Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Dé Domhnaigh 10 Feabhra 2013

RSS

TÁ TÚ ANSEO Gnéithe TG4 Na Cláir is Fearr an tSeachtain seo ar TG4

Na Cláir is Fearr an tSeachtain seo ar TG4

Faisnéis na Seachtaine

T.K. Whitaker – Seirbhíseach an Stáit

Anocht 21.30

In 2002 bronnadh Gradam ESB/Rehab don Éireannach is fearr atá fós beo ar TK Whitaker. Fear é a raibh tionchar mór aige ar Éirinn sa 20ú hAois. Nuair a ceapadh ina Rúnaí é sa Roinn Airgeadais i 1956 chuir sé tús le nua soirbheachais agus rathúlachta. Ach ní ar chúrsaí airgeadais amháin a raibh tionchar ag Whitaker orthu, bhí lámh aige i bpolasaí rialtais in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann chomh maith.

Comhrá na Seachtaine

Mick May

Amárach 19.30

Rugadh Mick May i gConga i ndeisceart Mhaigh Eo, ceantar álainn ar bhruach thuaidh Loch Coirib. Bíonn na mílte turasóir ag triall ar an áit gach bliain, a bhuíochas sin den chuid is mó don scannán The Quiet Man, a taifeadadh ansin seasca bliain ó shin. Casadh réaltaí an scannáin sin, John Wayne agus Maureen O'Hara, air ag an am agus rinne sé dreas damhsa leis an mbean rua, a deir sé.

 

Sobal na Seachtaine

Ros na Rún

Amárach 20.30

Caitear amach an cás dúnorgain a bhí curtha i leith Thaidhg agus Frances agus síleann Tadhg go mbeidh gach ní mar a bhí arís idir é féin agus Frances. Tá Dara plúchta ag Caitríona atá ar nós cearc ar gor.

 

Dé Máirt 20.30

Faigheann Gráinne amach gur le gearradh Caesarach atá sé i gceist ag Caitríona an páiste a thabhairt ar an saol. Tuigeann Gráinne láithreach nach féidir gur le Dara an páiste mar go mbeadh sé róluath aige a theacht ar an saol. Tá Berni agus Cathal an-sásta in éineacht ach tá sé ag cinneadh orthu am a fháil astu féin.

 

Ealaín na Seachtaine

Imeall Rogha

Amárach 21.30

Súil siar ar chuid de scéalta ealaíne an tséasúir. Thaistil foireann Imeall go Port Láirge chun bualadh leis an ealaíontóir Mick Mulcahy.

 

Laoch na Seachtaine

Laochra Gael

Amárach 22.00

Brian Corcoran: D’imir Brian Corcoran le foireann iomána Chorcaí idir 1991 agus 2006. Ba chosantóir agus tosach a bhí ann agus bhuaigh sé trí bhonn Uile-Éireann le Corcaigh agus ainmníodh é mar Imreoir na Bliana san Iomáint faoi dhó. Beidh agallaimh le Dónal O'Grady, Billy Morgan, Frank Lohan agus Nicky Cashin againn chomh maith.

 

Spórt na Seachtaine

Seó Spóirt

Dé hAoine 20.30

Súil chun cinn ar Chluiche Ceannais Chorn Heineken agus ar Chluichí Craoibhe na gCúigí.

 

Rugbaí Corn Heineken

Dé Sathairn 22.00

Buaicphointí Chluiche Ceannais an lae inniu idir Cúige Uladh agus Cúige Laighean as Staid Twickenham. Is é seo an chéad uair riamh ar casadh dhá fhoireann as Éirinn ar a chéile i gcluiche ceannais Chorn Heineken. Á chur i láthair ag Máire Treasa Ní Dhubhghaill le tráchtaireacht ó Ghearóid Mac Donncha.

 

Siamsaíocht na Seachtaine

Feis + Blood

Dé Domhnaigh 20.00

An clár atá sa tóir ar an teaghlach is mó tallann in Éirinn. Beidh tuilleadh teaghlach ar stáitse arís anocht agus iad ag iarraidh áit a bhaint amach sna babhtaí ceathrú ceannais. Á chur i láthair ag Pádraig Ó Sé.

 

Ceol na Seachtaine

Ceol ón Chartlann le Paul Brady

Dé Domhnaigh 22.00

Beidh Paul Brady i gcartlann UTV ag amharc ar na seanchláir agus taifeadtaí ceoil atá acu. Aimseoidh sé cuid mhór ceoltóirí traidisiúnta agus ceol tíre; Dolores Keane, Johnny Doherty agus Felix Doran ina measc.

 

Cúrsaí Reatha na Seachtaine

Reifreann 2012

Dé Máirt 19.00

Plé agus díospóireacht ar an reifreann ar an gConradh Cobhsaíochta, chomh maith le nuacht an lae, á chur i láthair ag Páidí Ó Lionáird agus ag Eimear Ní Chonaola.

 

Garraíodóireacht

Garraí Glas

Dé Máirt 20.00

Tabharfaidh Síle cuairt ar Simon Jennings, fear as Carna atá sa chabhlach trádála. Tá plandaí traidisiúnta agus plandaí neamhghnácha ar tháinig sé orthu ar a chuid taistil curtha ina gharraí aige. Tabharfaidh Kay Synott cuairt ar Shíle go bhfeicfidh sí cén chaoi a bhfuil ag éirí léi lena garraí féin agus taispeánfaidh John Ó Máille di le cruach mhóna a dhéanamh.

 

Suirbhé

Tá formhór na n-athruithe a fógraíodh i mBuiséad 2013 i bhfeidhm anois ó thús na bliana. An bhfuil tionchar na n-athruithe le tabhairt faoi deara go láidir go fóill dar libh?




Torthaí

Twitter