Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Dé Domhnaigh 10 Feabhra 2013

RSS

TÁ TÚ ANSEO Gnéithe TG4 Na Cláir is Fearr an tSeachtain seo ar TG4

Na Cláir is Fearr an tSeachtain seo ar TG4

Spórt na Seachtaine

GAA Beo

Anocht 19.15

Craoladh beo ar Chill Chainnigh v Uíbh Fhailí/Loch Garman i gCraobhchomórtas Iomána Faoi 21 Chúige Laighean. Á chur i láthair ag Micheál Ó Domhnaill agus tráchtaireacht le Brian Tyers.

Laochra Gael – Na Coimhlintí

Dé hAoine 20.30

Cill Chainnigh v Corcaigh – 1999-2010: Sa chlár seo caithfear súil siar ar an gcoimhlint fhíochmhar a bhíodh idir Cill Chainnigh agus Corcaigh sna blianta 1999-2010. Cuirfear Brian Cody, John Allen, Jimmy Barry Murphy, Nicky Cashin, Eddie Brennan, Diarmuid O'Sullivan agus Micheál Ó Muircheartaigh faoi agallamh ar an gclár chomh maith.

 

Wimbledon Beo

Laethúil 13.00

Craoladh beo ar an gcéad bhabhta de chomórtas singil na bhFear agus de chomórtas singil na mBan ar an gcéad lá de Chraobh Leadóige Wimbledon i Londain. Tráchtaireacht le Mac Dara Mac Donncha agus Brian Tyers.

 

Ceol na Seachtaine

Na Bailitheoirí Ceoil

Anocht 22.10

Sraith clár a dhéanfaidh cur síos ar shaol na ndaoine a bhailigh ceol na hÉireann ón 18ú haois go dtí an 20ú haois. Ar chlár an lae inniu rachaimid go Chicago áit a raibh Francis O'Neill, fear as Éirinn, ina Chigire sna Póilíní. Cé go raibh sé gnóthach ina phost bhí am aige ceol na hÉireann, a bhfuil an-tábhacht leis inniu, a bhailiú. An bailitheoir ceoil agus an ceoltóir Seán Corcoran a chuirfidh an clár i láthair.

 

Réaltaí Cheol Tíre

Anocht 22.50

Foster and Allen a bheidh faoi chaibidil ar chlár na hoíche anocht. Beidh Jacqui Sharkey, John Farry agus TR Dallas ag casadh freisin.

 

Sé Mo Laoch: Joe Burke

Dé Domhnaigh 20.00

Sraith teilifíse ar an gceol traidisiúnta. Saol agus saothar Joe Burke, fear as Oirthear na Gaillimhe a bhfuil cáil bainte amach aige ar fud an domhain mar cheoltóir ar an mbosca ceoil.

Faisnéis na Seachtaine

When Ruairí met Máire

Amárach 19.30

I gcuimhne ar Mháire Brugha nach maireann, ar dheis Dé go raibh a hanam dílis. Thit an t-aon mhac amháin a bhí ag Cathal Brugha i ngrá leis an aon iníon amháin a bhí ag Traolach Mac Suibhne – agus 57 bliain i ndiaidh dóibh pósadh, bhí siad sona sásta. Léireoidh 'When Ruairí Met Máire' scéal na beirte agus mar a chuaigh a n-oidhreacht i gcion orthu féin, ar a gclann agus ar chlann a gclainne.

 

Mobs Mheiriceá

Amárach 22.30

Ar leaba a bháis, d’inis Frank ‘The Irishman’ Sheeran faoin mbaint a bhí aige le dúnmharú Jimmy Hoffa – duine de na dúnmharuithe ba mhistéirí sa 20ú haois. Bhí Sheeran ina ghunnadóir don Mhaifia ar feadh os cionn 30 bliain. Dar leis bhí baint ag an Mob le feallmharú Kennedy agus faighimid amach gurb é Sheeran féin a mharaigh Jimmy Hoffa.

 

Amhrán na bhFiann

Dé Domhnaigh 14.10

Tá sé os cionn 100 bliain ó scríobhadh an tAmhrán Náisiúnta, Amhrán na bhFiann. Ach tá ceist amháin ag baint leis. An bhfuil aon tábhacht ag baint leis an amhrán seo, nach bhfuil ar eolas ag mórán daoine ar fud na hÉireann inniu? Pléann Paddy Casey, George Hook, Fintan O’Toole, Micheál Ó Súilleabháin agus go leor daoine eile Amhrán na bhFiann agus na roghanna eile a d’fhéadfaí a úsáid ina áit. Á chur i láthair ag Harry McGee, eagarthóir polaitíochta an Irish Examiner.

 

Cogar: An Fathach

Dé Domhnaigh 21.30

Cad a chaithfidh corpfhorbróir as Conamara, Cathal Mac Tiarnáin, a dhéanamh chun gradam Mr. Ireland a bhuachan? Itheann Cathal 20 stéig agus 30 brollach sicín gach seachtain agus é ag ullmhú don teideal Mr. Ireland.

 

Séiplínigh na nImirceach

Dé Luain 20.00

An Taithí i Huddersfield: Is orthu siúd a chuaigh go Huddersfield i dTuaisceart Shasana a dhíreoimid sa dara clár. Muintir Chonamara, go háirithe, a chuaigh go Huddersfield agus chaith an tSiúr Attracta Heneghan tréimhse ann le blianta beaga anuas ag freastal ar na Gaeil sheanbhunaithe sa bhaile sin. Anois agus í ar ais sa tír seo buaileann an tSiúr Attracta leis an tSiúr Marilyn, ón Nigéir, atá ag freastal anois ar Chríostaithe na hAfraice anseo in Éirinn.

 

Taisteal na Seachtaine

Ó Bhearna go Carna

Amárach 20.30

Sraith ceithre chlár faisnéise is ea "Ó Bhearna go Carna", ina dtugtar léargas ar an ngnáthshaol laethúil mar a chaitheann cúigear é a bhfuil cónaí orthu idir Bearna agus Carna i gceartlár Chonamara. Socraíonn Patsy Lydon aghaidh a thabhairt ar an saol ar a bhealach féin. Tá cruatan na dífhostaíochta ag cur as do Mikey Geary agus tagann an crú ar an tairne don tréidlia Karel Verbruggen.

 

Ó Tholg go Tolg

Amárach 21.30

Sraith faoi dhaoine a bhíonn ag taisteal agus a fhaigheann lóistín saor in aisce. An tseachtain seo fanfaidh na cailíní in éineacht le Miriam Kadel as an nGearmáin atá 21 bhliain d’aois. Cuirfidh sí a seanmhuintir, a bhí scartha óna chéile ar feadh tréimhse nuair a bhí siad óg le linn do Bhalla Bheirlín a bheith á thógáil, in aithne dóibh.

 

Dáithí ar Route 66

Amárach 22.00

Tabharfaidh Dáithí Ó Sé faoi aistear Route 66 i Cadillac as Chicago go dtí an cósta thiar. Ar a bhealach trí Missouri castar daoine ar Dháithí a chreideann go bhfuil Jesse James fós beo! Téann Dáithí amú ar an bpíosa is giorra de Route 66 in Kansas.

 

Grá na Seachtaine

Eochair an Ghrá

Dé hAoine 19.30

Seó cúirtéireachta á chur i láthair ag Eibhlín Ní Chonghaile. Le cabhair ó Eibhlín agus ón síceolaí Kevin Ó hEaghra roghnóidh Cillian McGovern an teach is fearr leis as trí theach. Ach cé leis an teach is cé leis a rachaidh sé chun dinnéir?

 

Siamsaíocht na Seachtaine

Craic de Staic

Dé Sathairn 23.20

Scéal barrúil faoi fhear óg a bhíonn ag an bhféile ealaíon is mó ar an domhan i nDún Éideann, Albain. Bíonn a lóistín faoi uisce, bíonn trí mhíle seó i gcomórtas leis agus faigheann sé léirmheasanna uafásacha – cén chaoi a n-éireoidh leis? Aindrias de Staic, a bhíonn thuas seal, thíos seal ar an turas draíochta seo.

Damhsa Down Under

Dé Mairt 22.00

Sraith ina léirítear saol an damhsa ghaelaigh san Astráil. Tá áit bainte amach ag Ceili Moore sa Chraobh Domhanda agus tiocfaidh sí as an Astráil go hÉirinn le bheith páirteach sa chomórtas. Ach caithfidh Samantha Murphy agus Thommy Wilson damhsa fós – ach tá gortuithe ag dul do Thommy!

Cúla4 na Seachtaine

The Batman

Dé Sathairn 10.00

Tá an laoch is spéisiúla agus is casta ar ais... agus an t-am seo níl sé leis féin! Is iad Robin agus Batgirl comhghleacaithe Batman go dtí seo, ach anois tá sé tar éis cur leis an bhfoireann chumhachtach sin, nuair a thagann fórsaí láidre an “Justice League” chun cabhrú leis agus é ag cosaint an chine dhaonna. Coinnígí súil amach do Superman, Aquaman, The Flash agus iad ar fad ag obair leis an Dark Knight le Gotham a choinneáil slán ó na bithiúnaigh atá réidh le scrios a dhéanamh ar an gcathair.

 

PONC na Seachtaine

POP4

Dé Sathairn 17.55

Clár ceoil idirghníomhach leis na físeáin is déanaí gach seachtain curtha i láthair ag Eoghan Mac Diarmada. Coinneoidh POP4 ar an eolas muid maidir leis na cairteacha agus an popcheol is déanaí gach LUAN.

 

 

Suirbhé

Tá formhór na n-athruithe a fógraíodh i mBuiséad 2013 i bhfeidhm anois ó thús na bliana. An bhfuil tionchar na n-athruithe le tabhairt faoi deara go láidir go fóill dar libh?




Torthaí

Twitter