Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Dé Sathairn 16 Márta 2013

RSS

TÁ TÚ ANSEO Gnéithe Taisteal Rainseoirí Rábacha

Rainseoirí Rábacha

Ríomhphost Priontáil PDF

Rinne Condé Nast Traveler cur síos ar an rainse seo mar cheann de na trí rainse is fearr i Meiriceá, agus le daonra atá beagán faoi 315,00,000 sa tír sin ardmholadh cinnte.

Tá mo bhean chéile agus m'iníon is óige tógtha leis an marcaíocht ar chapall agus is breá linn ar fad Meiriceá, mar sin tar éis dúinn stát iontach "iartharach" a lorg le dul ar cuairt ann, roghnaíomar Colorado, agus an Zapata Ranch (www.zranch.org) go sonrach. Tá a fhios agat an seanjóc go bhfuil gach rud mór i Meiriceá, na carranna, na trucailí, na bóithre, bhuel seo rud nach bhfuil ar eolas ag mórán daoine: is é stat Colorado an t‑ochtú stát is mó i SAM agus é 103,729 míle cearnach ar achar – sin níos mó ná Eacuadór!

Is le the Nature Conservancy in Colorado Zapata Ranch in aice le Alamosa, agus déanann muintir Phillips, teaghlach rainseoireachta den tríú glúin, é a bhainistiú.

Rainse 103,000 acra do bhíosúin agus cuairteoirí é atá lonnaithe ar oirthear an San Luis Valley i ndeisceart Colorado. Tá an Great Sand Dunes National Park and Preserve taobh leis, an pháirc náisiúnta is nuaí sna Stáit Aontaithe. Tá féarach gaineamhlaigh ard (8,000 troigh), foraoisí alpacha agus bogaigh a mheallann gach saghas fiadhúlra ar cheann de na tírdhreacha is ilghnéithí ó thaobh na héiceolaíochta de i SAM, agus is ann a chónaíonn na mílte fia mór, bíosún, fia, cadhóit, éan agus go leor speicis eile.

I ndiaidh dúinn eitilt go Denver le American Airlines, fuaireamar carr ar cíos agus thiomáineamar ar feadh cúig huaire trí chuid den tírdhreach is deise dá bhfaca mé riamh go dtí gur shroicheamar rainse cuairteoirí Zapata. Bainistíonn Zapata tréad de 2,500 bíosún agus na céadta bó, a dhíolann siad ar mhargaí tráchtála agus ar mhargaí d'eallaigh a itheann féar / a itheann féar ag deireadh a saoil. Mar gheall ar chóras bainistíochta an rainse, oibríonn siad mar d'oibreodh rainse na céadta bliain ó shin, agus ní chuireann daoine isteach mórán ar chor ar bith ar na hainmhithe ná ar an talamh. Chuige sin déanann siad iarracht an talamh a bhainistiú i mbealach a dhéanamh aithris ar phátrúin nádúrtha innilte, atá ann leis na mílte bliain ar an bhféarach gaineamhlaigh ard.

Chomh maith le Zapata a rith mar rainse d'eallaigh, cuirtear clár cuimsitheach ar fáil inar féidir le cuairteoirí taithí forleathan agus oideachasúil a fháil ar rainseoireacht, ar mharcachas, agus ar chleachtais chaomhnaithe, fad is a bhaineann siad taitneamh as lóistín den scoth agus as bia blasta.

Nuair a shroicheann tú an rainse, beidh cúrsa ionduchtaithe agat le duine de na wranglers (buachaill/cailín bó) agus measfaidh siad do chumas marcaíochta agus an cineál eispéiris atá uait ón tseachtain. De ghnáth, chaithfeá an lá ag marcaíocht ar chapall, ag bogadh eallaí agus ag oibriú leo, ag forbairt scileanna láimhsithe capall agus marcaíochta, agus ag baint sult as na céadta míle acra de thírdhreach álainn.

Toisc nach raibh mise ag marcaíocht, ghlac mé páirt i gclár fairsing a bhain le fánaíocht léiritheach, grianghrafadóireacht, faire ar éin agus ar fhiadhúlra eile, agus eolas ar gheolaíocht agus ar éiceolaíocht an San Luis Valley. Tháinig amhránaí áitiúil ceolta tuaithe ar cuairt ar an rainse cúpla oíche agus bhí an‑áthas orainn bheith i gcuideachta Fred Hargrove. Thug Fred cuireadh dom dul ar thuras ar an Rio Grande Scenic Railway go La Veta. Seinneann Fred agus slua mór amhránaithe eile ceolchoirmeacha saor in aisce 10,000 troigh thuas sna sléibhte dá lucht leanúna díograiseach. Téann tú ar an traein ardscéimhe ar maidin, itheann tú lón agus éisteann tú le ceol tíre agus ansin síos leat arís tríd an tuath iontach. Eagraítear na ceolchoirmeacha – nach féidir dul chucu ach ar an traein – le linn an tsamhraidh Dé hAoine, Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh, agus amhránaithe tíre, bluegrass agus buachaillí bó is mó a chanann ann. Má tá tú ina bhfoisceacht ar chor ar bith, téigh ann. Feic www.coloradotrain.com.

Cábán adhmaid iartharach traidisiúnta a úsáidtear don lóistín in Zapata. Tá troscán agus maisiúchán galánta ann agus tá trealamh d'ardchaighdeán iontu. Tá cúpla cábán adhmaid ann; tá ceann amháin chomh mór le teach atá oiriúnach do ghrúpaí agus tá a bhformhór lonnaithe i ngarrán crann pobail. Tá halla bia, seomra léitheoireachta agus cistin sa phríomhfhoirgneamh. Níl aon teilifíseáin sa rainse, ach glac uaimse é ní aireoidh tú uait iad. Tá Wi‑Fi saor in aisce ann áfach má theastaíonn uait dul i dteagmháil leis an saol mór arís.

Réitigh Mike Rosenberg, ár bpríomhchócaire cáiliúil a bhfuil an‑chlú air, bricfeasta, lón pacáilte agus dinnéar gach lá. Bhí an táirge siúlach nádúrtha is mó, an bíosún, ann go minic don bhéile, stéigeacha blasta, easnacha droma, sailéid, agus fíorbhricfeasta Meiriceánach, a bhí maith go leor do lá buachaill bó ar bith, a phancóga solamaracha fraocháin agus milseoga iontacha, iad ar fad ar fáil le líomanáid fhuaraithe líomóide agus gránúill a rinneadh ag an mbaile. Bhí M&Ms agus piseanna talún ar fáil i gcónaí, ar mhaithe leis na handúiligh seacláide ar fad!

Is féidir le lá ar an rainse a bheith an‑ghnóthach nó breá suaimhneach, fút féin atá sé. D'fhéadfá dul síos chuig an loc agus grúmaeireacht a dhéanamh ar do chapall leis na wranglers ag 0645 nó fanacht sa leaba agus dul síos tar éis an bhricfeasta, nuair a bheidh do chapall ullmhaithe acu do lá marcaíochta.

Tá sé deacair cur síos a dhéanamh ar chomh hiontach is atá sé dul ag siúl, ag spaisteoireacht nó ag marcaíocht sna mílte acra de rainse caomhnaithe neamh‑mhillte, agus ní féidir le pictiúir fiú oille ollmhór an tírdhreacha álainn seo a léiriú, áit é cinnte a chaithfear a fheiceáil chun léirthuiscint iomlán a fháil air. Tá an ceantar thart ar an rainse iontach, tá an lóistín thar cionn agus níl sárú an bhia le fáil, ach is iad na daoine a oibríonn ann a dhéanamh áit iontach speisialta de Zapata. Caitheann Julie, Tess, Danielle, Grace, agus na wranglers eile an‑dua gach lá ag cinntiú go bhfuil saoire iontach nach ndéanfar dearmad go brách uirthi ag na cuairteoirí.

Do mhuintir Zapata, níl an iomarca anró ag baint le haon cheo. Ba é an buaicphointe do mo bhean chéile agus do m'iníon cabhrú le 400 eallach a bhogadh seacht míle go féarach nua ar an taobh eile den San Luis Valley. Díreach mar a d'fheicfeá sna scannáin faoi bhuachaillí bó, bhreathnaigh mé ar na wranglers, mo bheirt féin san áireamh, ag tréadaíocht bó, ar cosa in airde trí na scamaill deannaigh chun na beithígh a bhí ar strae a chruinniú agus iad a thabhairt chuig an uisce.

Iontach, ba é seo a mbrionglóid Mheiriceánach i ndáiríre.

Níl Zapata saor, ach tá an‑luach ar airgead ag baint lena bhfaigheann tú.

Cosnaíonn sé $1995 ar 7 n‑oíche, $1565 ar 5 oíche agus $985 ar 3 oíche. Ach ná déan dearmad go bhfuil lóistín atá thar barr, bia blasta, go leor taithí marcaíochta den chéad scoth, tírdhreach álainn agus teagasc ó shaineolaithe san áireamh leis sin, mar sin is fiú go mór é. D'fhan mé 7 n‑oíche in Zapata Ranch i mí Iúil 2012. D'eitil mé ann le cúnamh ó American Airlines (www.aa.com) go Denver via Chicago ó Bhaile Átha Cliath. Toisc go ndeachaigh mé tríd an gcóras inimirce i mBaile Átha Cliath, bhí m'aistriú go Denver i bhfad níos fearr. Tá Zapata Ranch (www.zranch.org) lonnaithe in 5305 State Highway 150 • Mosca, Colorado 81146 • (719) 378‑2356 • (888) 5‑ZAPATA.

Suirbhé

An mbeidh tú ag glacadh páirte i Seachtain na Gaeilge?



Torthaí

Twitter