Foinse

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Dé hAoine 06 Eanáir 2012

RSS

TÁ TÚ ANSEO Gnéithe TG4 Na Cláir is Fearr An tSeachtain Seo ar TG4...

Na Cláir is Fearr An tSeachtain Seo ar TG4...

 

Seó Spóirt Dé hAoine, 21.30

An tseachtain seo caithfidh Dara Ó Cinnéide agus a chuid aíonna, Seán Bán Breathnach ina measc, súil chun cinn ar Chluichí Ceathrú Ceannais na hÉireann.

Laochra Gael – Na Coimhlintí Amárach, 21.30

Baile Átha Cliath v an Mhí – 1986-1990: Sa chlár seo caithfear súil siar ar an gcoimhlint láidir a bhí idir Baile Átha Cliath agus an Mhí. Thug an dá fhoireann seo aghaidh ar a chéile i ngach uile Chluiche Ceannais Peile Laighean idir 1986 agus 1990. Beidh Seán Boylan, Tommy Carr, Brian Mullins agus Bernard Flynn ag glacadh páirte sa chlár.

Peil na mBan Beo Dé Luain, 14.00

Craoladh beo ar chluichí sa chéad bhabhta cáilithe de Chraobh TG4 i bPeil Sinsear na mBan. Is iad Brian Tyers agus Aonghus Ó hEochaidh a bheidh i mbun tráchtaireachta.

Ceiltigh agus Curachaí Dé Domhnaigh, 14.15

Clár faoi Fhéile Cheilteach bhliantúil in Louisiana.I bhfómhar na bliana 2006 a rinneadh an clár seo faoi fhéile in Louisiana a mheallann na mílte ag imeachtaí ceoil, ag taispeántais chultúir agus ag rásaí curach. Is é Danny O'Flaherty as Conamara a bhunaigh an fhéile seo ó chuir sé faoi in New Orleans os cionn cúig bliana déag ó shin. Caitheann an clár seo súil ar oidhreacht cheilteach an réigiúin agus ar cheiliúradh an lucht iomartha.

An Samhradh Linn Dé Máirt, 20.30

Is ar Áth Dara agus ar Fhaing i Luimneach a thabharfaidh clár nua irise agus ceoil TG4, An Samhradh Linn, aghaidh an tseachtain seo. Cuirfidh Síle Ní Bhraonáin seó spraíúil spleodrach in bhur láthair ina dtabharfar léargas don lucht féachana sa bhaile ar an gceantar, ar na daoine, ar an mbia agus ar mhargaí bia i gCo. an Chláir, chomh maith leis an gcuid is fearr de cheol traidisiúnta na háite.

Rásaí na Gaillimhe Dé Domhnaigh, 22.30

Bíonn Keane agus Creed ag iarraidh a oibriú amach cé atá ar an eolas faoina rún. Faigheann Aoife amach faoi Shinéad. Cuireann sí agallamh uirthi faoin oíche ar bhásaigh Liam. Cloiseann Noel drochscéala ag sochraid Liam agus bíonn sé réidh le héalú.

Margaret Malone Amárach, 19.30

Is í Margaret Malone as Indreabhán i gConamara a bheidh ag comhrá le láithreoir an chláir Máirtín Tom Sheáinín an seachtain seo. Cloisfimid faoin siopa a bhí ag a muintir agus na scéalta suimiúla atá aici. Tá scéalta barúla agus brónacha ag Margaret.

Glór Tíre: Rogha agus Togha Anocht, 22.30

Beidh scoth an cheoil tíre ar chlár na hoíche anocht. I measc na gceoltóirí beidh Mike Denver, James Quinn, Tony Stevens agus Shaun Loughrey.

SUIRBHÉ AR LÍNE

Cé chomh minic is a úsáideann tú an Ghaeilge?





Torthaí

Twitter

 
Foinse Beidh Foinse ar fáil sna siopaí amarach. Beidh an chéad eagrán eile amuigh ar an 11 Eanáir. Nollaig Shona. gaeilge http://t.co/KU8gtoKI
Dé Máirt, 20 Nollaig 2011 21:54
 
Foinse Fear aimsithe marbh i dTeach Cúirte Chnoc Seimre - http://t.co/4qNqMCEM - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie gaeilge
Dé Máirt, 20 Nollaig 2011 21:25