Foinse

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Dé hAoine 13 Aibreán 2012

RSS

TÁ TÚ ANSEO Gnéithe TG4 Áine Lally: Nuacht TG4

Áine Lally: Nuacht TG4

Cárb as duit?
Rugadh ar an Spidéal i nGaillimh mé ach chaith mo mhuintir roinnt blianta sna Forbacha agus in Indreabhán i gConamara. Tá mo mhuintir ar an Spidéal le beagnach 25 bliain anuas.

Cá ndeachaigh tú ar an gcoláiste?
D'fhreastail mé ar Choláiste Chroí Mhuire sa Spidéal, ar Ollscoil Londan agus rinne mé cúrsaí trí Ollscoil Luimnigh agus Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe agus Mhaigh Eo chomh maith.

Rinne mé staidéar ar chúrsaí cumarsáide agus iriseoireachta trí mheán na Gaeilge agus an Bhéarla. Chaith mé bliain ag staidéar ar chúrsaí aclaíochta freisin. Thaitin sé sin go mór liom.

Cén chaoi a bhfuair tú an post mar iriseoir?
Thosaigh mé ag obair le Nuacht RTÉ/TG4 roinnt blianta ó shin. Chuir mé isteach ar phost leo agus bhí an t-ádh orm go bhfuair mé é.

Bhí mé ag obair leis an stáisiún raidió Galway Bay FM sular thosaigh mé le Nuacht TG4/RTÉ. Chaith mé bliain ag obair mar iriseoir ar Nationwide, ar RTÉ chomh maith.

Cén chomhairle a thabharfá do dhéagóirí a mbeadh suim acu a bheith ina n-iriseoirí?
Neart léitheoireachta (nuachtáin, leabhair, srl.) a dhéanamh. Tabhairt faoin scríbhneoireacht freisin, is cuma cén t-ábhar é.

Cé hé/hí do laoch?
Tá go leor laochra agam. Mo mháthair Bríd agus m’athair Máirtín, is dóigh, mar gheall ar a bhfuil bainte amach acu. Tá an-mheas agam ar an dream uile a dhéanann obair charthanachta agus dheonach.

Cén caitheamh aimsire is fearr leat?
Is maith liom am a chaitheamh san ionad aclaíochta in Ollscoil na hÉireann Gaillimh, bheith ag freastal ar choirmeacha ceoil thraidisiúnta le mo chairde agus bheith ag léamh.

Suirbhé

Ar cheart ainmhithe móra cosúil le heilifint a úsáid ar mhaithe le siamsaíocht go fóill?




Torthaí

Twitter

 
Foinse Bean rialta cúisithe as leanaí a ghoid sa Spáinn - http://t.co/wiPqtsk2 - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie gaeilge
About 12 hours ago
 
Foinse Triúr maraithe agus go leor eile gortaithe de bharr stoirmeacha cloichs - http://t.co/T44PdiIY - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie gaeilge
About 12 hours ago