Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Dé Domhnaigh 10 Feabhra 2013

RSS

TÁ TÚ ANSEO Gnéithe TG4 Na Cláir is Fearr an tSeachtain Seo ar TG4

Na Cláir is Fearr an tSeachtain Seo ar TG4

Spórt on TG4

Tour de France Beo

Laethúil 13.10

Craoladh beo ar an 10ú céim den Tour de France. Rachaidh na rothaithe as Mâcon go Bellegarde-sur-Valserine, aistear 194 km. Páidí Ó Lionáird agus Pádraic Ó Cuinn a bheidh i mbun tráchtaireachta.

 

GAA Beo

Anocht 19.15

Craoladh beo ar Chluiche Ceannais Iomána Faoi 21 Laighean de chuid Bhord Gáis. Micheál Ó Domhnaill a chuirfidh an clár i láthair agus beidh Brian Tyers i mbun tráchtaireachta.

Comhrá na Seachtaine

Pádraig Ó Máille

Amárach 19.30

Is as Doire Fhatharta in aice leis an gCeathrú Rua i nGaeltacht Chonamara Pádraig Ó Máille. Agus é ina fhear óg, théadh sé go Sasana gach geimhreadh ag obair sna monarchana biatais i lár na tíre, fostaíocht shéasúrach a bhí coitianta ag fir Chonamara ag an am. Phós sé féin agus a bhean, Nóra, taobh istigh de chúig seachtainí ó bhuail siad lena chéile.

Ceol na Seachtaine

Glór Tíre: Togha & Rogha

Anocht 23.00

Súil siar ar réaltaí móra cheol tíre na hÉireann mar a bhí siad le feiceáil ar stáitse ar an gclár ‘Glór Tíre’ i dteach tábhairne Theach na Céibhe. Beidh Nathan Carter ar stáitse anocht.

Siar an Bóthar

Amárach 20.00

I measc na gceoltóirí cáiliúla a bheidh ar an gclár beidh Vincent agus Peter Broderick ag casadh ar an bhfliúit, beidh Páidí Ó Lionáird ag canadh, agus beidh fear na feadóige stáin Jim Donoghue air chomh maith.

Mo Laoch: Peadar O’Loughlin

Dé Domhnaigh 20.00

Déantar ceol an fhidléara as Contae an Chláir, Peadar O’Loughlin, a cheiliúradh. Beidh Rónán Browne, Peter Browne, Ciarán Mac Mathúna agus Muiris Ó Rócháin i mbun cainte ar an gclár.

Ceol ón Chartlann le Paul Brady

Dé Domhnaigh 22.00

Beidh Paul Brady i gcartlann UTV ag amharc ar na seanchláir agus ar na taifeadtaí ceoil atá ann. Aimseoidh sé cuid mhór ceoltóirí traidisiúnta agus ceol tíre: June Tabor, Gerry O’Connor agus Jane Cassidy ina measc.

Siamsaíocht na Seachtaine

An Samhradh Linn

Amárach 20.30

Is i gContae Mhaigh Eo a bheidh Síle Ní Bhraonáin an tseachtain seo. Beidh idir cheol, dhamhsa agus bhia againn. Déanfaidh Coláiste Ghael Linn san Eachléim cúpla steip ar an sean-nós dúinn agus tabharfar léargas dúinn ar an méid atá le déanamh i gContae Mhaigh Eo.

Damhsa Down Under

Dé Máirt 22.00

Tá damhsóirí Gaelacha na hAstráile á réiteach féin don Chraobh Dhomhanda. Bhog Brent agus Colbee thar sáile chuig múinteoirí nua chun seans níos fearr a thabhairt dóibh féin. Cén chaoi a n-éireoidh leo i mBaile Átha Cliath i gcoinne na ndamhsóirí is fearr ar domhan?

Taisteal na Seachtaine

Ó Tholg go Tolg

Amárach 21.30

Sraith faoi dhaoine a bhíonn ag taisteal a fhaigheann lóistín saor in aisce. An tseachtain seo sa Rómáin a bheidh na cailíní áit a dtabharfaidh siad cuairt ar uaigh Dracula. Fanfaidh siad i mBúcairist agus as sin rachaidh siad go Brashov áit a bhfoghlaimeoidh siad le bia traidisiúnta Rómánach a réiteach.

 

Dáithí ar Route 66

Amárach 22.00

Dáithí Ó Sé ar aistear ar Route 66. Rachaidh sé trí New Mexico agus feicfidh sé Óstán El Rancho, áit ar fhan go leor aisteoirí mór le rá. Leanfaidh sé air trí Arizona áit a rachaidh sé ar héileacaptar os cionn an Grand Canyon.

 

Cé a Chónaigh i mo Theachsa?

Dé hAoine 23.25

Tabharfaidh Manchán Magan cuairt ar Mount Vernon i gCo. an Chláir. I 1788 a thóg an Colonel William Persse an teach seo agus thug sé Mount Vernon air mar gheall ar an gcairdeas a bhí aige le Uachtarán Mheiriceá, George Washington. Ba mhór an t-údar inspioráide a bhí sa teach do leithéid Lady Gregory, Hugh Lane agus WB Yeats.

 

Faisnéis na Seachtaine

Mobs Mheiriceá

Amárach 22.30

Tháinig coirpigh as Éirinn go mór chun cinn sna 1980idí i Nua-Eabhrac. Ba é Jimmy Coonan a bhí i gceannas ar an mbuíon ar a dtugtaí The Westies. Mharaigh agus chaith an buíon seo, a bhí faoi smacht Coonan, gach duine a chuaigh ina gcoinne.

 

Plandáil

Anocht 22.15

Ó Lonnaíocht go Cúnant: Fiosróidh Neil Martin luathbhlianta Phlandáil Uladh agus an bhaint a bhí ag lonnaitheoirí as ísealchríocha na hAlban léi.

Sam Maguire

Dé Domhnaigh 17.25

Clár faisnéise ar stair Chorn Sam Maguire. Thart ar a cúig a chlog an tríú nó an ceathrú Domhnach de Mheán Fómhair, téann captaen na foirne a bhuann Cluiche Ceannais na hÉireann sa pheil suas Staid Uí Ógáin chun an corn is cáiliúla sa tír, Corn Sam Maguire, a ghlacadh.

Cogar: John Beag – Ar Ancaire

Dé Domhnaigh 21.30

Clár faoin amhránaí John Beag Ó Flatharta, is é ar thuras pearsanta ar ais go dtí an stiúideo tar éis cúig bliana déag.

Misinéirí Radacacha

Dé Luain 20.00

Thug na céadta misinéir as Éirinn aghaidh ar an Bhrasaíl ó thús na 60idí. Ag triail ar thír fhíorshaibhir a bhí siad ach ag an am céanna bhí áiteanna ann a bhí fíorbhocht. Ag an am bhí an Bhrasaíl á rialú ag deachtóir míleata. Chuaigh an chos ar bolg polaitiúil, an éagóir agus an bochtanas a chonaic na misinéirí i gcion go mór ar go leor acu.

 

Scannal

Dé Máirt 19.30

Clár faisnéise ar chíréibeacha Dhroichead na Dothra i mBaile Átha Cliath an 18 Iúil 1981. Bhí na Gardaí faoi ionsaí ag lucht léirsithe taobh amuigh d’Ambasáid na Breataine agus iad i mbun agóide mar nach raibh Rialtas na Breataine sásta dul i mbun cainteanna leis an dream a bhí ar stailc ocrais i bPríosún na Ceise Fada.

 

Drámaíocht na Seachtaine

Rásaí na Gaillimhe 2

Dé Domhnaigh 22.30

Féachann an cúlbhinseoir Keane chun é féin a chur chun cinn arís i saol na polaitíochta ag Rásaí na Gaillimhe. Cuireann an tArd-Cheannfort Harte a húdarás in iúl do choirpigh na Gaillimhe.

Cúla4 na nÓg

Bó ag Bogadaí

Dé Luain, Dé Céadaoin & Dé hAoine 7:25

Is cailín óg í Bo atá bríomhar, lán le fuinneamh agus fiosrach faoin saol mór timpeall uirthi. Bíonn Bo, in éineacht lena dragún “Dezzy” ag spreagadh páistí óga sa bhaile dul ar eachtraí in éineacht léi agus í ag gluaiseacht ar an teilifís. Ar nós go leor laochra móra bíonn dúshláin agus constaicí roimh Bo agus nuair a éiríonn léi, ó am go chéile, faigheann sí duaiseanna mar thoradh. Bíonn cairde Bo i gcónaí ag bogadh léi agus ag cabhrú léi ar a bealach.

Suirbhé

Tá formhór na n-athruithe a fógraíodh i mBuiséad 2013 i bhfeidhm anois ó thús na bliana. An bhfuil tionchar na n-athruithe le tabhairt faoi deara go láidir go fóill dar libh?




Torthaí

Twitter