Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Dé Domhnaigh 10 Feabhra 2013

RSS

TÁ TÚ ANSEO Gnéithe TG4 Na Cláir is Fearr an tSeachtain Seo ar TG4

Na Cláir is Fearr an tSeachtain Seo ar TG4

Spórt na Seachtaine

Wimbledon Beo

Laethúil 13.00

Craoladh beo ar an dara babhta de chomórtas singil na bhFear agus de chomórtas singil na mBan ar an tríú lá de Chraobh Leadóige Wimbledon i Londain. Tráchtaireacht le Mac Dara Mac Donncha agus le Brian Tyers.

 

Laochra Gael – Na Coimhlintí

Dé hAoine 20.30

An Mhí v Corcaigh 1987 - 1990:  Súil siar ar an gcoimhlint a bhí idir An Mhí agus Corcaigh idir na blianta 1987 agus 1990.  Cuirfear Seán Boylan, Billy Morgan, Bernard Flynn, Niall Cahalane, Larry Tompkins, Dara Ó Cinnéide, Micheál Ó Muircheartaigh agus Cathal Seoighe faoi agallamh ar an gclár.

Rás Aigéin Volvo Beo

Dé Sathairn 12.45

Craoladh beo ar rás an chuain i Lorient na Fraince. Tá Lorient suite sa Bhriotáin in iar-thuaisceart na Fraince.  Ní raibh an rás Volvo in aon chuan sa Fhrainc ó bhí sé i La Rochelle in 2002.  Ritear an rás seo in aice na talún le go mbeidh feiceáil maith ag an lucht leanúna air.

Dé Domhnaigh 12.45

Craoladh beo ar thús chéim 9 agus na báid ag seoladh as Lorient go Gaillimh, aistear 485 muirmhíle.

Tour de France Beo

Dé Domhnaigh 13.45

Craoladh beo ar an gcéad chéim den Tour de France. Rachaidh na rothaithe as Liège go Seraing, aistear 198 km.  Is iad Páidí Ó Lionáird agus Pádraic Ó Cuinn a bheidh i mbun tráchtaireachta.

Faisnéis na Seachtaine

Dhá Chúirt

Anocht 21.55

Scéal faoi laoch leadóige atá beagnach ligthe i ndearmad ar fad anois. Sa bhliain 1879, thuill Thomas Vere St Ledger Goold, Éireannach, clú agus cáil i saol na leadóige. Ghlac sé páirt i bpríomhchomórtas an domhain, Craobh Wimbledon agus d'éirigh leis dul chomh fada leis an gcluiche ceannais, áit ar chaill sé. Bliain is fiche ina dhiaidh sin, i 1908, bhí a cháil sna nuachtáin arís ach údar eile ar fad leis - cúisíodh agus ciontaíodh é féin agus a bhean i ndúnmharú fuilteach in Monte Carlo, áit saoire na gcearrbhach agus na ndaoine saibhre.

Mobs Mheiriceá

Amárach 22.30

Bhí Jimmy ‘The Gent’ Burke ar dhuine de na coirpigh is cumhachtaí i gcathair Nua Eabhrac ar feadh 30 bliain.  Ba air a bunaíodh carachtar Robert De Niro sa scannán Goodfellas agus rinneadh cur síos sa scannán ar an gceangal a bhí ag Burke le coirpeach mór le rá eile, Henry Hill.  Inseoidh Henry Hill dúinn cad go díreach a bhíodh ar bun aige féin agus ag Burke agus conas mar a d’éirigh leo ceann de na robálacha is mó i stair na Stát Aontaithe, an ‘Lufthansa Heist’, a thabhairt i gcrích.

Cogar; Tairngreacht Acla

Dé Domhnaigh 21.30

Clár faisnéise ar scéal an iarnróid go hAcaill. Nuair a thuar Brian Rua Ó Cearbháin sa 17ú céad go dtiocfadh carráistí tine ar rothaí iarainn go hAcaill lá éigin agus go mbeadh coirp á n-iompar ar an gcéad aistear agus ar an aistear dheiridh, is beag a shíl aon duine go dtarlódh sé.  Coirp na n-oileánach a bádh i gCuan Mó a bhí ar an gcéad thuras traenach ar an líne nua go hAcaill i 1894 agus taisí na n-ógánach a maraíodh i dtine thubaisteach in Albain a bhí ar an turas iarnróid deiridh chun an oileáin i bhfómhar na bliana 1937.

 

Ceol na Seachtaine

Glór Tíre: Togha & Rogha

Anocht 22.55

Súil siar ar réaltaí móra cheol tíre na hÉireann agus iad le feiceáil ar stáitse ar an gclár ‘Glór Tíre’ i dteach tábhairne Theach na Céibhe i nGaillimh.

Pop 4

Dé Domhnaigh 17.55

Seó cairtcheoil na hÉireann leis an 30 singil is fearr á chur i láthair ag Eoghan Mac Diarmada as an O2 i mBaile Átha Cliath.  Na físeáin cheoil is fearr, agallaimh leis na réaltaí is mó, léirmheasanna ar albaim, ceol beo sa stiúideo ó bhannaí ceoil as Éirinn agus beidh na 10 gceirnín is fearr i gcairt na n-albam le buachan.

Mo Laoch: Seán Potts

Dé Domhnaigh 20.00

Clár faoin gceoltóir Seán Potts a bhí ina bhall de na Chieftains, tráth agus a bhíonn ag seinm ar an bhfeadóg stáin agus ar an bpíb uilleann. Beidh Mick Tubridy, Mary Bergin, Cumann na bPíobairí Uilleann chomh maith le daoine eile nach iad páirteach sa chlár seo.

Ceol ón Chartlann le Paul Brady

Dé Domhnaigh 22.00

Beidh Paul Brady i gcartlann UTV ag amharc ar na seanchláir agus ar thaifeadtaí ceoil atá ann. Aimseoidh sé cuid mhór ceoltóirí traidisiúnta agus ceol tíre: Cathal McConnell, Maighréad Ní Dhomhnaill agus Cathal Hayden ina measc.

Comhrá na Seachtaine

Diarmuid Mac an Adhastair

Amárach 19.30

Aisteoir agus ceardaí cumasach as Béal an Daingin i gCeantar na nOileán i nGaeltacht Chonamara é Diarmuid Mac an Adhastair.   Bhí teach ósta agus halla rince cáiliúil ag a mhuintir agus tá cuimhne mhaith aige ar ré órga na mbannaí ceoil ansin.  Tá ról lárnach aige sa sobaldráma teilifíse Ros na Rún le sé bliana déag agus ghlac sé páirt i scannáin cháiliúla freisin.

Taisteal na Seachtaine

Ó Bhearna go Carna

Amárach 20.30

Sraith cheithre chlár faisnéise is ea "Ó Bhearna go Carna", ina dtugtar léargas ar an ngnáthshaol laethúil mar a chaitheann cúigear é a bhfuil cónaí orthu idir Bearna agus Carna i gceartlár Chonamara.  An tseachtain seo ar “Ó Bhearna go Carna” faigheann Patsy Lydon, a bhfuil cónaí air leis féin ar Inis Treabhair i gCo. na Gaillimhe, litir a mbeidh tionchar aici ar an gcuid eile dá shaol. An mbeidh ar Mikey imeacht as an tír de bharr an chúlaithe eacnamaíochta?

Grá na Seachtaine

Mí na Meala

De Máirt 20.30

Brian & Sinéad Mullen:  I nDoire i 1983 a chas Sinéad agus Brian ar a chéile don chéad uair.  Chaith Brian roinnt ama sa Bhreatain Bheag ag an gcoláiste sular bhog sé ar ais go Doire. Tar éis na bainise chuaigh siad ar an mbád go Manchain i gcuideachta cairde leo a tháinig chuig an mbainis agus as sin go Bangor na Breataine Bige.

Siamsaíocht na Seachtaine

Damhsa Down Under

Dé Máirt 22.00

Sraith ina léirítear saol an damhsa ghaelaigh san Astráil. Níor éirigh le Samantha Murphy áit a bhaint amach sa Chraobh Dhomhanda - ach d’éirigh le Tommy Wilson agus beidh seisean ag tabhairt a aghaidh ar Bhaile Átha Cliath. Casfaimid le Carina Young agus lena máthair Cheryl agus feicfimid an tionchar atá ag na tuismitheoirí ar na damhsóirí óga seo.

 

 

Cúla4 an nÓg na Seachtaine

Ni Hao Kai Lan:

Dé Máirt & Déardaoin 7.25

Tá Kailan agus a cuid cairde ar fad ag ceiliúradh an Bhliain Úr Shíneach. Insíonn sí dúinn faoi na rudaí ar fad a bhíonn ar siúl acu ar an lá speisialta seo chomh maith leis na traidisiún a bhaineann leis an lá.

Agus ar an Déardaoin; Is Oíche Shamhna atá ann agus tá Kailan agus a cairde ar fad ag caitheamh feisteas iontacha. Tá súil acu dul ar bhothántaíocht chuig teach a gcomharsan ach gortaíonn Rintoo a chos agus cuirtear stop lena bpleananna.

 

PONC na Seachtaine

Red Bull X Fighters 2012

Déardaoin 18:00

Cuirtear tús le sraith nua na Red Bull X-Fighters 2012 ar an trá in Dubai. Beidh laochra cosúil leis an seaimpín Dany Torres, Nate Adams agus André Villa ag súil le toradh mór chun tús maith a chur leis an séasúr.

 

Suirbhé

Tá formhór na n-athruithe a fógraíodh i mBuiséad 2013 i bhfeidhm anois ó thús na bliana. An bhfuil tionchar na n-athruithe le tabhairt faoi deara go láidir go fóill dar libh?




Torthaí

Twitter