Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Dé Domhnaigh 10 Feabhra 2013

RSS

TÁ TÚ ANSEO Gnéithe TG4 Na Cláir is Fearr an tSeachtain Seo ar TG4

Na Cláir is Fearr an tSeachtain Seo ar TG4

Ceoil na Seachtaine

Na Bailitheoirí Ceoil

Anocht 21.50

Sraith clár a dhéanann cur síos ar shaol na ndaoine a bhailigh ceol na hÉireann ón 18ú aois go dtí an 20ú aois. Inseofar scéal an ealaíontóra tírdhreach George Petrie ar an gclár seo. Á chur i láthair ag an mbailitheoir agus ag an gceoltóir, Seán Corcoran.

Comhrá na Seachtaine

Jim Boland

Amárach 19.30

Is as Ciarraí Jim Boland ó dhúchas, iargharda a chaith tréimhse ag obair i nGaillimh agus cois teorann.  Bhí sé ar dhuine de na Gardaí a ghabh Shaw agus Evans, beirt Shasanach a dhúnmharaigh beirt bhan agus a chaith corp duine acu i Loch Eidhneach i gConamara breis is dhá scór bliain ó shin.

 

Taisteal na Seachtaine

Ó Bhearna go Carna

Amárach 20.30

Sraith ceithre chlár faisnéise is ea ‘Ó Bhearna go Carna’, ina dtugtar léargas ar an ngnáthshaol laethúil mar a chaitheann cúigear é a bhfuil cónaí orthu idir Bearna agus Carna i gceartlár Chonamara. Tá Róisín Uí Shúilleabháin ag iarraidh dul i ngleic leis an scéala go bhfuil ailse neamhchoitianta uirthi agus caithfidh an tréidlia Karel Verbruggen aghaidh a thabhairt ar cheann de na nithe is mó a chuireann as dó féin.

 

Ó Tholg go Tolg

Amárach 21.30

Cuirtear síos sa tsraith seo ar dhaoine a bhíonn ag taisteal agus a fhaigheann lóistín saor in aisce.  Taistealóidh Áine Goggins agus Maeve Hackett ar fud na hEorpa ag fanacht le teaghlaigh éagsúla ar chuir siad aithne orthu ar an Idirlíon. Labhróidh siad le chéile i nGaeilge mar nach dtuigfidh aon duine eile iad. Stopfaidh siad ar dtús san Ollainn. Fanfaidh siad le muintir James i Harlem, áit a mbeidh orthu obair tí a dhéanamh!

 

Dáithí ar Route 66

Amárach 22.00

Rachaidh craoltóir TG4, Dáithí Ó Sé, ar an Route 66 as Chicago go dtí an cósta thiar in Cadillac.  Taistealóidh sé trí Illinois trasna an Mississippi go dtí St. Louis áit a dtabharfaidh sé aghaidh ar Áirse St. Louis.

 

 

Coir na Seachtaine

Marú

Amárach  22.30

Déanfaidh an clár seo cur síos ar Hannah Flynn ar bheartaigh a fear céile í a dhúnmharú i Samhain na bliana 1942 i gCill Airne.

CSÍ

Dé Máirt 19.30

Dúnmharú ar East 51st Street:  Scéal Mary Hayes a chuaigh ar imirce go Nua Eabhrac sna 1920idí. Phós sí Iodálach, Frank Traina, agus bhí triúr clainne acu ach ar ábharaí an tsaoil níor éirigh leis an bpósadh. Theastaigh ó Frank go dtiocfaidís ar ais ina chéile arís agus shocraigh sé castáil le Mary in árasán galánta i lár Manhattan. Ach nuair nár éirigh leis na cainteanna chaith Frank Mary amach den séú urlár agus léim sé féin ina diaidh.  Blianta fada ina dhiaidh a fuair a clann agus muintir sa bhaile amach go díreach céard a tharla.

Siamsaíocht na Seachtaine

Eochair an Ghrá

Dé hAoine 19.30

Seó cúirtéireachta atá á chur i láthair ag Eibhlín Ní Chonghaile.  Gach seachtain caithfidh fear nó bean shingil cinneadh a dhéanamh cé leis a rachaidh siad ar dháta gan casadh leis an duine i dtosach.  Tabharfar eochair tí dóibh, beidh cead acu breathnú thart agus inseoidh síceolaí dóibh faoin sórt duine atá ina gcónaí sna tithe.  An tseachtain seo cuirfimid aithne ar Mharcus Seoighe, bainisteoir tábhairne agus mainicín.

Damhsa Down Under

Dé Mairt 22.00

Sraith ina léirítear saol an damhsa ghaelaigh san Astráil. Tá Ceili Moore agus Marigold Cousens ag freastal ar an scoil damhsa céanna agus tá siad ag damhsa in aghaidh a chéile ó bhí siad an-óg.  Ba í Marigold a bhuaigh an Craobhchomórtas Náisiúnta anuraidh agus tá Ceili go mór ag iarraidh é a bhuachan i mbliana.

Spórt na Seachtaine

Laochra Gael – Na Coimhlintí

Dé hAoine 20.30

Baile Átha Cliath v An Mhí – 1986-1990:  Sa chlár seo caithfear súil siar ar an gcoimhlint láidir a bhí idir Baile Átha Cliath agus an Mhí.  Thug an dá fhoireann seo aghaidh ar a chéile i ngach Cluiche Ceannais Peile Laighean idir 1986 agus 1990.  Cuirfear Seán Boylan, Tommy Carr, Brian Mullins agus Bernard Flynn faoi agallamh ar an gclár chomh maith.

 

Laochra Gael: Dan Shanahan

Dé Domhnaigh 21.00

Dan Shanahan, Iománaí na Bliana 2007 agus duine de na himreoirí is mó i mbéal an phobail le deich mbliana anuas a bheidh faoi chaibidil ar an gclár seo.  Bhí an-imirt ag fear Phort Láirge sna cluichí craoibhe agus scóráil sé 21 cúl uile iontu, iad ar fad ón imirt! Cuirfear Séan Óg Ó hAilpín, Brendan Cummins & Nicky Cashin faoi agallamh chomh maith.

 

Cogar na Seachtaine

Silvermines

Dé Domhnaigh 21.30

I 1965 thosaigh Mogul, cuideachta mianadóireachta as Ceanada ag mianadóireacht luaidhe in aice le baile Bhéal Átha an Airgid i gCo. Thiobraid Árann. Bhí 500 duine fostaithe ann agus ba é an mianach ba mhó dá leithéid é san Eoraip. Stop an mianach ag feidhmiú i 1984. Ach an ndearna Mogul níos mó dochair ná maitheasa sa cheantar?

Ceol na Seachtaine

Ceol ón Chartlann le Paul Brady

Dé Domhnaigh 22.00

Beidh Paul Brady i gcartlann UTV ag amharc ar na seanchláir agus ar thaifeadtaí ceoil atá ann. Aimseoidh sé cuid mhór ceoltóirí traidisiúnta agus ceol tíre: Ralph McTell, Flora MacNeil agus an fliúiteadóir Gary Hastings ina measc .

Faisnéis na Seachtaine

Séiplínigh na nImirceach

Dé Luain 20.00

Ó Chonamara agus an Daingean go Huddersfield agus Chicago,  insítear scéalta saoil agus saothair ceathrar séiplíneach éagsúla a rinne mórchuid dá gcuid oibre i bhfad ó bhaile.  I gclár 1 cuirfimid eolas ar an Athair Tom Looney atá ina shéiplíneach sa Daingean i gCiarraí faoi láthair.  Cuireadh go Londain sna 60idí é.  Gheobhaimid léargas ar an obair a rinne sé ann agus an tábhacht a bhí le hobair na séiplíneach a chuaigh anonn i measc na n-imirceach.

 

Cúla4 na Seachtaine

Johnny Test

Luain-Déardaoin 14.50

Dá dtabharfá milseán do pháistí óga a chuirfeadh ar a gcumas a bheith ina n-amhránaithe iontacha nó guma coganta a dhéanfadh chomh láidir agus sciobtha céanna le laochra iad, cén páiste a dhiúltódh é?! Ní dhiúltódh Johnny Test é ar aon nós!

PONC na Seachtaine

My Spy Family

Dé Luain & Dé Céadaoin 15.15

Caithfimid am le clann na Bannons chun blaiseadh a fháil ar shaol an spiaire i “My Spy Family”. Ba naimhde a bhí i Dirk agus Talia nuair a casadh ar a chéile ar dtús iad ach thit siad i ngrá agus phós siad. Tá triúr gasúr anois acu agus tógadh iad ar fad le scileanna an spiaire. Lasmuigh den teach cheapfá gur gnáthchlann atá iontu ach ní mar a shíltear a bítear! 

Suirbhé

Tá formhór na n-athruithe a fógraíodh i mBuiséad 2013 i bhfeidhm anois ó thús na bliana. An bhfuil tionchar na n-athruithe le tabhairt faoi deara go láidir go fóill dar libh?




Torthaí

Twitter