Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Dé Sathairn 25 Lúnasa 2012

RSS

TÁ TÚ ANSEO Gnéithe Taisteal Páirceáil, Fan agus Eitil le Bewley's Hotel, Aerfort Bhaile Átha Cliath

Páirceáil, Fan agus Eitil le Bewley's Hotel, Aerfort Bhaile Átha Cliath

Ríomhphost Priontáil PDF

Seans gur thug tú faoi deara gur luaigh mé Bewley's i gcuid de m'ailt mar go n-eitlím as Baile Átha Cliath minic go maith.

Luaim iad mar go gcuireann siad seirbhís mhaith ar fáil seasta chomh maith le luach den scoth ar airgead, a chinntíonn go bhfuil an tús is fearr is féidir ag do laethanta saoire.

Tá an tairiscint Park, Stay and Fly in Bewley's Hotel, Aerfort Bhaile Átha Cliath chomh maith agus chomh simplí agus is féidir. Níl le déanamh ach do charr a pháirceáil ag an óstán aerfoirt seo, a mbíonn an-tóir i gcónaí air (cuirimse in áirithe roimh é i gcónaí), súp a bhaint as oíche shuaimhneach san óstán agus d'fheithicil a fhágáil i gcarrchlós daingean an óstáin go dtí go bhfilleann tú. Is féidir leat léim ar an tseirbhís bhus 24 uair atá saor in aisce ansin agus tairbhe a bhaint as an raon mór deiseanna siopadóireachta atá ar fáil ag Críochfort an Aerfoirt. Seans go gceapann tú go mbeidh sé seo an-daor, bhuel tá dea-scéala agam duit, níl sé daor ar chor ar bith.

Féadfaidh tú lóistín oíche agus pacáiste páirceála 3 lá a fháil ó €75, atá foirfe do dheireadh seachtaine fada. Nó má tá tú le bheith as baile níos faide ná sin d'fhéadfá an pacáiste páirceála 8 lá a fháil ar an gcostas íseal de €89 nó má tá saoire níos faide arís beartaithe, d'fheilfeadh an pacáiste páirceála 15 lá ó €129 duit. Ná lig don trácht chuig an aerfort cur isteach ort agus sroich an t-aerfort gan aon anró agus réidh don taisteal. B'fhéidir go bhfuil tú ag ceapadh nach bhfeileann sé seo ach do bheirt ag taisteal, ach tá Bewley's tar éis cuimhneamh air sin freisin! Ar €10 breise (nach mórán ar chor ar bith é) féadfaidh tú seomra teaghlaigh a fháil do cheathrar. Tá cosc ar thobac sna seomraí teaghlaigh ar fad agus féadfaidh ceathrar codladh iontu (beirt fhásta agus beirt leanaí).

Nuair atá tú ag taisteal, bíonn moladh pearsanta faoi áit faoi leith ar an bpíosa eolais is tábhachtaí a gheobhaidh tú agus bíonn an-tionchar aige ar an gcinneadh a dhéanann tú maidir le saoire nó áit faoi leith a chur in áirithe. Is féidir liom cabhrú leat leis seo sa chás seo. Bainim féin úsáid as an tseirbhís seo go rialta – mar scríbhneoir taistil, ar ndóigh, bím as baile níos minice ná an gnáthdhuine agus tá a fhios agam gur cuma má thagaim go Baile Átha Cliath luath ar maidin ag 2r.n. mar shampla nó deireanach tráthnóna, beidh mo sheomra réidh agus beidh spás san óstán dom. Agus toisc go bhfuil an-aithne agam ar an óstán tá a fhios agam go mbeidh pé seomra a thugtar dom iontach glan, geal agus mór.

Tá na hacmhainní riachtanacha uile sna seomraí ar fad:

  • Áiseanna déanta Tae/Caife
  • WiFi saor in aisce
  • Triomadóir Gruaige
  • Gutháin Diailigh Díreach
  • Deasc agus Cathaoir Oibre
  • Earraí Maisíochta sa Seomra Folctha
  • Teilifíseán
  • Rogha de phlocóidí Eorpacha agus Éireannacha
  • Iarann agus Clár Iarnála
  • Cosc ar thobac sna seomraí
  • Taisceadán saor in aisce
  • Meaisín Oighir saor in aisce ar gach urlár
  • Oifig fáilte 24 uaire an chloig
  • Bialann den scoth
  • Tairiscint do bhricfeasta luath

 

Anois, tá an liosta thuas thar barr. Agus nuair a chuimhníonn tú go raibh mé in óstán 5 réalta le déanaí inar chosain leac oighir don seomra €5 an turas agus inar chosain iarann agus clár iarnála €10, is léir go gcuireann Bewley's luach iontach ar airgead ar fáil.

Agus díreach nuair a cheapann tú nach féidir é a fheabhsú, tá Bewley's tar éis Svuíteanna a thabhairt isteach. Tá siad seo ina measc:

  • Svuít Claddagh
  • Svuít Ardagh
  • Svuít Tara

Tá na sonraíochtaí is fearr is féidir sna svuíteanna áille seo. Is é buaicphointe gach svuíte an spás mór urláir agus an leaba rí shómhar. Tá scoth na só le fáil sna svuíteanna iontacha seo. Tá galántacht agus compord sa décor a chruthaíonn atmaisféar suaimhneach. Féadfaidh tú suí siar agus taitneamh a bhaint as an tolglann atá cumhdaithe go saibhir agus as an teilifíseán LCD 42" úrscothach.

Agus le cur leis an ollmhaitheas, tá doirteal dúbailte agus cithfholcadán báistí siúil isteach ann sna seomraí folctha mhóra áille. I measc na ngnéithe eile tá vardrúis siúil isteach, fuinneoga ón urlár go dtí an tsíleáil, áiseanna tae/caife, agus na gnáthearraí a bhíonn sna seomraí caighdeánacha.

Cosnaíonn uasghrádú go svuít €60.

Is féidir le gach óstán seomraí iontacha a chur ar fáil, ach ní bhaineann turas go hóstán leis an seomraí amháin. Tá tábhacht ag baint leis an mbia agus leis an bhfoireann freisin, agus arís, tá neart taithí agam orthu sin san óstán seo. Tá sé tábhachtach seomra iontach a bheith ann agus tá an tábhacht chéanna le bia iontach agus tá Bewley's tar éis cuimhneamh air seo freisin. Tá an-tóir ar an Brasserie Restaurant do cheiliúradh teaghlaigh, d'oícheanta rómsánsúla agus do 'lóin oibre' thábhachtacha. Áit iontach é freisin le greim bia a fháil sula n-eitlíonn tú ó Aerfort Bhaile Átha Cliath nó chuig an aerfort.

Cuirtear rogha neamhfhoirmiúil ar fáil anseo. Tá réimse leathan miasa dea-chóirithe ar fáil a chloíonn le coincheap na cistine. Léiríonn tionscnamh a seoladh in 2010 an bhéim a bhíonn ar tháirgí a fhaightear go háitiúil agus atá inbhuanaithe a úsáid. Ullmhaítear an bia ar fad go húr agus deartar na biachláir bunaithe ar an séasúr. Tá an-bhaint ag seirbhís den scoth le rath Bewley's agus dá bharr sin tá bricfeasta sciobtha agus seirbhís spólainne/buifé ar fáil am lóin agus am dinnéir chun seirbhís ghasta phrap a chinntiú. Is cuma má tá tú ag taisteal ar chúrsaí gnó nó ar laethanta saoire, is cinnte go nguífear gach rath ar an taisteal ó Bewley's Hotel, Aerfort Bhaile Átha Cliath, agus níos tábhachtaí fós go gcuirfear fáilte Uí Cheallaigh romhat nuair a fhilleann tú ar Bhaile Átha Cliath. Is féidir seomra a chur in áirithe ag www.bewleyshotels.com nó trí Íosghlao a chur ar 1890 79 89 99.

 

Suirbhé

An bhfuil ceannas ag Giovanni Trapattoni ar fhoireann sacair na hÉireann go fóill?





Torthaí

Twitter

 
Foinse Gardaí sa tóir ar phríosúnach a d'éalaigh uathu i Luimneach - http://t.co/Zs2Woc5J - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie gaeilge
Dé hAoine, 24 Lúnasa 2012 20:35
 
Foinse Córas nua le cur i bhfeidhm maidir le huimhirphlátaí in 2013 - http://t.co/V5f4Q8mE - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie gaeilge
Dé hAoine, 24 Lúnasa 2012 19:50