Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Dé Domhnaigh 10 Feabhra 2013

RSS

TÁ TÚ ANSEO Gnéithe TG4 Na Cláir is fearr an tSeachtain seo...

Na Cláir is fearr an tSeachtain seo...

 

Canúintí Ceoil  Anocht, 21.00
Fear Manach: “Tá na foinn nach mbíodh le cloisteáil ach amháin i bhFear Manach tráth le cloisteáil ar fud an domhain anois” a deir Gary Hastings linn ar Chanúintí Ceoil na seachtaine seo.
Pléifidh sé traidisiún agus stíl cheoil Chontae Fhear Manach le leithéidí Bríd Donnelly, Séamus Quinn agus Jim McGrath ar an seó anocht.

 

Fosters Home For Imaginary Friends Dé Domhnaigh, 10.10

Beidh dhá chlár “Fosters Home For Imaginary Friends” á gcraoladh ar an Domhnach ar Cúla4.
Nuair a chasann Mac ar chailín óg darb ainm Goo, tosaíonn sí ag tabhairt cuairt air i Fosters gach lá. Samhlaíonn sí go leor cairde samhailteacha agus ní bhíonn áit do na cairde eile!
Tá an-dúil ag an Uasal Herriman i meacain dhearga. Ní bhíonn fonn ar Bloo bia Frankie a ithe.

 

Rásaí na Gaillimhe Dé Domhnaigh, 22.30

Déanann an tAire Keane agus a thiománaí Creed deifir chuig na rásaí. Bíonn an traenálaí Noel Lacey in achrann lena mharcach Liam Reilly faoin tslí le rith a bhaint as an gcapall is fearr aige.
Cuireann Sinéad agus Eamonn plean i dtoll a chéile chun na fiacha móra atá orthu a íoc agus faigheann an geallghlacadóir Eoin Boland faoi réir don tseachtain is gnóthaí sa bhliain.

 

Garraí Glas Dé Luain, 20.00

Tá polytunnel mór i ngarraí Phádraig Uí Thuairisc ar Inis Mór ina gcuireann sé gach cineál glasra — cinn thraidisiúnta chomh maith le cinn nach mbeadh tú ag súil ar chor ar bith leo, cosúil le hanann agus le mealbhacán!
Casann Síle le hÉanna Ní Lamhna, a insíonn dúinn faoi fheithidí sa gharraí.

 

An Samhradh Linn Dé Máirt, 20.30

Dún na nGall: Is ar Ghleann Cholm Cille agus ar an bhFál Carrach i dTír Chonaill a thabharfaidh clár nua irise agus ceoil TG4, An Samhradh Linn, aghaidh an tseachtain seo. Cuirfidh Síle Ní Bhraonáin seó spraíúil spleodrach in bhur láthair ina dtabharfar léargas don lucht féachana sa bhaile ar an gceantar, ar na daoine, ar an mbia chomh maith leis an gcuid is fearr de cheol traidisiúnta na háite.Beidh Loretta Ní Ghabháin ag insint dúinn faoi na margaí bia ar fud na tíre.

 

Siar an Bóthar Amárach, 20.00

Clár speisialta chun Féile Willie Clancy, a bheidh ar siúl an tseachtain seo chugainn, a cheiliúradh, curtha i láthair ag Nioclas Ó Cearbhalláin.
Cuirtear síos sa chlár anocht ar an bhfidléir, Johnny McGreevy, as cathair Chicago ó dhúchas. Beidh mír againn de Johnny ar an gclár The Pure Drop.
Beidh mír chomh maith de Johnny ar an gclár céanna sa bhliain 1988, bhásaigh an fear bocht bliain ina dhiaidh sin.

 

Siar sna 60idí-196 Dé hAoine, 21.00

1962: Teacht an airgid dheachúlaigh go hÉirinn, cuairt ar Mhargadh Iveagh i mBaile Átha Cliath, na chéad Jacobs Awards, culaith éadaí nua do bhanóstaigh Aer Lingus, cuairt ar an Ideal Homes Exhibition agus comórtas Miss Ireland na bliana.

 

Cladaigh Chonamara Dé Sathairn, 20.10

Tugann Donncha agus Cillín aghaidh ar thúr a bhfuil aithne mhór air ar chósta Chonamara ach tarlaíonn tubaiste dóibh ar an mbealach. Tugann siad cuairt ar shaor bád chun caoi a chur uirthi.

 

Tour de France Beo Luan - Aoine, 13.10

Craoladh beo ar an tríú céim den Tour de France. Rachaidh na rothaithe as Olonne sur Mer go Redon, aistear 198km.
Is iad Páidí Ó Lionáird agus Pádraic Ó Cuinn a bheidh i mbun tráchtaireachta.

 

An Buille Amárach, 20.30
An Buille: Scannán bunaithe ar shaothar de chuid Liam Uí Fhlaithearta. De bharr fadhbanna airgid agus brú oibre, ní bhíonn cúrsaí go maith idir Éamonn agus a mhac Neidín. Ach ní bhíonn de rogha acu aon lá amháin ach an lá a chaitheamh i gcomhluadar a chéile.

 

 

Suirbhé

Tá formhór na n-athruithe a fógraíodh i mBuiséad 2013 i bhfeidhm anois ó thús na bliana. An bhfuil tionchar na n-athruithe le tabhairt faoi deara go láidir go fóill dar libh?




Torthaí

Twitter