Foinse

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Dé Sathairn 24 Meán Fómhair 2011

RSS

TÁ TÚ ANSEO Gnéithe Taisteal Co. an Chláir - Bain sult as an saol

Co. an Chláir - Bain sult as an saol

Ríomhphost Priontáil PDF
Eispéireas Cuairteora ag Aillte an Mhothair
Lios Ceannúir, Co. an Chláir
Guthán: 065 7086141
Suíomh Gréasáin: www.cliffsofmoher.com

Is iomaitheoir oifigiúil iad sa chomórtas ceannais den chomórtas idirnáisiúnta Seacht nIontas an Nádúir. Os cionn chósta iarthar an Chláir, tá na hAillte ocht gciliméadar ar fad agus 214 méadar os cionn an Aigéin Atlantaigh.

Ó imeall na n-aillte, is féidir an choilíneacht is mó d’éanlaith mhara ar mhórthír na hÉireann a fheiceáil. Ag an bpointe is airde de na hAillte, is féidir cuairt a thabhairt ar Thúr Uí Bhriain, agus an staighre bíse a dhreapadh chun an radharc iontach a fheiceáil. Má bhíonn drochaimsir agat, is fiú am a chaitheamh ag an Taispeántas Atlantic Edge ina n-insítear scéal Aillte an Mhothair, le foilseáin idirghníomhacha agus láithreoireachtaí físe.


Caisleán Bhun Raite agus Daonpháirc Bun Raite, Co. an Chláir
Guthán: 061 360788
Suíomh Gréasáin: www.shannonheritage.com

Lonnaithe ar 26 acra d’fhearann páirce, tá Caisleán agus Daonpháirc Bhun Raite ag feitheamh ar chuairt uait. Sa Daonpháirc, a thagann ón 19ú hAois, tá níos mó ná 30 foirgneamh ó stair thuaithe na hÉireann lena n-áirítear muileann uisce, teach pobail, sráid ó shráidbhaile, garraí daingean, clós súgartha, agus tá ainmhithe éagsúla feirme ann chomh maith.

San oíche, bíonn féastaí Meánaoiseacha á reáchtáil ag Caisleán Bhun Raite ó cheann ceann na bliana, agus bíonn Oíche Thraidisiúnta Éireannach ar siúl sa Dhaonpháirc ó Mhí Aibreáin go Mí Dheireadh Fómhair. Caithfear spásanna a chur in áirithe roimh do na himeachtaí seo.


Tonnmharcaíocht do gach aois
Cósta Chontae an Chláir
Suíomh Gréasáin: www.surfschool.tv
www.lahinchsurfschool.com
www.greenroomlahinch.com

Tá roinnt scoileanna tonnmharcaíochta formheasta i gContae an Chláir. Bain taitneamh as ceachtanna le teagascóirí cáilithe ag roinnt tránna a bhfuil bratach ghorm acu sa chontae, lena n-áirítear Leacht Uí Chonchubhair, Rinn na Spáinneach agus Fánóir.

Do mharcaigh toinne a bhfuil an-chuid taithí acu, tá líon maith deiseanna ar fáil dóibh chun tránna folmha agus sceireacha iontacha a aimsiú. Freisin tá roinnt soláthróirí lóistín a chuireann fáilte roimh mharcaigh toinne sa cheantar. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach ar www.clare.ie.


Turais Threoraithe ar Inis Cealtra
Baile Uí Bheoláin, Co. an Chláir
Guthán: 086 8749710
Suíomh Gréasáin: www.eastclareheritage.com

Tabhair cuairt ar Inis Cealtra ar Loch Deirgeirt, ceann de na suíomhanna manachúla is cáiliúla in Éirinn. San áireamh sna nithe is díol spéise do dhaoine, tá Cloigtheach atá coinnithe go maith; roinnt tithe pobail agus ar roinnt de na hinscríbhinní is sine de mharcanna trí Ghaeilge.

Bain sult as turas báid ón ché phictiúrtha i mBaile Uí Bheoláin agus as turas mar gheall ar stair, seandálaíocht, agus béaloideas Inis Cealtra le treoraithe áitiúla a bhfuil taithí acu. Is féidir taitneamh a bhaint as roinnt iascaireachta ar Loch Deirgeirt. Tabharfar an trealamh riachtanach agus leideanna áitiúla duit chun a chinntiú go mbeidh gabháil de bhric úra agat.


Turais Bháid chun féachaint ar Dheilfeanna
Inbhear na Sionainne
Suíomh Gréasáin: www.dolphinwatch.ie
www.discoverdolphins.ie

Bain triail as turas báid ar Inbhear na Sionainne (Limistéar Caomhantais Speisialta) agus braith grúpa de níos mó ná 100 deilf bholgshrónach ina ngnáthóg nádúrtha, an t-aon ghrúpa dá leithéid in Éirinn, a bhfuil eolas orthu.

Ina dhiaidh sin, bain sult as siúlóid trí Bhaile Oidhreachta Chill Rois, nó tiomáint chósta timpeall Leithinis Cheann Léime ina mbíonn míolta móra, deilfeanna agus gainéid ag tumadóireacht le feiceáil ó Rinn na Leithinse, le taobh an chósta.

Tabhair cuairt ar Theach Solais Cheann Léime, áit iargúlta a chuireann siúlóidí aillte ar fáil le roinnt de na radhairc chósta is drámata ar chósta iarthar na hÉireann.



Siúl agus Rothaíocht i gContae an Chláir
Ar fud Chontae an Chláir
Suíomh Gréasáin: www.clare.ie
www.shannonregiontrails.ie

Tar éis vóta a fháil mar cheann de na deich n-áit is fearr ar domhan sa treoir Best in Travel 2010 de chuid Lonely Planet, is áit idéalach é Contae an Chláir chun saoire rothaíochta a bheith agat.

Dar leis an treoir, tá an bealach idir Sráid na Cathrach agus Dúlainn ar an liosta le naoi mbealach eile ó Vítneam go dtí an Nua-Shéalainn. Tá roinnt roghanna chun rothar a fháil ar cíos, tríd an gContae, lena n-áirítear mol rothaíochta i nDúlainn a chuireann ceithre bhealach nua rothaíochta ar fáil, ar fhaid éagsúla.

Níl slí níos fearr chun tírdhreach iontach Chontae an Chláir a fheiceáil ná siúl. Tógann siúlóidí éagsúla trí roinnt de na ceantair is áille sa Chontae thú.


Péintéireacht Thírdhreacha ‘en plain air’
Lios Dúin Bhearna, Co. an Chláir
Guthán: 065 7074208
Suíomh Gréasáin: www.burrenpaintingcentre.com

Más rud é go bhfuil fonn ort triail a bhaint as do chuid scileanna cruthaíochta, tabhair cuairt ar Ionad Péintéireachta Bhoirne chun péintéireacht a fhoghlaim.

Tá pacáistí saoire phéintéireachta ar feadh dhá lá ar fáil ar chostas ó €205 ar aghaidh, lena n-áirítear lóistín ar feadh dhá oíche, béile sa tráthnóna, agus dhá lá de phéintéireacht thírdhreacha i lár radhairc áille Bhoirne.

Agus tú suite i lóistín éiceabhách Uí Néill i Lios Dúin Bhearna, gheobhaidh tú fíorfháilte an Chláir. Cabhróidh na háiseanna sa stiúideo agus na teagascóirí leat chun pictiúr de na radhairc dhraíochta ó thírdhreach iontach Bhoirne agus na radhairc spreagúla chósta, a dhéanamh.

Bíonn cúrsaí ar fáil idir mí an Mheithimh agus mí Lúnasa.


Turais Siúlóide Inse
Inis, Co. an Chláir
Suíomh Gréasáin: www.enniswalkingtours.com
www.visitennis.ie

Stair, miotaseolaíocht, finscéalta, taibhsí, bochtaineacht, dúnmharuithe, agus eile... Soláthraíonn Turais Siúlóide Inse siúlóidí treoraithe siamsúla trí bhaile stairiúil Inse.

Tabharfaidh treoraithe a bhfuil taithí acu, trí na sráideanna casta agus na boghanna den bhaile tú, atá lán d’atmaisféar, agus iad ag taispeáint na ngnéithe is suimiúla agus na scéalta a chruthaigh a chuid staire duit. Tá na turais seo oiriúnach do dhaoine de gach aois.

Agus tú ag fiosrú bhaile Inse, gheobhaidh tú tuiscint ar na fáthanna a bhfuil clú agus cáil Inse ag fás mar ‘Boutique Capital of Ireland’.


Spóirt Eachtraíochta Allamuigh sa Chlár
Ar fud Chontae an Chláir
Suíomh Gréasáin: www.ulac.ie
www.burrenoec.com

neart deiseanna i gContae an Chláir chun páirt a ghlacadh i spóirt eachtraíochta d’ardchaighdeán in áitribh shaintógtha. Cuireann Ionad Oideachais Allamuigh Bhoirne oideachas allamuigh cónaithe saintógtha ar fáil lena n-áirítear uaimheadóireacht, cadhcáil, rópadóireacht anuas, agus siúl sléibhe.

Is féidir gach clár a chur in oiriúint do do leibhéal agus suim. Agus tá an tIonad Gníomhaíochta de chuid Ollscoil Luimnigh ina shainteagascóir ar spórt uisce, clársheoltóireacht, bádóireacht dhragain agus ar chadhcáil, gan dearmad a dhéanamh ar bhoghdóireacht, ar threodóireacht, agus ar rópaí arda agus ísle den scoth.


Ionad Éin Creiche agus Oideachais Bhoirne
Baile Uí Bheacháin, Co. an Chláir
Guthán: 065 7077036
Suíomh Gréasáin: www.birdofpreycentre.com

In ionad Éin Creiche agus Oideachais Bhoirne, atá lonnaithe i bPluaiseanna na hAille Buí, tá an bailiúchán is mó d’éin chreiche sa tír — iolair, seabhaic, fabhcúin agus ulchabháin. Tugann éanlanna atá oscailte chun tosaigh deis chun na héin iontacha seo a fhaire go géar.

Is annamh a bhíonn deis ar fáil chun speicis a fheiceáil agus iad ag saorthitim, agus tugann na taispeántais eitilte an deis seo duit. Caith lá ann, agus glac an deis chun cuairt a thabhairt ar Phluais den scoth agus na siopaí ina mbíonn cáis Burren Gold ar díol.

Twitter

 
Foinse Iarracht ar bun cosc a chur le dallóga fuinneoige le cordaí - http://t.co/vAvroZGb - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie gaeilge
About 7 hours ago
 
Foinse Róchaiteachas ollmhór i gceist sa tseirbhís sláinte - http://t.co/oMfiO3jV - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie gaeilge
About 7 hours ago