Foinse

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Dé hAoine 13 Aibreán 2012

RSS

TÁ TÚ ANSEO Gnéithe TG4 Brian Tyres: Tráchtaire Spóirt TG4

Brian Tyres: Tráchtaire Spóirt TG4

Brian Tyres Tráchtaire Spóirt TG4

Cárb as tú?
Is as baile an Easpaig i gCorcaigh mé.

Cá ndeachaigh tú ar an gcoláiste?
D’fhreastail mé ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh.

Cén chomhairle a thabharfá do dhéagóirí a mbeadh suim acu a bheith mar thráchtaire spóirt?
Tráchtaireacht — ná bí ag caitheamh anuas ar imreoirí — is imreoirí amaitéaracha iad. Bíodh do stíl féin agat.

Ní gá cur síos a dhéanamh ar gach rud — tá radharc ag na daoine sa bhaile! Bain taitneamh as — tá an suíochán is fearr sa staid agatsa!

Cé hé/hí do laoch?
Jimmy Barry-Murphy ó Chorcaigh sna camáin agus Mikey Sheehy ó Chiarraí sa pheil agus mé ag fás aníos sna seachtóidí agus ochtóidí. Ach thar aon duine eile b’fhéidir, Seán Kelly, an rothaí as Carraig na Siúire.

Ba ghlórmhar sa rothaíocht d’Éirinn é 1984-1995 agus ba é Kelly an rí! Fear a bhí chomh crua le carraig ba ea é agus é áirithe mar uimhir 1 sa domhan ar feadh 4-5 bliana.

Cén caitheamh aimsire is fearr leat?
Ag féachaint ar spórt ar an teilifís agus ag imirt gailf — bhí mé go maith chuige tráth dá raibh!

Suirbhé

Ar cheart ainmhithe móra cosúil le heilifint a úsáid ar mhaithe le siamsaíocht go fóill?




Torthaí

Twitter

 
Foinse Bean rialta cúisithe as leanaí a ghoid sa Spáinn - http://t.co/wiPqtsk2 - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie gaeilge
About 12 hours ago
 
Foinse Triúr maraithe agus go leor eile gortaithe de bharr stoirmeacha cloichs - http://t.co/T44PdiIY - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie gaeilge
About 12 hours ago