Cárb as tú?
Rugadh agus tógadh sa Spidéal mé.
Cá ndeachaigh tú ar an gcoláiste?
D’fhreastail mé ar GMIT ar feadh ceithre bliana le céim BA i mBainistíocht Óstán agus Lónadóireacht.
Ansin chaith mé bliain in Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, Gaillimh leis an gCúrsa Cumarsáide Fheidhmeach.
Cén chaoi a bhfuair tú an post mar aisteoir?
Tar éis m’Ard-Dioplóma a bhaint amach, chuir mé isteach ar phoist le TG4. Bhí Ros na Rún iad féin ag cuardach agus rinne mé éisteacht leo. D’éirigh liom!
Cén chomhairle a thabharfá do dhéagóirí a mbeadh suim acu a bheith mar aisteoirí?
Coinnigh leis — is post iontach é, cé nach féidir brath ar. Bíodh rud éigin eile agat. Má fhaigheann tú an deis dul chuig coláiste, glac leis agus déan do dhícheall.
Cé hé/hí do laoch?
Níl aon laoch faoi leith agam. Tá meas agam ar go leor daoine. Téann daoine difriúla i bhfeidhm orm ag uaireanta éagsúla i mo shaol.
Cén stíl faisin is fearr leat?
Taitníonn go leor stíleanna faisin liom ó Jackie O go Kate Moss. Bíonn séasúir níos deise ná a chéile. Uaireanta níl uaim ach jíons!
Cén caitheamh aimsire is fearr leat?
Is breá liom bheith ag siúl. Nuair a bhíonn deis agam glacaim páirt i ranganna aclaíochta agus ióga. Is breá liom casadh le cairde le haghaidh béile agus deoch chomh maith céanna.


