Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Dé Domhnaigh 10 Feabhra 2013

RSS

TÁ TÚ ANSEO Gnéithe TG4 Na Cláir is Fearr an tSeachtain Seo ar TG4

Na Cláir is Fearr an tSeachtain Seo ar TG4

Spórt na Seachtaine

GAA Beo

Anocht 19.15

Craoladh beo ar Chorcaigh V Tiobraid Árann i gcluiche Ceathrú Ceannais Chraobhchomórtas Iomána Faoi 21 na Mumhan as Páirc Uí Chaoimh. Á chur i láthair ag Micheál Ó Domhnaill agus tráchtaireacht le Brian Tyers.

 

Comhrá na Seachtaine

Danny Maidhcí Ó Súilleabháin

Amárach 19.30

Is as Cúil Aodha i nGaeltacht Mhúscraí ó dhúchas Danny Maidhcí Ó Súilleabháin, duine de theaghlach aitheanta amhránaíochta, seanchais agus ceoil a bhfuil cáil idirnáisiúnta air.  Chuaigh oidhreacht cheoil a mhuintire i bhfeidhm go mór ar Sheán Ó Riada.   Is iomaí áit ar fud an domhain ar chas sé amhrán, an Grand Old Oprey in Nashville Tennessee agus an Staid Náisiúnta i mBaile Átha Cliath ina measc.

 

 

Taisteal na Seachtaine

Ó Bhearna go Carna

Amárach 20.30

Seo seans eile an tsraith cheithre chlár faisnéise "Ó Bhearna go Carna" a fheiceáil. Is sraith í ina dtugtar léargas ar an ngnáthshaol laethúil a chaitheann seisear a bhfuil cónaí orthu idir Bearna agus Carna i gceartlár Chonamara. Sa chéad chlár den tsraith, faigheann Róisín Uí Shúilleabháin as Camus drochscéala.

 

Ealaín na Seachtaine

Imeall Rogha

Amárach 21.30

Breathnóimid siar ar 70 bliain Chomhar. Rachaimid go Baile Bhúirne le castáil le cruthaitheoirí an taispeántais Rianta. Buailfimid leis an gcompántas damhsa Croí Glan agus rachaidh Tristan go Cill Mhantáin le labhairt le Oisín agus le Tadhg Peelo Walsh faoina mbanna ceoil Mo Hat Mo Gheansaí. 

 

Laoch na Seachtaine

Laochra Gael

Amárach 22.00

Declan Browne Thiobraid Árann: Sárpheileadóir a bhí i Declan Brown cé gurb í an iomáint is mó a luaitear leis an gcontae. Is é a fuair an chéad All Star peile do Thiobraid Árann nuair a bhí sé ina chaptaen ar an bhfoireann a bhuaigh Corn Tommy Murphy in 2005. Cuirfear Mick O'Dwyer, Brendan Cummins agus Dara Ó Cinnéide faoi agallamh freisin.

Ceol na Seachtaine

Ceol ón Chartlann le Paul Brady

Dé Domhnaigh 22.00

Beidh Paul Brady i gcartlann UTV ag amharc ar na seanchláir agus ar thaifeadtaí ceoil atá ann. Aimseoidh sé cuid mhór ceoltóirí traidisiúnta agus ceol tíre: Margaret Barry, Stocktons Wing agus an fidléir Seán Keane ina measc. 

 

Dráma na Seachtaine

Rásaí na Gaillimhe

Dé Domhnaigh 22.30

Má chaill tú an chéad uair é, seo do sheans an chéad tsraith de Rásaí na Gaillimhe a fheiceáil. Sraith bunaithe ar eachtraí agus ar imeachtaí a tharlaíonn le linn Rásaí na Gaillimhe.  Tá deifir ar an Aire Keane agus ar a thiománaí Creed chuig na rásaí.  Bíonn an traenálaí Noel Lacey ag achrann lena mharcach Liam Reilly faoin tslí le rith a bhaint as an gcapall is fearr aige.   Cuireann Sinéad agus Éamonn plean i dtoll a chéile chun na fiacha móra atá orthu a íoc agus faigheann an geallghlacadóir Eoin Boland faoi réir don tseachtain is gnóthaí sa bhliain. Ag aisteoireacht ann tá Don Wycherley, Ruth Bradley, Tom Ó Suilleabháin, Hughie McGarvey agus Eoinín Mac Diarmada.

 

Damhsa na Seachtaine

Damhsa Down Under

Dé Máirt 22.00

Sraith nua ina léirítear saol an damhsa ghaelaigh san Astráil. An ghruaig, na gúnaí agus na veisteanna, na cosa a bhfuil dath na gréine orthu agus steipeanna aclaí na mbróg bog agus na mbróg crua. Cuirfimid aithne ar phearsana na sraithe, ar a dteaghlaigh agus ar a gcuid múinteoirí. Is í Síle Nic Chonaonaigh scéalaí na sraithe seo.

 

PONC na Seachtaine

Wipeout na hAstráile

Dé Máirt-Dé hAoine 8:05

Gach seachtain, téann 20 iomaitheoir in iomaíocht ar chúrsa dúshlánach agus iad ag iarraidh duais mhór airgid a bhuachan. Go hiondúil, bíonn orthu an ceann is fearr a fháil ar linn mhór uisce nó puitigh agus iarracht a dhéanamh an cúrsa a thrasnú agus an t-ionsaí craiceáilte ar an gcúrsa a sheachaint ar an mbealach!

 

Suirbhé

Tá formhór na n-athruithe a fógraíodh i mBuiséad 2013 i bhfeidhm anois ó thús na bliana. An bhfuil tionchar na n-athruithe le tabhairt faoi deara go láidir go fóill dar libh?




Torthaí

Twitter