Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Dé Domhnaigh 10 Feabhra 2013

RSS

TÁ TÚ ANSEO Gnéithe TG4 Na Cláir is Fearr an tSeachtain Seo ar TG4

Na Cláir is Fearr an tSeachtain Seo ar TG4

Spórt na Seachtaine

GAA Beo

Anocht 19.15

Craoladh beo ar Chluiche Leathcheannais Iomána Bhord Gáis Energy Faoi 21 na Mumhan nuair thabharfaidh Luimneach aghaidh ar Thiobraid Árann ar Pháirc na nGael. Micheál Ó Domhnaill agus Brian Tyers a bheidh i mbun tráchtaireachta.

 

GAA Sna 70idí

Anocht 21.10

Mórscéalta agus buaicphointí Chumann Lúthchleas Gael sna seachtóidí. Tréimhse a raibh Ciarraí agus Baile Átha Cliath i mbarr réime sa pheil agus ar iomaí coimhlint ghéar a bhí eatarthu ar pháirc na himeartha. Sna seachtóidí freisin a cuireadh deireadh le Riail 21. Caithfear súil freisin ar laochra móra na haimsire, Jimmy Barry Murphy agus go leor eile.

 

Red Bull Cliff Diving 2012

Amárach 17.40

Cuirfear tús le sraith nua Red Bull Cliff Divers 2012 ar Oileán Corsaice na Fraince. Tabharfaidh na tumadóirí is cumasaí ar domhan aghaidh ar a chéile, iad ar fad ag iarraidh go n-ainmneofaí iad mar Sheaimpín Red Bull 2012.

 

GAA Beo

Déardaoin 19.15

Craoladh beo ar Chluiche Leathcheannais Iomána Bhord Gáis Energy Faoi 21 na Mumhan nuair thabharfaidh Port Láirge aghaidh ar an gClár ar Pháirc Uí Chíosóig. Micheál Ó Domhnaill agus Brian Tyers a bheidh i mbun tráchtaireachta.

Laochra Gael – Na Coimhlintí

Dé hAoine 20.30

Gaillimh v Luimneach 1980 - 1981: Caithfear súil siar ar an gcoimhlint a bhíodh idir Gaillimh agus Luimneach san iomáint idir 1980 agus 1981. Beidh Conor Hayes, Sean Silke, Joe Connolly, Eamonn Cregan agus Liam O’Donoghue i measc na gcainteoirí ar an gclár.

Faisnéis na Seachtaine

Plandáil

Anocht 22.15

Ó Éirí Amach go hAthghairm: Plandáil Uladh - féachann Neil Martin ar na sléachtanna a tharla le linn an éirí amach i 1641 tráth ar tháinig arm as Albain le tailte na plandála a chosaint agus a chuir bun faoin Eaglais úr Phreispitéireach in Éirinn.

Cogar: Néilidh Mulligan

Dé Domhnaigh 21.30

Léargas ar shaol Néilidh Mulligan, aisteoir agus fear grinn as Gaoth Dobhair, a bhí 92 bliain d'aois nuair a rinneadh an clár seo ach atá anois ar shlí na fírinne. Rachaidh Néilidh siar ar bhóithrín na smaointe agus ar na laethanta a chaith sé ina aisteoir, ina bhall d’Óglaigh na hÉireann, ina fhear grinn agus ina athair.

Misinéirí Radacacha

Dé Luain 20.00

Sa tSalvadóir: Tréimhse fhuilteach a bhí sa tréimhse ó 1980 go 1992 do phobal na tíre bige seo i Meiriceá Láir, El Salvador, a fhad is a mhair an cogadh cathartha ansin. Bhí na misinéirí as Éirinn a bhí ann sáite i lár cogaidh idir an saibhir agus an daibhir.

Scannal

Dé Máirt 19.30

Móin na gCaor: An 23 Aibreán 2007 fuarthas coirp Adrian agus Ciara Dunne agus a mbeirt iníonacha ina dteach cónaithe i Móin na gCaor i gCo. Loch Garman. Ní raibh na Gardaí sa tóir ar aon duine mar ba léir gur dhúnmharú/fhéinmharú a bhí ann.

Siamsaíocht na Seachtaine

An Samhradh Linn

Amárach 21.10

Is i gContae na Gaillimhe a bheidh Síle Ní Bhraonáin an tseachtain seo. Beidh idir cheol, dhamhsa agus bhia sa Chlochán againn. Déanfaidh Coláiste Sheosaimh i gCill Chiaráin cúpla steip ar an sean-nós dúinn agus tabharfaimid cuairt ar Pháirc Náisiúnta Chonamara. Tabharfar léargas dúinn ar an méid atá le déanamh i gContae na Gaillimhe.

Dáithí ar Route 66

Amárach 22.15

Tá Dáithí Ó Sé fós ar a aistear ar Route 66. Téann sé trí fhásach an Mojave agus is léir dó an tionchar a bhí ag cinneadh an Rialtais Route 66 a bhaint de léarscáileanna oifigiúla na tíre ar na pobail bheaga atá ar an mbóthar sin. Tagann deireadh lena thuras in Santa Monica.

 

Mí na Meala

Dé Máirt 20.30

Joe agus Patricia Uí Gallchóir – 31 Márta 1975: Is as Sasana Patricia ó dhúchas ach bhog sí go Dún na nGall nuair a bhí sí naoi mbliana d’aois. Chas an bheirt ar a chéile i Halla Pobail Ghort an Choirce agus phós siad an 31 Márta 1975 in Yorkshire. Go dtí an Spáinn a chuaigh siad ar Mhí na Meala.

Taisteal na Seachtaine

Cé a Chónaigh i mo Theachsa?

Dé hAoine 23.45

Tabharfaidh Manchán Magan cuairt ar Chaisleán Bhaile na hInse i gConamara i gCo. na Gaillimhe. Tá Caisleán Bhaile na hInse suite ar bhruach abhann agus neadaithe i gcoill i gceantar sléibhe agus ní iontas ar bith é gur tháinig agus go dtagann daoine ann ar thóir suaimhnis agus caithimh aimsire. (Athchraoladh)

 

Tour de France Beo

Dé Domhnaigh 12.55

Craoladh beo ar an 20ú céim, an chéim dheiridh, den Tour de France. Rachaidh na rothaithe as Rambouillet go dtí an Champs-Élysées i bPáras, aistear 120 km. Páidí Ó Lionáird agus Pádraic Ó Cuinn a bheidh i mbun tráchtaireachta.

Ceol na Seachtaine

Ceolchuairt

Dé Domhnaigh 17.35

An India: Rachaidh Rossa agus Rónán Ó Snodaigh, ceoltóirí as Baile Átha Cliath, ar oilithreacht cheolmhar go dtí an India – rachaidh siad ar thuras ó Varanasi, lárionad na spioradáltachta ar bhruach na gainséise, go dtí cathair Mumbai – áit a seinnfidh siad in éineacht lena laoch ceoil, Zakir Hussain.

 

Dúlra na Seachtaine

Domhan an Dúlra

Dé Domhnaigh 20.30

Béar Bán: Fiosróimid an fáth a bhfuil an béar bán ag imeacht as a thír dhúchais, an Ghraonlainn, agus ag tabhairt aghaidh ó dheas ar an Íoslainn.

 

Drámaíocht na Seachtaine

Rásaí na Gaillimhe 2

Dé Domhnaigh 22.30

Tagann Creed roimh na pleananna a bhí ag Keane ach faraor faigheann an t-iriseoir Hanly eolas ar a raibh ar bun. Tá duine éigin ag cur as do Harris agus tá deartháir Shiobháin ag cur as dise. Tá na deartháireacha de Barra ligthe amach as an bpríosún a bhuíochas sin dá ndeartháir eile Oisín ach ní mó ná sásta atá siad go gcaithfidh siad dul ar ais go Gaillimh.

Cócaireacht na Seachtaine

Bean an Tí sa Chistin

Dé Máirt 20.00

Sraith cócaireachta ina rachaidh beirt bhan tí in iomaíocht lena chéile chun béile a réiteach do sheisear Gaeilgeoirí. Na Gaeilgeoirí féin a roghnóidh an béile is fearr leo. Tabharfaidh Máirín Uí Threasaigh as Co. na Gaillimhe agus Mairéad Uí Bhrádaigh as Co. Dhún na nGall aghaidh ar a chéile sa chlár seo. Cén béile is mó a thaitneoidh leis na moltóirí? Á chur i láthair ag Pádraig Ó Sé.

 

Suirbhé

Tá formhór na n-athruithe a fógraíodh i mBuiséad 2013 i bhfeidhm anois ó thús na bliana. An bhfuil tionchar na n-athruithe le tabhairt faoi deara go láidir go fóill dar libh?




Torthaí

Twitter