Foinse

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Dé hAoine 13 Aibreán 2012

RSS

TÁ TÚ ANSEO Gnéithe TG4 Linda Bhreathnach: Róise i Ros na Rún

Linda Bhreathnach: Róise i Ros na Rún

Cárb as tú?
Is as Ros Muc mé. Mar sin tugtar Pocaide orm go háitiúil! Chaith roinnt mhaith daoine spéisiúla am i Ros Muc, ina measc Pádraig Mac Piarais agus Pádraic Ó Conaire.

Cá ndeachaigh tú ar an gcoláiste?
Tá mé fos ag freastal ar Ollscoil na hÉireann Gaillimh. Is breá liom é, ceann de na rudaí is fearr a rinne mé riamh.

Cén chaoi a bhfuair tú an post mar aisteoir?
Bhíodh mé i ndrámaí ar scoil agus le Pléaráca Chonamara nuair a bhí mé óg agus fuair mé taithí mhaith leo sin. Chomh luath is a bhí mé críochnaithe ar scoil bhí an t-ádh orm post a fháil i Ros na Rún. Is ansin a fuair mé taithí cheart ghairmiúil agus an misneach a choinneáil leis.

Cén chomhairle a thabharfá do dhéagóirí a mbeadh suim acu a bheith mar aisteoir?
Bí páirteach i ndrámaí ar scoil nó sa choláiste. Gheobhaidh tú cleachtadh agus taithí as sin a chuideoidh go mór leat nuair a thosóidh tú ag glaoch ar chompántais agus ar chomhlachtaí ag iarraidh éisteachtaí. Coinnigh do mhisneach!

Cé hé/hí do laoch?
Gan dabht mo mháthair agus m’athair. Oibríonn siad go dian chuile lá den bhliain ach fós bíonn gáire agus spraoi acu le chéile agus linne. Laoch eile é m’uncail Stephen mar go bhfuil meon iontach aige agus é chomh lách le chuile dhuine.

Cén stíl faisin is fearr leat?
Is maith liom vintage agus rudaí banúla ach i ndáiríre níl aon stíl ar leith is fearr liom.

Cén caitheamh aimsire is fearr leat?
Is maith liom a bheith ag marcaíocht ar chapaill agus a bheith amuigh faoin aer.

Suirbhé

Ar cheart ainmhithe móra cosúil le heilifint a úsáid ar mhaithe le siamsaíocht go fóill?




Torthaí

Twitter

 
Foinse Bean rialta cúisithe as leanaí a ghoid sa Spáinn - http://t.co/wiPqtsk2 - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie gaeilge
About 12 hours ago
 
Foinse Triúr maraithe agus go leor eile gortaithe de bharr stoirmeacha cloichs - http://t.co/T44PdiIY - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie gaeilge
About 12 hours ago