Foinse

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Dé hAoine 13 Aibreán 2012

RSS

TÁ TÚ ANSEO Gnéithe TG4 Fionnuala Ní Fhlatharta: Berni i Ros na Rún

Fionnuala Ní Fhlatharta: Berni i Ros na Rún

Cárb as tú?
Is ón gCeathrú Rua mé ach tá mé i mo chónaí ar an Spidéal anois le roinnt blianta.

Cá ndeachaigh tú ar an gcoláiste?
D’fhreastail mé ar an Ollscoil i nGaillimh.

Cén chaoi a bhfuair tú an post mar aisteoir?
A fhad is a bhí mé san ollscoil bhí mé páirteach sa gCumann Drámaíochta. Mar sin nuair a bhí Ros na Run ag tosú, iarradh orm dul le haghaidh éisteachta agus d’éirigh liom!

Aisteach go leor, ba é páirt an charachtair Yvonne Brennan a tugadh dom ar dtús ach mar gheall nach raibh siad in ann aisteoir le canúint Chonamara a fháil chun páirt a dearthár Robbie a dhéanamh, tugadh páirt Bherni dhom.

Maith an scéal — mar tá na carachtair Yvonne agus Robbie araon imithe as an tsraith anois ach tá Berni fós ann!

Cén chomhairle a thabharfá do dhéagóirí a mbeadh suim acu a bheith ina n-aisteoirí?
Tá sé tábhachtach ceird de shaghas éigin eile a bheith agat freisin, ar nós na múinteoireachta, mar níl dóthain oibre ann chun na haisteoirí uile atá ar fáil a chothú.

Ach é sin ráite, más é mian do chroí é, bí dílis agus díograiseach agus níl fáth ar bith nach n-éireodh leat.

Cé hé/hí do laoch?
Ní bheadh aon laoch agam i ndáiríre, ach bheadh mórmheas agam ar dhuine ar bith a sheasann go bródúil ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta. Tá roinnt acu fós thart!

Cén stíl faisin is fearr leat?
Timpeall an tí is jíons agus t-léinte a chaithim ach nuair a théim amach, is maith liom gúna rúitín a chaitheamh nó gúna gearr de stíl Carrie ar Sex and the City.

Is breá liom mo chuid buataisí faoi láthair, ach tá an tsáil i bhfad ró-ard orthu! Is breá liom bróga sál ard — cé nach maith le mo dhroim iad!

Cén caitheamh aimsire is fearr leat?
Is breá liom cispheil a imirt. Tá mé á himirt anois leis na blianta. Is iontach an spórt í le haghaidh aclaíochta agus bíonn píosa craic agam leis na himreoirí eile ag traenáil.

Ach is breá liom dul amach ag siúl liom féin chomh maith. Níl tada níos fearr ná siúlóid fhada ar an trá tar éis lá fada.

Suirbhé

Ar cheart ainmhithe móra cosúil le heilifint a úsáid ar mhaithe le siamsaíocht go fóill?




Torthaí

Twitter

 
Foinse Bean rialta cúisithe as leanaí a ghoid sa Spáinn - http://t.co/wiPqtsk2 - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie gaeilge
About 12 hours ago
 
Foinse Triúr maraithe agus go leor eile gortaithe de bharr stoirmeacha cloichs - http://t.co/T44PdiIY - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie gaeilge
About 12 hours ago