Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Dé Domhnaigh 10 Feabhra 2013

RSS

TÁ TÚ ANSEO Gnéithe TG4 Na Cláir is Fearr an tSeachtain Seo ar TG4

Na Cláir is Fearr an tSeachtain Seo ar TG4

Faisnéis na Seachtaine

Bram Stoker & Dracula

Anocht 21.30

Clár faoi shaol Bram Stoker a rugadh i mBaile Átha Cliath. Feicfimid an tionchar a bhí ag a chúlra Éireannach ar scéal Dracula, atá ar cheann de na carachtair fhicseanacha is aitheanta i litríocht an domhain.

Bibeanna Mheiriceá

Dé Domhnaigh 21.30

Clár faisnéise faoi ghlúin ban a chuaigh ar imirce as an tír seo go Meiriceá sna caogaidí agus sna seascaidí. Isteach i saol agus i bpobal na hÉireann a bhog na mná seo i Meiriceá. Théidís chuig rincí Éireannacha sa John Boyle O’Reilly Club in Springfield, sa Tuxedo Ballroom agus sa Leitrim House i Nua-Eabhrac. Fiú amháin ar saoire, is i measc na nÉireannach a théidís suas go East Durham sna Catskills. Is ansin a bhuail Peg Hosey lena fear céile féin. Inseoidh sí dúinn faoin oíche speisialta sin. Blianta greannmhara a bhí iontu, gan de dhualgas orthu ach cúpla dollar a chur abhaile anois is arís.

 

Mo Ghrá Go Daingean

Dé Máirt 22.00

Tá sé fós ag báisteach sa Daingean. Faigheann Paidí, an búistéir áitiúil, duine mór le rá chun an siopa nua a oscailt. Bíonn brú ar Julí is í ag réiteach do bhainis áitiúil.

 

Ceol na Seachtaine

Réaltaí Cheol Tíre

Anocht 22.30

Nathan Carter a bheidh faoi chaibidil ar chlár na hoíche anocht. Beidh ceol againn le Lisa McHugh, Declan Nerney agus Hugo Duncan chomh maith.

 

Ceol ón Chartlann le Paul Brady

Dé Domhnaigh 22.00

Beidh Paul Brady i gcartlann UTV ag amharc ar na seanchláir agus ar thaifeadtaí ceoil atá ann. Aimseoidh sé cuid mhór ceoltóirí traidisiúnta agus ceol tíre; Tommy Makem, Jimmy MacCarthy agus Skylark ina measc.

 

Comhrá na Seachtaine

Máire Bríd Uí Niadh

Amárach 19.30

Is as Muiceanach idir Dhá Sháile i nGaeltacht na Gaillimhe ó dhúchas Máire Bríd Uí Niadh ach chaith sí tréimhse dá saol ar imirce i Sasana. Labhróidh sí faoin saol a chaith sí ag obair i dtithe tábhairne in Éirinn agus i Sasana. Deirtear go bhfuil ainm a baile dúchais ar an logainm is faide sa tír.

 

Sobal na Seachtaine

Ros na Rún

Amárach 20.30

Cuireann Mack fios ar Chathal nuair a thuigeann sé go bhfuil Caitríona i dtinneas clainne. Nuair a fheiceann Cathal í socraíonn sé í a thabhairt chuig an ospidéal láithreach. Tá náire an domhain ar Berni faoin mbealach a bhfuair Evan amach fúithi féin agus faoi Chathal agus déanann sí iarracht labhairt leis faoi. Bíonn Bríd ag spochadh as Frances faoin méid airde atá sí ag fáil ó Barry. Deir Frances go dtaitníonn an plámás léi agus go bhfuil sí féin agus Barry ag dul chuig an bpictiúrlann an oíche sin. An éireoidh le Barry Frances a mhealladh?

 

Dé Máirt 20.30

Tá Dara thar a bheith ríméadach ó tharla é féin agus Caitríona a bheith ag tabhairt an pháiste óig abhaile. Nuair a thagann Cathal ar cuairt áfach, deir sé le Caitríona go bhfuil amhras air faoi cé hé athair an pháiste. Tá Barry fós ag ceistiú Tina faoi bhás a hiarfhir chéile, O’Dowd, agus bíonn sí thar a bheith míchompordach ina chomhluadar. Tá an-tóir go deo ag Evan ar Megan, an cailín atá faoi chúram Mháire agus Pheadair. Ní thaitníonn sé seo le Berni agus nuair a fhaigheann sí amach go bhfuil airgead ar iarraidh as an gcaifé is ar Megan a chuireann sí an milleán.

 

Ealaín na Seachtaine

Imeall Rogha

Amárach 21.30

Súil siar ar imeachtaí ealaíne na sraithe. Labhair Tristan le banríon na hÉigse, Máire Mhac an tSaoi, agus chas Úna Mullally leis na Rubberbandits.

 

Laoch na Seachtaine

Laochra Gael

Amárach 22.00

Liam Hayes – An Mhí: Ba shár-imreoir i lár na páirce é Liam Hayes agus d’imir sé ar fhoireann bhuacach na Mí ó lár na n-ochtóidí go lár na nóchaidí. D’éirigh leo Craobh na hÉireann a bhuachan faoi dhó agus Craobh Laighean a bhaint amach cúig huaire le linn na tréimhse sin. Cuirfear Seán Boylan, Tommy Carr agus Ger Canning faoi agallamh freisin.

 

Spórt na Seachtaine

Seó Spóirt

Dé hAoine 20.30

Súil chun cinn ar Chluiche Ceannais RaboDirect Pro12 agus ar na Cluichí Craoibhe Iomána a bheidh ar siúl ag an deireadh seachtaine.

 

Rugbaí Beo

Dé Sathairn 17.30

Craoladh beo ar Chluiche Ceannais na Sraithe RaboDirect PRO12. Á chur i láthair ag Máire Treasa Ní Dhubhghaill agus tráchtaireacht le Gearóid Mac Donncha.

 

Siamsaíocht na Seachtaine

Feis + Blood

Dé Domhnaigh 20.00

An clár atá sa tóir ar an teaghlach is mó tallann in Éirinn. Níl ach áit amháin eile fanta anois sna babhtaí ceathrú ceannais. Cé a rachaidh chun cinn? Á chur i láthair ag Pádraig Ó Sé.

 

Cúrsaí Reatha na Seachtaine

7 Lá

Dé Máirt 19.30

Clár cúrsaí reatha seachtainiúil le Páidí Ó Lionáird. Déanfar scagadh agus plé ar scéalta nuachta atá go mór i mbéal an phobail, go háirithe scéalta réigiúnacha agus Gaeltachta.

 

Garraíodóireacht na Seachtaine

Garraí Glas

Dé Mairt 20.00

Tabharfaidh Síle cuairt ar gharraí Jim Mc Namara. Tá coill ceithre acra aige agus thóg sé os cionn scór bliain air í a chur. Rachaidh sí in éineacht le Gaby Wieland ansin sa tóir ar shíolta neantóg agus inseoidh sí di faoin leas iontach atá le baint astu. Taispeánfaidh Kay Synott di conas gearrthóga a thógáil mar gur bealach thar a bheith saor é le cur le do gharraí agus tógfaidh Klaus Laitenberger fráma fuar.

Cúla4 na Seachtaine

Spongebob Squarepants

Luan go hAoine 17:05

Tá Spongebob ar an spúinse is seolta ar an teilifís. Tá sé ina chónaí go domhain faoin uisce i gcathair Bikini Bottom, in éineacht lena pheata seilide, Gary. Is breá lena chroí a phost mar chócaire i mbialann an Krusty Krab agus is iomaí eachtra a bhaineann dó ann. Nuair nach bhfuil sé ag imirt cleas ar a chomharsa Squidward, tá Spongebob seo againne i gcroílár eachtraí aisteacha de gach uile shórt lena chara is fearr Patrick Star nó lena chailín craiceáilte Sandy Cheeks.

PONC na Seachtaine

Ponc XL

Dé Máirt 17:55

 Eagrán speisialta PONC XL le Jedward agus iad ag réiteach don Eoraifís.

Suirbhé

Tá formhór na n-athruithe a fógraíodh i mBuiséad 2013 i bhfeidhm anois ó thús na bliana. An bhfuil tionchar na n-athruithe le tabhairt faoi deara go láidir go fóill dar libh?




Torthaí

Twitter