Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Dé Domhnaigh 10 Feabhra 2013

RSS

TÁ TÚ ANSEO Gnéithe TG4 Pádraic Ó Cúinn - Tráchtaire ar Tour de France 2010

Pádraic Ó Cúinn - Tráchtaire ar Tour de France 2010

Cárb as tú?

Indreabhán, Co. na Gaillimhe.

Cén fáth gur chuir tú suim sa rothaíocht?

Bhí suim agam sa rothaíocht i gcónaí, mar bhí mé i mo chónaí os cionn dhá mhíle ón mbaile ba ghaire agus bhí mé féin agus mo dheartháir ar na rothair i gcónaí.

Cén chomhairle a thabharfá do dhéagóirí a mbeadh suim acu a bheith mar thráchtairí spóirt?

Ná bí róchrua ar na rothaithe aitheanta. Is daoine maithe a bhformhór!

Cén chaoi a bhfuair tú an post mar thráchtaire?

Mar gheall ar mo chúlra le rothaíocht, ag rásaíocht go hidirnáisiúnta ar feadh seacht mbliana agus le teacht an Tour de France go TG4, is breá liom é.

Thug mo leathbhádóir Páidí Ó Lionáird go leor cúnaimh dom le cúrsaí tráchtaireachta agus tá a chuid rothaíochta siúd feabhsaithe go mór freisin, sílim.

Cé hé/hí do laoch?

Lance Armstrong, mar gheall ar gach a ndearna sé trí Livestrong agus an meas a thuill sé don rothaíocht, atá anois ‘cool’ ar bhealach nach raibh roimhe seo.

Cén caitheamh aimsire is fearr leat?

Tá mé sásta ag déanamh aon chineál spóirt le cairde, go speisialta ar an bhfarraige, amuigh ar an suaimhneas agus, dar ndóigh, ag rothaíocht.

Suirbhé

Tá formhór na n-athruithe a fógraíodh i mBuiséad 2013 i bhfeidhm anois ó thús na bliana. An bhfuil tionchar na n-athruithe le tabhairt faoi deara go láidir go fóill dar libh?




Torthaí

Twitter