Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Dé Sathairn 16 Márta 2013

RSS

TÁ TÚ ANSEO Gnéithe Taisteal Dúnmharú agus dúrún i Maigh Eo

Dúnmharú agus dúrún i Maigh Eo

Ríomhphost Priontáil PDF

Bhí go leor rudaí mistéireacha ar bun i Maigh Eo le déanaí nuair a shocraigh grúpa ban as Baile Átha Cliath dul go Maigh Eo do dheireadh seachtaine chóisir na mbáb agus roinnt uisce faoi thalamh a bhain le dúrún dúnmharaithe. Bhí Helena agus a "bába" tar éis deireadh seachtaine a chur in áirithe le www.thefoxfordlodge.ie. Cuireann The Foxford Lodge pacáiste dúrún dúnmharaithe iomlán ar fáil a áiríonn córas taistil chuig an stáisiún áitiúil traenach nó bus agus uaidh, dhá oíche leaba agus bricfeasta Gaelach, béile tráthnóna agus an dúrún dúnmharaithe féin. Tráthnóna Dé hAoine bhí cóisir éadaí leapa phríobháideach ag na mná ina lóistín – dhá teachín féinfhreastail i sráidbhaile saoire Lough Lannagh Village. Bhí seomra curtha in áirithe agam in Lough Lannagh Village toisc gur theastaigh uaim i gcónaí súp a bhaint as a leithéid d'imeacht. Dúradh liom gur páirc saoire in iarthuaisceart na hÉireann an lóistín. Bhí an-ionadh orm faoin méid a chonaic mé ann. Is éard atá i gceist le páirc saoire Lough Lannagh Village sráidbhaile saoire, lóistín féinfhreastail agus seomraí mar a bheadh in óstán sa phríomhbhloc lóistín. Is féidir mótarbhailte agus veaineanna campála a thabhairt ann freisin. Bhí seomra breá mór ar urlár na talún agamsa, agus leaba dhúbailte a bhí an-chompordach go deo. Seomra folctha a bhí chomh glan leis an gcriostal, braillíní nite go hálainn, teilifíseán, clár maisiúcháin, cathaoir uilleach, táirgí don seomra folctha d'ardchaighdeán agus tuáillí bána úra a mbeadh roinnt óstán 5* bródúil astu!

tolglann ann dóibh siúd atá ag fanacht ann ina bhfuil teilifíseán, agus cuirtear bricfeasta ar fáil gach lá idir a hocht agus a deich ar maidin. Bhí caighdeán an bhricfeasta an-mhaith agus chuir an fhoireann fáilte is fiche romham agus ní fhéadaidís a bheith níos cabhraí. Tógann sé thart ar deich nóiméad siúl ón sráidbhaile saoire go dtí baile Chaisleán an Bharraigh. Bhí scéim lascainí ag an sráidbhaile saoire le roinnt bialanna áitiúla a mhol siad freisin. D'úsáid mé ceann in Cox's agus bhí an bheatha agus an tseirbhís den chéad scoth.

Tá praghas an lóistín ag Lough Lannagh Village an-mhaith, tosaíonn na seomraí ag €35-00 agus tosaíonn na teachíní ag €75. Tá idirlíon gan sreang ar fáil saor in aisce sa seomra bia agus ag an oifig fáilte freisin. Mar sin má tá áit le fanacht uait san iarthuaisceart, ba cheart duit cuimhneamh ar Lough Lannagh Village, ní bheidh díomá ort. Anois, bhí na "bába" tar éis teachiní féinfhreastail a chur in áirithe sa sráidbhaile. Nuair a shroich siad an áit, tugadh suipéar anonn chucu agus na cultacha a bhí faighte ar cíos acu don imeacht. Ar ndóigh, d'fhág mé na "bába" leo féin an chéad oíche agus thug siad aghaidh ar bhaile Chaisleán an Bharraigh ina gcultacha. Is dócha gur ól siad deoch nó dhó agus gur réitigh sé sin iad don chéad lá eile.

Is cosúil go raibh an-oíche acu a bhí saghas deireanach mar go raibh siad sách mall ag éirí an lá dár gcionn.

Bhí an-sceitimíní agus roinnt imní ar na mná agus iad ag réiteach do shíob chuig láthair rúnda do dheoch fáilte agus tús a n-oíche dúrúnda. Ní scaoilfidh mé aon rún faoin gcaoi ar éirigh leis an oíche, ach féadfaidh mé a rá go raibh oíche den scoth ag na "bába". Tugadh carachtar do gach duine agus tugadh miontuairisc scríofa dóibh ar a raibh roinnt eolais faoin gcluiche agus faoin méid a bhí le déanamh acu mar rannpháirtithe. Eagraítear na carachtair bunaithe ar 'chur síos pearsantachta' a thug comhordaitheoir an ghrúpa. Cinntíonn sé sin go bhfuil gach duine compordach ar feadh na hoíche – is féidir leo siúd ar mhaith leo a bheith os comhair an phobail páirt mhór a bheith acu, agus dúinne atá níos cúthaile bíonn páirt níos lú againn san imeacht. Tháinig an bus agus tugadh muid chuig ár láthair rúnda don dinnéar agus don chluiche. Nuair a shroicheamar an TF Royal Hotel, chuir Éascaitheoirí an Dúrúin Dúnmharaithe – Deirdre Ruane, agus Brendan Donovan a chabhraigh léi – fáilte roimh an ngrúpa. Fad is a d'ólamar deoch fáilte, thug siad níos mó eolais dúinn faoin gcluiche, faoi na carachtair agus faoin oíche. Cuireadh tús leis an gcluiche ag thart ar 5.30i.n. agus cúpla uair an chloig níos déanaí glacadh sos ón gcluiche don dinnéar. Cúpla uair an chloig níos déanaí cuireadh tús leis an gcluiche an athuair agus lean an plé ar aghaidh chun a fháil amach cé a rinne an dúnmharú fealltach. Ag thart ar 10.45i.n. tugadh na rannpháirtithe ar ais go Lough Lannagh Village arís. Is maith le roinnt daoine leanúint ar aghaidh leis an gcóisir ina dteachíní agus téann daoine eile amach sa bhaile. Ós rud é gur ag cóisir na mbáb a bhí na mná, shocraigh siad ar dhul chuig an mbaile, agus sult a bhaint as an spraoi go dtí go raibh sé ina mhaidin.

Tugadh na cultacha ar ais maidin Dé Domhnaigh agus cuireadh críoch leis an deireadh seachtaine. Tríd is tríd, bhí an-spraoi go deo ag baint leis an deireadh seachtaine, agus toisc gur chuir na "bába" na cultacha orthu go luath bhí an-atmaisféar leis an deireadh seachtaine ar fad. Tá páirc saoire Lough Lannagh Village foirfe do chóisirí mar seo agus is féidir freastal ar a leithéid i dteachíní féinfhreastail le nach gcuirfear isteach ar aon duine eile. Reáchtáil The Foxford Lodge an t-imeacht ar fad go gairmiúil agus ní raibh aon fhadhb ann ar chor ar bith. Cosnaíonn deireadh seachtaine dúrún dúnmharaithe eisiach le The Foxford Lodge €159 an duine ag roinnt.

Mar sin, má tá grúpa agat atá ag iarraidh dul ar dheireadh seachtaine iontach atá difriúil cuimhnigh ar www.thefoxfordlodge.ie.

Suirbhé

An mbeidh tú ag glacadh páirte i Seachtain na Gaeilge?



Torthaí

Twitter