne don bhricfeasta agus don bhéile istoíche agus ar an iomlán bhí caighdeán na mbéilí a réitíodh thar cionn. Rinneadh iarracht mhór rogha a chur ar fáil maidir leis an mbia a bhí ar fáil gach lá, le tráthnóna Síneach lá amháin mar shampla. Cuireadh Cava saor in aisce gan srian ar fáil don bhricfeasta gach lá a bhí an-deas agus bhí praghas an fhíona an-réasúnta ó €12.00 go níos mó ná €100.00. Tríd is tríd bhí caighdeán an bhia an-mhaith agus bhí an tseirbhís sa bhialann iontach. D'fhéadfadh an tseirbhís i mbeár an óstáin ar an léibheann a bheith níos fearr agus le costas €8.00 ar fhuisce agus cóla bhí sé beagáinín daor, ach is óstán den scoth é seo. Bhí an spá san óstán iontach agus bhí radhairc iontacha ar an trá uaidh agus cúpla céad méadar síos an bóthai ag an gcomhóstán Lopesan Costa Meloneras tá spá den chéad scoth ann. Cuireann an Corallium Spa Costa Meloneras an "Spa Experience" uathúil ar fáil, ina bhfuil cóireálacha iontacha a úsáideann uisce nádúrtha ag teochtaí difriúla, ag malartú idir limistéir theo agus fhuara, chun feidhmiú na matán a fheabhsú agus chun gleacaíocht shoithíoch a chur ar fáil a théann chun tairbhe na colainne uile. Tá réimse teochta i gceist ó 4°C i ndomhan oighir go 90°C sa seomra allais Afracach, ag dul trí linn Kneipp ag 14°C, linn snámhaíola ag 35°C agus folcadán gaile agus folcadán Turcach ag 45°C. Má théann tú chuig an spá iontach seo beidh deis agat tabhairt faoi thuras iontach a thabharfaidh ón Teochrios agus an domhan Arabach thú go dtí an Pol Thuaidh agus na Himiléithe, é ar fad laistigh d'ailtireacht a comhtháthaíodh go hiomlán le rilíf bholcánach oileán Gran Canaria. Cruthaíodh an spá seo chun cumas dúchasach an chine dhaonna a spreagadh chun folláine agus cothromaíocht chaillte a fháil ar ais go nádúrtha, idir fhisiciúil agus mhothúchánach, mar sin má tá deis agat dul ar cuairt ann, téigh ann. Tá sé thar cionn! Ón seomra snámhaíola sáile, go dtí an seomra oighir agus allais Sualannach is mó san Eoraip, agus an seomra 'broinne' thar a bheith spéisiúil, caithfidh aon fhear nó bean a bhfuil an-tóir orthu ar mhéataireacht den chéad scoth cuairt a thabhairt ar an spá seo. Mura bhfuil spéis agat i méataireacht, ba cheart dul cinnte chuig ionad gailf Lopesan. Bíonn an galf iontach pléisiúrtha leis na cairríní gailf a bhfuil treoir GPS orthu agus ní bheidh tú caillte riamh ar an gcúrsa iontach seo óna bhfuil radhairc mhórthaibhseacha. Tríd is tríd tá Thomas Cooktar éis táirge ar phraghsanna thar a bheith réasúnach a roghnú agus tá an-luach ag baint leis an eolas go bhfuil tú ar saoire le cuideachta taistil atá thar cionn.

Ba chomhalta foirne eisceachtúil í Diana, an t-óstach siamsaíochta. Bhí sí an-mhór leis na cuairteoirí ar fad agus is mór an chreidiúint í d'eagraíocht Lopesan.

Ba thaithí sheoigh an spá ag óstán ceithre réalta Meloneras. Is fiú an spá seo a mholadh go hard na spéire agus bhí an fhoireann ar fad ann iontach. Ba é an spá ceithre réalta buaicphointe ár saoire cinnte, toisc gur saoráid iontach agus chéadscothach an spá seo.

Tá ionad gailf Lopesan mórthaibhseach, galánta, cruthaithe agus cothabháilte go hálainn, agus ba mhór an pléisiúr é am a chaitheamh ann.

Ar an iomlán is óstán a tógadh go hálainn agus a chothabháiltear go maith é an Lopesan Villa Del Conde. Bhí limistéir na linnte dochreidte glan agus dea-chóirithe.

 

 

Díreach le sibh a chur ar an eolas, eitlíonn Thomas Cook go díreach chuig Gran Canaria as Baile Átha Cliath agus as Corcaigh gach Satharn idir Bealtaine agus Deireadh Fómhair agus gach Satharn as Baile Átha Cliath idir an Samhain agus Aibreán. Cuireann siad pacáiste 7 n-oíche ar fáil in Ionad Saoire 5* Lopesan Villa Del Conde agus Coralium Thalasso ó €1069 an duine, nó in Ionad Saoire 4* Lopesan Costa Meloneras ó €819 an duine, an dá cheann ar bhonn leathlóistín. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, glaoigh ar 01 514 0328, tabhair cuairt ar www.thomascook.ie nó tabhair cuairt ar do ghníomhaire taistil áitiúil.

 

 

Suirbhé

An mbeidh tú ag glacadh páirte i Seachtain na Gaeilge?



Torthaí

Twitter