Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Dé Domhnaigh 10 Feabhra 2013

RSS

TÁ TÚ ANSEO Gnéithe TG4 Na Cláir is Fearr An tSeachtain Seo ar TG4

Na Cláir is Fearr An tSeachtain Seo ar TG4

Cócaireacht na Seachtaine

Bean an Tí sa Chistin

Anocht 20.00

Seo é! An babhta ceannais! Tabharfaidh Miséil De Grás aghaidh ar Bernadette Ní Chadhain i mbabhta ceannais Bean an Tí sa Chistin 2012. Beidh an bheirt ar a ndícheall an duais deireadh seachtaine i Scoil Cócaireachta Ballymaloe a bhuachan chomh maith le dearbhán €1000 i siopa earraí tí Anthony Ryan. Beidh a ndóthain le déanamh ag an seisear moltóirí, seisear Gaeilgeoirí, an béile is fearr a roghnú!

 

Ceol na Seachtaine

Réaltaí Cheol Tíre

Anocht 22.30

Sraith ceol tíre. John McNichol a bheidh faoi chaibidil ar an gclár anocht. Beidh ceol chomh maith againn ó Gerry Carney, Matt Leavey agus The Three Amigos – Jimmy Buckley, Robert Mizell agus Patrick Feeney. Á chur i láthair ag Róisín Ní Thomáin.

 

Geantraí

Dé Domhnaigh 22.00

An ceoltóir mór le rá Donal Lunny a chuirfidh an clár seo i láthair as teach tábhairne O’Rourke’s sa Droichead Nua i gCill Dara. Ina theannta beidh na ceoltóirí Paddy Glackin, Paul Kelly agus Frankie Lane.

 

Comhrá na Seachtaine

Bríd Cranitch

Amárach 19.30

Ceoltóir as Corcaigh a bhfuil roinnt mhaith taistil déanta aici ag ceol í Bríd Cranitch. Tráchtfaidh sí ar an seal a chaith sí san Iodáil i ngrúpa ceoil. Tá sí ag obair sa chultúrlann i mBaile Bhuirne i nGaeltacht Mhúscraí anois.

 

Sobal na Seachtaine

Ros na Rún

Amárach 20.30

Tá Frances le ceangal faoi gur gabhadh í agus deir sí le Tadhg go bhfuil sí ag iarraidh colscaradh! Caitheann sí amach as an seomra codlata é. Éiríonn cúrsaí níos measa fós nuair a thagann máthair Al chuig an bpub agus tosaíonn sí ag glaoch dúnmharfóirí orthu.

 

Dé Máirt 20.30

Cuireann Mack i leith Róise go bhfuil sí ag dul in éineacht le duine éigin eile agus le linn na sáraíochta admhaíonn sí go ndeachaigh sí go Londain le ginmhilleadh a fháil. Imíonn Mack leis sa charr ach cuireann sé an carr den bhóthar.

 

Ealaín na Seachtaine

Imeall

Amárach 21.30

Clár Ealaíon TG4. Rachaidh Sinéad Ní Mhaonaigh go Luimneach le súil a chaitheamh ar thaispeántas nua le hEoin Mac Lochlainn ‘Home’. Meascán péintéireachta, dealbhóireachta agus ealaín atá suiteáilte atá ann agus daoine gan dídean is ábhar don taispeántas atá ar siúl i nGailearaí Bourn Vincent in Ollscoil Luimnigh.

 

Laoch na Seachtaine

Laochra Gael

Amárach 22.00

Jimmy Barry Murphy: Jimmy Barry Murphy, laoch peile agus iomána cois Laoi a bheidh faoi chaibidil ar chlár na hoíche anocht. Bhuaigh sé 12 Chraobh Uile-Éireann agus bhí sé ina bhainisteoir ar fhoireann iomána Chorcaí a bhuaigh an chraobh i 1999. Labhrófar le Brian Cody, Donal O'Grady, Billy Morgan agus le John Allen ar an gclár.

 

Faisnéis na Seachtaine

Éagóir

Amárach 22.30

Charlie McMenamin: Sraith faoi dhaoine a cuireadh chun príosúin san éagóir in Éirinn. Ní raibh Charlie McMenamin ach 16 bliana d’aois nuair a gabhadh é maidir le dúnmharú a chomhcheilg i nDoire. Ghlac sé 18 mbliana air cothrom na Féinne a fháil.

 

Spórt na Seachtaine

Seó Spóirt

Dé hAoine 20.30

Caithfidh Dara agus an painéal súil chun cinn ar Chluichí Leathcheannais Iomána Roinn 1A agus ar na Cluichí Leathcheannais Peile Faoi 21.

 

GAA Beo

Dé Sathairn 13.30

Craoladh beo ar Chluichí Leathcheannais Peile Faoi 21 Uile-Éireann Cadbury. Á chur i láthair ag Micheál Ó Domhnaill agus tráchtaireacht le Brian Tyers.

 

Dé Domhnaigh 14.00

Craoladh beo ar Chluichí Leathcheannais Iomána Shraith Allianz.

 

Rugbaí Beo

Dé Sathairn 18.15

Craoladh beo ar Scarlets V Mumha i mbabhta 21 den tSraith RaboDirect Pro 12 ar Parc y Scarlets. Beidh an dá fhoireann ag iarraidh dul chun cinn chuig babhtaí leathcheannais na míosa seo chugainn. Á chur i láthair ag Máire Treasa Ní Dhubhghaill.

 

Siamsaíocht na Seachtaine

Feis + Blood

Dé Domhnaigh

Beidh ocht dteaghlach eile ar stáitse agus iad ag iarraidh na moltóirí a mhealladh. Á chur i láthair ag Pádraig Ó Sé.

 

Taisteal na Seachtaine

Muintir na Mara

Dé Domhnaigh 21.30

Rachaidh Pádraig Ó Duinnín timpeall chósta Dhún na nGall i naomhóg, i veain agus ar rothar. Rachaidh Pádraig as Bun Beag go Toraigh agus seasfaidh sé i gCnoc Fola ar an mbealach.

 

Cúrsaí Reatha na Seachtaine

7 Lá

Dé Máirt 19.30

Clár cúrsaí reatha seachtainiúil le Páidí Ó Lionáird. Déanfar scagadh agus plé ar scéalta nuachta atá go mór i mbéal an phobail, go háirithe scéalta réigiúnacha agus Gaeltachta.

 

Garraíodóireacht na Seachtaine

Garraí Glas

Dé Máirt 20.00

Tabharfaidh Síle cuairt ar gharraí álainn bláthanna agus glasraí Chaitlín agus Mhichíl Uí Sheighin i gCeathrú Thaidhg i gCo. Mhaigh Eo. Tabharfaidh siadsan as plandlann The Future Forests in iarthar Chorcaí comhairle di faoi céard a cheart a chur i ngarraí cois farraige agus taispeánfaidh Peadar Ó Riada di le coirceog a dhéanamh as tuí. Déanfaidh Hans Wieland licéar as peitil rósanna, labhandar agus miontas.

 

Cúla4 na Seachtaine

Ben10: Alien Force

Dé Luain, Dé Céadaoin & Dé hAoine 16:45

Tá cúig bliana caite ó chaith Ben an omnitrix go deireadh. Nuair a théann Grandpa Max amú ní bhíonn an dara rogha ag Ben ach tabhairt faoi ról an laoich arís. Tagann Ben Tennyson, atá 15 bliana d’aois anois, a chol ceathrair Gwen agus a shean-namhaid Kevin11 le chéile chun a gcumhachtaí a úsáid chun Grandpa Max a shábháil.

 

PONC na Seachtaine

Wipeout USA

Dé hAoine 17:55

Gach seachtain téann 20 iomaitheoir in iomaíocht ar chúrsa dúshlánach agus iad ag iarraidh duais mhór airgid a bhuachan. Go hiondúil bíonn orthu an ceann is fearr a fháil ar linn mhór uisce nó phuitigh agus iarracht a dhéanamh an cúrsa a thrasnú agus an t-ionsaí craiceáilte ar an gcúrsa a sheachaint ar an mbealach!

 

 

Suirbhé

Tá formhór na n-athruithe a fógraíodh i mBuiséad 2013 i bhfeidhm anois ó thús na bliana. An bhfuil tionchar na n-athruithe le tabhairt faoi deara go láidir go fóill dar libh?




Torthaí

Twitter