Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Déardaoin 14 Feabhra 2013

RSS

TÁ TÚ ANSEO Gnéithe Taisteal Tá sé in am do rud éigin difriúil

Tá sé in am do rud éigin difriúil

Ríomhphost Priontáil PDF

De ghnáth, scríobhaim féin gach rud a fheiceann tú san alt seo, ach an uair seo b’éigean dom cúnamh a iarradh ar m’iníon, a bhfuil i bhfad níos mó scile aici i leithéidí “Orange Goblin” “Bad Company” agus “Nazareth”.

Táimid ag caint ar fhéilte raic-cheoil samhraidh ar ndóigh, agus tá a fhios agam go mbíonn an-tóir orthu, mar sin chuir mé Susannah, cailín an rac-cheoil, chun na Sualainne chun freastal ar cheann dá bhféilte rac-cheoil.

Lean ar aghaidh Susannah .....

Tar éis dom mo shaol fásta ar fad a chaitheamh gan freastal ar fhéile, chinn mé dul chuig féile i mbliana agus mé féin a thumadh i gcultúr na féile don chéad uair, tar éis beagán áitimh a fháil.

Nuair a smaoiním ar fhéilte in Éirinn, tagann buataisí wellington, créafóg agus go leor báistí chun cuimhne láithreach agus ní thaitneodh liom saoire an tsamhraidh a chaitheamh mar sin, dá bhrí sin, d'fhéach mé i dtreo na hEorpa chun féile níos grianmhaire a aimsiú.

Roghnaigh mé Sweden Rock (www.swedenrock.com), féile bhliantúil rac-cheoil agus miotail a bhíonn ar siúl in Norje díreach taobh amuigh de Sölvesborg atá ar siúl le deich mbliana anuas. Thosaigh sé amach mar naoi mbanna ceoil ar lá grianmhar i mí an Mheithimh agus anois baineann os cionn 50,000 duine taitneamh as meascán éagsúil bannaí ceoil. Bainfidh fiú an duine is roghnaithí ó thaobh an cheoil de taitneamh as an bhféile seo, de bharr an réimse leathan seánraí atá ann.  D’oibrigh  foireann Sweden Rock i gcomhar le eXcits Worldwide (www.excits.se) chun roinnt pacáistí maithe agus éifeachtach ó thaobh costais de a chur ar fáil chun an t-eispéireas taistil foirfe a chruthú d’fhéile. Tá lóistín ar fáil idir 10-90 nóiméad tiomána ó Sweden Rock agus cuireann “eXcits” seirbhís bus rialta ar fáil chuig agus ó na hóstáin sainithe agus tugtar tús áite dóibh siúd a bhfuil rostbhandaí á gcaitheamh acu. D’fhan mise ag Caisleán Bäckaskog Slott in Fjälkinge.

Fuair mé eitilt iontach le SAS as Baile Átha Cliath agus d’imigh mé liom. Tá stáisiún traenach ceangailte le haerfort Chóbanhávan, agus ritheann traenach as sin go Malmö gach 20 nóiméad thar droichead álainn ar a dtugtar Droichead Oresund. Nascann sé an Danmhairg agus an tSualainn agus is é an droichead is faide san Eoraip é; téann cuid den droichead faoin talamh!

Ag stáisiún Malmö, d’athraigh mé go tapa chuig traein i dtreo Kristianstad agus chun dul chuig an gcaisleán fuair mé tacsaí áitiúil a chosain timpeall €50 orm. Tá buíochas mór ag dul do Rail Europe/ Irish Rail (www.raileurope.co.uk), is leo siúd a chur mé na ticéid in áirithe. Tá a suíomh gréasáin éasca le húsáid agus beidh tú in ann margadh iontach a fháil agus ticéad fillte oscailte míosúil a fháil ar níos lú ná €65.

Ar an gcéad lá, bhí a fhios agam go raibh mé tagtha chomh fada leis an bhféile sular stop an bus mar gur chuala mé Judas Priest ag seinm áit éigin amach romham. Chuaigh mé isteach agus amach as seónna Imperial State Electric, Exciter agus Frontback agus mé ag dul i dtaithí ar an áit. Bhí sé i bhfad níos mó ná mar a cheap mé agus fiú go raibh se luath sa lá bhí roinnt daoine tar éis titim ina gcodladh i lár na hairéine.

Ba iad 10CC an chéad bhanna a chonaic mé agus bhí sceitimíní áthais orm nuair a tháinig siad chun stáitse agus chan mé na hamhráin leo. Bhí dóthain ama agam deoch a fháil agus ansin dul chuig an stáitse Rock chun Exodus a fheiceáil, bhí an slua ag damhsa agus ag croitheadh a gcloigne go fíochmhar. Ansin chas Saint Vitus lena nótaí boga, sícideileacha agus gach duine ag bogadh ó thaobh go taobh. Sheinn Rival Sons, Graveyard agus Sebastian Bach don chuid eile den lá agus chríochnaigh sé leis na laochra Dark Funeral agus Soundgarden.

Thosaigh an dara lá den fhéile le damhsa beag agus mé ag éisteacht le Ugly Kid Joe, a tháinig ar ais le chéile le déanaí. Banna ceoil ón am a caitheadh iad seo agus bhí an slua ar fad ag béicíl agus an t-amhránaí Whitfield Crane ag dreapadh ar an rige ar thaobh an stáitse agus é ag canadh. Sheinn Gamma Ray, Blue Öyster Cult agus Tygers of Pan Tang le linn an tráthnóna.  Tráthnóna Dé hAoine, sheinn an banna cáiliúil Motörhead a raibh eitleáin buamadóra mar chuid den stáitse acu agus chríochnaigh an oíche le Dee Snider ó Twisted Sister agus é ina bheithíoch miotasach ag dul trasna an stáitse.

Ba é an Satharn lá deiridh na féile agus nuair a tháinig Orange Goblin chuig tosach an stáitse, tháinig an ghrian trí na scamaill amhail a bheadh draíocht ann agus scall an ghrian anuas orainn!

Bhí an slua fiáin agus na hamhráin “Quincy the pig boy”, “Death of Aquarius” agus “Red Tide Rising” á sheinm acu chun an seit a chríochnú. Is ceart an giotáraí Joe Hoare a lua go speisialta mar ní amháin gur chuir sé an slua faoi gheasa leis an ceol iontach a sheinn sé ach chaith sé an oiread figíní giotáir agus ab fhéidir leis amach sa slua, fear uasal .

Ba iad Mötley Crüe agus Cannibal Corpse an dá bhanna deireanach a sheinn ag an bhféile agus ba iontach a bheith ag éisteach le hiontas Mötley Crüe. Spreagann siad fós leibhéil ghealtachta mar atá déanta acu ó thosaigh siad amach; ní fhaca mé slua riamh a léim chomh hard nó a scread chomh hard is a rinne slua Sweden Rock don Crüe.  Agus féile anois feicthe agam, is féidir liom féachaint siar agus a rá go bhfuil gach rud i bhFéile Sweden Rock is ceart a bheith i bhféile. Tá an aimsir iontach, tá an fhoireann cairdiúil, labhraíonn siad Béarla agus is daoine deasa iad le labhairt leo, agus tá rogha iontach bannaí ar fáil ann nach bhfuil a shárú le fáil.

atmaisféar sona, suaimhneach ann, ní fhaca mé troid amháin an t-achar a bhí mé ann agus níos tábhachtaí fós, ní raibh aon chréafóg le feiceáil. Tá sé i gceist agam dul ar ais an bhliain seo chugainn, bhí sé chomh maith sin.

Mar sin, má tá suim agat i bhféile rac-cheoil le beagán dea-aimsire, in áit saoire teaghlaigh, féach ar www.swedenrock.com chun saoire cheoil éagsúil a chur in áirithe.

 

Suirbhé

Tá formhór na n-athruithe a fógraíodh i mBuiséad 2013 i bhfeidhm anois ó thús na bliana. An bhfuil tionchar na n-athruithe le tabhairt faoi deara go láidir go fóill dar libh?




Torthaí

Twitter