Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Dé Domhnaigh 10 Feabhra 2013

RSS

TÁ TÚ ANSEO Gnéithe TG4 Na Cláir is Fearr an tSeachtain Seo ar TG4

Na Cláir is Fearr an tSeachtain Seo ar TG4

Faisnéis na Seachtaine

Rí na gCnoc

Anocht 22.00

Clár ar thraidisiún nach bhfeictear chomh minic sin amuigh faoin tír in Éirinn níos mó - fear an phoist a bhíonn ag taisteal thart ar a rothar. Inseoidh Séamus Mulligan a scéal féin dúinn. Taistealaíonn sé 30 míle trí chnoic Ghort an Choirce fiú amháin nuair a bhíonn sé ag gleadhradh báistí, ina stoirm nó ag cur sneachta. 

 

Mobs Mheiriceá

Amárach 22.30

Ba é Mickey Spillane fear uasal shaol na coiriúlachta i gceantar Hell’s Kitchen. Bhíodh cambhrú aige ann agus bhí sé pósta le bean as teaghlach polaitiúil cumhachtach. Bhí sé féin agus an Maifia i gcoimhlint le chéile in Hell’s Kitchen ar feadh na mblianta. Nuair a maraíodh Spillane, ní hiad an Maifia ba chiontach ach nua de choirpigh as Éirinn.

 

Cogar: Níor Chéasta go Pósta

Dé Domhnaigh 21.30

Clár faoin tréimhse a raibh cosc ar mhná pósta dul ag múineadh. Bhíodh ar mhná éirí as an mhúinteoireacht dá bpósfaidís. I 1958 a cuireadh deireadh leis an dlí seo.

 

Séiplínigh na nImirceach

Dé Luain 20.00

An Taithí i Chicago: Sraith clár faoin obair a bhíonn ar bun ag Séiplínigh as Éirinn i measc a bpobail thar lear. I Chicago - cathair bhreá Ghaelach - atá an tAthair Micheál Ó Lionáird. Déanann sé freastal ar phobal Éireannach atá ansin le fada an lá agus ar Éireannaigh nach bhfuil i bhfad ann is atá b’fhéidir ann go mídhleathach.  

 

Ceol na Seachtaine

Glór Tíre: Togha & Rogha

Anocht 22.30

Súil siar ar réaltaí móra cheol tíre na hÉireann agus iad le feiceáil ar stáitse ar an gclár ‘Glór Tíre’ i dteach tábhairne Theach na Céibhe. Beidh Mick Flavin, Hugo Duncan agus Thomas Maguire ar chlár na hoíche anocht.

Ceol ón Chartlann le Paul Brady

Dé Domhnaigh 22.00

Beidh Paul Brady i gcartlann UTV ag amharc ar na seanchláir agus ar thaifeadtaí ceoil atá ann. Aimseoidh sé cuid mhór ceoltóirí traidisiúnta agus ceol tíre: Len Graham, John Rea agus Dolores Keane ina measc.

Comhrá na Seachtaine

Paddy Fitz

Amárach 19.30

Is as Rinn Mhaoile in iarthuaisceart Chonamara Paddy, ar fearr le go leor daoine “Fear an hata” a thabhairt air. Chaith sé tréimhsí fada i Sasana agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá, áit ar imir sé peil le foireann Nua-Eabhrac. Scéalaí, ceoltóir agus fear cuideachta é nach bhfuil drogall ar bith air a thuairimí a roinnt.

Súil siar na Seachtaine

Siar Sna 90idí: 1999

Amárach 20.00

1999: I measc na nithe ar an gclár beidh Robbie Williams i Slane, droichead nua ar an Life, bás Sheáin Uí Loingsigh, ‘Late Late Show’ deireadh Gay Byrne agus bás Donal McCann.  

 

Siamsaíocht na Seachtaine

An Samhradh Linn

Amárach 20.30

Dún na nGall: Is ar Bhaile Dhún na nGall i dTír Chonaill a thabharfaidh An Samhradh Linn aghaidh an tseachtain seo. Cuirfidh Síle Ní Bhraonáin seó spraíúil ceolmhar i bhur láthair. Beidh sí i gColáiste Bhun an Inbhir i nGaoth Dobhair chomh maith, áit a mbeidh neart spraoi agus damhsa ar an sean-nós.

 

Damhsa Down Under

Dé Máirt 22.00

Plúr na ndamhsóirí a bhaineann Craobh an Domhain sa damhsa gaelach. Tá obair chrua déanta ag damhsóirí na hAstráile ach ní bheidh siad ar fad ag teacht go Baile Átha Cliath. Is iad Ceili, Thommy, Carina, Brent, Sarah agus Colbee a bhfuil an beart déanta acu.

 

Taisteal na Seachtaine

Ó Tholg go Tolg

Amárach 21.30

Cuirtear síos sa tsraith seo ar dhaoine a bhíonn ag taisteal ach a fhaigheann lóistín saor in aisce. An tseachtain seo beidh na cailíní ag fanacht le Dmitry Logashin agus tabharfaidh siad cúnamh dó beatha a dháileadh ar dhaoine gan dídean i Mionsc. As sin rachaidh siad go Artyom Kulikov i Moscó áit a mbuailfidh siad le cairde le haghaidh seisiún ceoil.

 

Dáithí ar Route 66

Amárach 22.00

Dáithí Ó Sé ar aistear ar Route 66. Rachaidh sé trí Texas agus stopfaidh sé ag bialann an ‘Big Texan’ chun triail a bhaint as stéig atá acu atá 72 unsa meáchain. Rachaidh sé as sin go New Mexico agus tabharfaidh sé cuairt ar uaigh Billy the Kid sula rachaidh sé ar eitilt bhalúin the thar an Rio Grande.

 

Cé a Chónaigh i mo Theachsa?

Dé hAoine 22.55

Tabharfaidh Manchán Magan cuairt ar Theach Coolatore i gCo. na hIarmhí, teach atá suite ar thailte ríthe ársa na hÉireann agus fiosróidh sé an tarraingt a bhí ag rí an phopcheoil Michael Jackson ar an teach.

Spórt na Seachtaine

Laochra Gael – Na Coimhlintí

Dé hAoine 20.30

An Clár v Tiobraid Árann 1997 - 2001: Caithfear súil sa chlár seo ar an gcoimhlint a bhíodh idir an Clár agus Tiobraid Árann idir 1997 agus 2001 ar pháirc na hiomána. Bhuaigh an dá chontae Corn Liam Mhic Cárthaigh sna blianta sin. Cuirfear Ger Loughnane, John Costigan, Seán Bán Breathnach, Anthony Daly, John Leahy, Jamesie O'Connor agus Brendan Cummins faoi agallamh ar an gclár.

Wimbledon Beo

Dé Sathairn 14.20

Craoladh beo ar Chluiche Ceannais Chomórtas Singil na mBan i gCraobh Leadóige Wimbledon i Londain. Is iad Mac Dara Mac Donncha agus Brian Tyers a bheidh i mbun tráchtaireachta.

 

Dé Domhnaigh 14.00

Craoladh beo ar Chluiche Ceannais Chomórtas Singil na bhFear i gCraobh Leadóige Wimbledon i Londain. Is iad Mac Dara Mac Donncha agus Brian Tyers a bheidh i mbun tráchtaireachta.

 

Rás na seachtaine

Volvo Ocean Race Beo

Dé Sathairn 12.45

Craoladh beo ar rás an chuain i gCuan na Gaillimhe. D’éirigh thar barr leis an bhFéile seo nuair a tháinig na báid in 2008-09 agus is í cathair mhór na Gaillimhe ceann scríbe an rása i mbliana.

 

Tour de France Beo

Laethúil go Domhnach an 22 Iúil

Beochlúdach laethúil agus buaicphointí gach oíche ar an rás rothaíochta is cáiliúla agus is déine ar domhan an 99ú Tour ar fad. Beidh Prologue ann mar thús agus ina dhiaidh sin 20 Céim, cuid acu ar an talamh réidh agus cuid eile ar shleasa na gcnoc agus go mullach an tsléibhe uaireanta, 3,497 ciliméadar ar fad. Is iad Páidí Ó Lionáird agus Pádraic Ó Cuinn na tráchtairí agus beidh an clúdach ar fáil freisin ar an Seinnteoir ar www.tg4.tv.

 

PONC na Seachtaine

Aifric 2: ar Chúl an Ceamara

Dé Máirt 14:45

Téann Richie Ó hEadhra ar chúl an cheamara chun bualadh le haisteoirí agus criú do shraith 2 "Aifric", an dráma grinn a bhain IFTA amach anuraidh.

Cúla4 na Seachtaine

Kappa Mikey

Dé Luain & Dé Céadaoin 10:05

Tá buachaill as Meiriceá, Mikey, tar éis duais a bhuachan le bogadh go dtí an tSeapáin agus páirt a ghlacadh sa chlár teilifíse “LilyMu”. Tosaíonn gach eipeasóid agus iad ag cur tús le taifeadadh an chláir ach teipeann orthu é a chríochnú mar gheall go dtarlaíonn scrios!

Suirbhé

Tá formhór na n-athruithe a fógraíodh i mBuiséad 2013 i bhfeidhm anois ó thús na bliana. An bhfuil tionchar na n-athruithe le tabhairt faoi deara go láidir go fóill dar libh?




Torthaí

Twitter