Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Dé Domhnaigh 10 Feabhra 2013

RSS

TÁ TÚ ANSEO Gnéithe TG4 Na Cláir is Fearr an tSeachtain Seo ar TG4

Na Cláir is Fearr an tSeachtain Seo ar TG4

Cóiriú na Seachtaine

Mo Thinteán Féin

Anocht 20.00

Clár ina ndéantar cur síos ar an gcaoi le do theach a athchóiriú ar bhealach neamhghnách agus nach gcosnaíonn mórán. Is í Eimear Nic an Bhaird a thaispeánfaidh dúinn conas é sin a dhéanamh. An tseachtain seo taispeánfaidh an cócaire Kevin Dundon dúinn conas an leas is fearr a bhaint as cistin bheag.

 

Comhrá na Seachtaine

Walter Verling

Amárach 19.30

I Ros Mhic Thriúin i gContae Loch Garman a rugadh Walter Verling ach tá sé ina chónaí in Eochaill láimh le Corcaigh anois. Chaith sé tréimhsí ag múineadh ealaíne in áiteanna éagsúla ar fud na tíre, Cluain Meala, an Cheathrú Rua agus Eochaill ina measc. Tráchtfaidh sé ar a ghairm mar mhúinteoir ealaíne agus ar an leas atá bainte aige as an idirlíon chun aithne a chur ar chairde nua.

 

Sobal na Seachtaine

Ros na Rún

Amárach 20.30

Nuair a shroicheann Róise an t-ospidéal bíonn Mack ar mheaisín chun é a choinneáil beo. Nuair a dhúisíonn sé tógann sé píosa air cuimhneamh ar an méid a bhí ráite ag Róise leis. Tá Barry an t-iriseoir ar ais i Ros na Rún ag fiosrú bhás Al.

 

Dé Máirt 20.30

Tá Mack tagtha abhaile as an ospidéal. Beidh sé i gcathaoir rothaí go ceann píosa agus tá sé go mór in ísle brí. Foilsítear tuairisc Barry faoi bhás Al sna nuachtáin agus tugtar léargas ann ar an saol fiáin a bhí aige ó d’imigh sé as an Arm.

 

Ealaín na Seachtaine

Imeall

Amárach 21.30

Dráma dar teideal Across The Lough a bheidh faoi chaibidil ar Imeall anocht. Níl ach duine amháin sa dráma seo atá lonnaithe ar bhád agus is iad an lucht féachana na paisinéirí.

 

Laoch na Seachtaine

Laochra Gael

Amárach 22.00

Mikey Sheehy: Mikey Sheehy Chiarraí, an tosaí ba thábhachtaí ar an bhfoireann peile ab fhearr a bhí ann riamh. Bhíodh Mikey seasta ag scóráil pointí agus bhuaigh sé ocht mbonn Uile-Éireann le Ciarraí. Ainmníodh é ar fhoirne an chéid agus na mílaoise. Beidh agallaimh le Mick O'Dwyer, Ogie Moran agus Ger Canning ar an gclár chomh maith.

 

Stáir na Seachtaine

Éagóir

Amárach 22.30

Christopher Anthony Lynch: Sraith faoi dhaoine a cuireadh chun príosúin san éagóir in Éirinn. Ba shaighdiúir é Christopher in Óglaigh na hÉireann nuair a gabhadh é maidir le dúnmharú Vera Cooney. Tar éis é a cheistiú i stáisiún na ngardaí ar feadh os cionn 24 uair an chloig, gan aon chodladh, shínigh sé ráiteas ag rá gurb é a mharaigh í.

 

Faisnéis na Seachtaine

Rock Chick an tSean Nóis

Dé hAoine 19.30

Buailfidh Seán Mac an tSíthigh le Nikki Ragsdale, bean ildánach ó chósta California. Sna 60idí agus sna 70idí bhí baint mhór ag Nikki leis an rac-cheol a phléasc trí chlubanna München agus Londan. Bhuail sí le leithéidí The Kinks, The Rolling Stones, Jimi Hendrix agus Marianne Faithfull. Ach anois is amhránaí sean-nóis í agus tá sí faoi dhraíocht ag cultúr na hÉireann.

 

Spórt na Seachtaine

Seó Spóirt

Dé hAoine 20.30

Cluichí Ceannais Roinn 1 & 2 sa tSraith Peile agus Cluichí Leathcheannais Chorn Heineken a bheidh á bplé ar an gclár.

 

GAA Beo

Dé Sathairn 16.30

Craoladh beo ar Chluichí Ceannais Roinn 3 & 4 i Sraith Peile Allianz. Á chur i láthair ag Micheál Ó Domhnaill agus tráchtaireacht le Brian Tyers.

 

Dé Domhnaigh 13.30

Craoladh beo ar Chluichí Ceannais Roinn 1 & 2 i Sraith Peile Allianz.

 

Siamsaíocht na Seachtaine

Feis + Blood

Dé Domhnaigh 20.00

Tá leath na n-áiteanna sa bhabhta ceathrú ceannais líonta ag an tráth seo agus tá an-bhrú dá réir ar na hiomaitheoirí na moltóirí a mhealladh leo. Á chur i láthair ag Pádraig Ó Sé.

 

Taisteal na Seachtaine

Muintir na Mara

Dé Domhnaigh 21.30 

Rachaidh Pádraig Ó Duinnín timpeall chósta Dhún na nGall i naomhóg, i veain agus ar rothar. I gclár deiridh na sraithe, rachaidh Pádraig as na Dúnaibh go Ráth Maoláin agus suas chomh fada le Cionn Mhálanna. Sa Chúil Mhór a thiocfaidh deireadh leis an turas.

 

Ag Bogadh go hInis Meáin

Dé Máirt 22.00

Scrúdaíonn an tsraith seo saol an lae inniu ar Inis Meáin. Féachann an clár ar dhaoine a tháinig chun cónaithe ar an oileán le déanaí agus iad siúd a bhí ina gcónaí ann riamh.

 

Ceol na Seachtaine

Geantraí

Dé Domhnaigh 22.00

An boscadóir Paudie O’Connor a chuirfidh an clár deiridh den tsraith seo i láthair as teach tábhairne Browne’s in Oileán Chiarraí i gContae Chiarraí. Ina theannta beidh Nicky agus Ann McAulliffe ar an bhfidil agus ar an bhfliúit agus i measc na gceoltóirí eile beidh Emma O’Leary, Suzanne Motherway agus Matt Griffin chomh maith leis an amhránaí Micky McConnell.

 

Cúrsaí Reatha na Seachtaine

7 Lá

Dé Mairt 19.30

Clár cúrsaí reatha seachtainiúil le Páidí Ó Lionáird. Déanfar scagadh agus plé ar scéalta nuachta atá go mór i mbéal an phobail, go háirithe scéalta réigiúnacha agus Gaeltachta.

 

Garraíodóireachta na Seachtaine

Garraí Glas

Dé Máirt 20.00

Casfaidh Síle le Rónán Ó hEidhin a bhfuil feirm bheag ceannaithe aige i nGleann Trasna i gConamara. Tá súil aige an seanteach a réiteach agus gabháltas beag a bheith aige mar a bhíodh ag a sheanmhuintir. Thosaigh sé amach le garraí beag glasraí ach coinníonn sé lachain agus sicíní. Taispeánfaidh Klaus Laitenberger do Shíle conas bráca feithidí a dhéanamh agus tabharfaidh Miriam Sheerin tuilleadh eolais di faoi chumhacht a ghiniúint tú féin. Déanfaidh Gaby Wieland uachtar láimhe álainn as calendula.

 

 

 

Suirbhé

Tá formhór na n-athruithe a fógraíodh i mBuiséad 2013 i bhfeidhm anois ó thús na bliana. An bhfuil tionchar na n-athruithe le tabhairt faoi deara go láidir go fóill dar libh?




Torthaí

Twitter