Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Dé Domhnaigh 10 Feabhra 2013

RSS

TÁ TÚ ANSEO Gnéithe TG4 Na Cláir is Fearr an tSeachtain Seo ar TG4

Na Cláir is Fearr an tSeachtain Seo ar TG4


Spórt na Seachtaine

GAA Sna 80í

Anocht 21.05

 Caithfimid siúl siar ar na scéalta CLG a bhí sa nuacht sna 80idí.  Ina measc na coimhlintí idir Corcaigh agus an Mhí, Hill 16 agus na cúil mhí-chlúiteacha a scóráil Seamus Darby agus Jimmy Barry Murphy.

Laochra Gael – Na Coimhlintí

Dé hAoine 20.30

Gaillimh v Maigh Eo 1995 - 1999:  Caitear súil sa chlár seo ar an gcoimhlint a bhíodh idir Gaillimh agus Maigh Eo sa Pheil idir 1995 agus 1999.  D’éirigh le Gaillimh Corn Mhic Uidhir a bhuachan sa bhliain 1998.  Cuirfear John Maughan, James Nallen, Liam McHale, Seán Óg de Paor, Seán Ó Domhnaill agus John O'Mahony faoi agallamh ar an gclár.

 

Faisnéis na Seachtaine

Plandáil

Anocht 22.10

Ó Athghairm go Réabhlóid: Cuirfidh Neil Martin eolas ar mar a chinntigh blianta deireanacha an 17ú hAois ráth fadtéarmach Phlandáil Sheámais I i gCúige Uladh.  Bhí baint mhór ag creideamh leis agus ag  an tacaíocht a thug Preisbitéirigh na hAlban-Uladh don Phrotastúnach Liam Óráiste leis.

Mobs Mheiriceá

Amárach 22.30

I Ros Muc, Co. na Gaillimhe a rugadh Pat Nee ach i Southie i mBostún a tógadh é.  Cuirfidh Nee síos dúinn ar an mbaint a bhí aige le saol na coiriúlachta i mBostún agus le leithéid Whitey Bulger agus a bhuíon.  I 1984, bhí caint mhór ar Pat Nee faoi gur chuir sé lastas mór gunnaí ar fáil don IRA.

Cogar: Sa mBaile san Ind

Dé Domhnaigh 21.30

Téann beirt deirfiúracha as Conamara ar aistear fada go dtí an India chun aithne a chur ar ghaolta leo agus chun léargas a fháil ar an gcultúr.

 

Misinéirí Radacacha

Dé Luain 20.00

Na hOileáin Fhilipíneacha:  Tá sé breis agus céad bliain ó chuaigh na chéad Mhisinéirí as Éirinn go dtí na hOileáin Fhilipíneacha.  Ba thréimhse dhúshlánach, chontúirteach a bhí anseo faoi dheachtóireacht Marcos.  Ach sheas misinéirí na hÉireann le muintir na tíre chun daonlathas agus síocháin a bhaint amach.

Scannal

Dé Máirt 19.30

Nuair a scríobh máthair óg a bhí ag fáil bháis le hailse ríomhphost chuig an gclár Liveline ag gearán faoin easpa seirbhísí a bhí i gcóras sláinte na hÉireann d’othair phoiblí, spreag sí díospóireacht i measc an rialtais agus i measc an phobail. Fuair Susie Long bás le hailse phutóige an 7ú Deireadh Fómhair 2007 ag aois 41 bliain.

Siamsaíocht na Seachtaine

An Samhradh Linn

Amárach 20.30

Is i gContae an Chláir a bheidh Síle Ní Bhraonáin an tseachtain seo. Beidh idir cheol, dhamhsa agus bhia in Inis againn. Déanfaidh Coláiste Eoghain Uí Chomhraidhe i gCarraig an Chabhaltaigh cúpla steip ar an sean-nós dúinn.

 

Ó Tholg go Tolg

Amárach 21.30

Cuirtear síos sa tsraith éagsúil seo ar dhaoine a bhíonn ag taisteal agus a fhaigheann lóistín saor in aisce.  An tseachtain seo beidh na cailíní in Adalia sa Tuirc áit a rachaidh siad ag snámh le deilfeanna.  Rachaidh siad chuig ionad stairiúil Ephesus sula mbogfaidh siad ar aghaidh go hoileán Kos sa Ghréig.

 

Dáithí ar Highway 61

Amárach 22.00

Cuirfidh Dáithí tús lena thuras ar Highway 61 i New Orleans, cathair mhór le snagcheol. Gheobhaidh sé eolas ar an gcleachtas voodoo a bhaineann leis an gcathair seo agus gheobhaidh sé léargas ar an damáiste mór a rinne an Spéirling Caitríona ann.  In ainneoin go bhfuil sí fós ag teacht chuici féin i ndiaidh na spéirlinge, tá spraoi is spórt fós sa chathair bhreá seo.  Bí i dteannta Dháithí ar Highway 61!

 

Cé a Chónaigh i mo Theachsa?

Dé hAoine 23.05

Sa chlár seo tabharfaidh Manchán Magan cuairt ar Aughavannagh i gCo. Chill Mhantáin.  Os cionn dhá chéad bliain ó shin a tógadh teachín an aisteora agus an scríbhneora Éamon Morrissey i gcroílár Chill Mhantáin.

 

Damhsa Down Under

Dé Máirt 22.00

Tá an Chraobh Dhomhanda faoi lán tseoil i mBaile Átha Cliath, agus tá súil ag beirt bhuachaillí gradam a thabhairt abhaile leo. Díríonn an clár seo ar Tommy Wilson as an Astráil agus ar an Éireannach, Richard Murray. Is seaimpíní náisiúnta iad an bheirt ach an mbeidh siad in ann an beart a dhéanamh ag léibhéal idirnáisiúnta?

 

Ceol na Seachtaine

Ceolchuairt

Dé Domhnaigh 17.40

An Iorua: Téann an fidléir as Tír Chonaill Mairéad Ní Mhaonaigh ar thuras go dtí an Iorua, áit a bhfaigheann sí greim sa deireadh ar a fidil Hardanger féin – tá sí faoi gheasa ag an uirlis cheoil seo le blianta.

 

Stair na mBannaí Céilí

Dé Domhnaigh 22.00

Sraith ar stair na mbannaí céilí.  I Londain i 1897 a d’eagraigh Conradh na Gaeilge an chéad chéilí.  Cuirfear dhá bhanna céilí in aithne dúinn sin iad Ceoltóirí na Mainistreach as Co. an Chláir agus The Knockmore Céilí Band as Fear Manach agus iad ag ullmhú do chomórtais céilí na bliana seo.

 

Nádúr na Seachtaine

Domhan an Dúlra

Dé Domhnaigh 20.30

Tíogar: Cén chaoi a bhfuil ag éirí le tíogair na hÁise maireachtáil? Idir fhiach agus gáinneáil níl ag an tíogar seo anois ach caolsheans.

 

 

Drámaíocht na Seachtaine

Rásaí na Gaillimhe 2  

Dé Domhnaigh 22.30

Bíonn sé ina chaitheamh agus ina réabadh agus tá Siobhán agus muintir de Barra ina cheartlár.  Is dona a théann an spraoi do Keane mar go gcuirtear duine éigin den saol á bharr.

Cócaireacht na Seachtaine

Bean an Tí sa Chistin  

Dé Máirt 20.00

Sraith cócaireachta ina rachaidh beirt bhan tí in iomaíocht le chéile chun béile a réiteach do sheisear Gaeilgeoirí.  Na Gaeilgeoirí féin a roghnóidh an béile is fearr leo.  Tabharfaidh Peigín Uí Mhárta as Conamara, Co. na Gaillimhe agus Nóra Dillon as Conamara, Co. na Gaillimhe aghaidh ar a chéile sa chlár seo. Cén béile is mó a thaitneoidh leis na moltóirí? Á chur i láthair ag Pádraig Ó Sé.

 

Feirmeoireacht na Seachtaine

Feirmeoirí

Dé Máirt 20.30

Sa tsraith seo leanfaimid feirmeoirí éagsúla thar thréimhse sé mhí is iad ag iarraidh slí bheatha a bhaint amach ar bhealaí éagsúla in ainneoin na ndeacrachtaí.  Sa chéad chlár tá Joe Joyce, feirmeoir caorach as Dúiche Sheoigheach atá ag baint an leasa chéanna as an talamh is a bhain a mhuintir roimhe.

Cúla4 na nÓg

Dora

Dé Céadaoin & Dé hAoine 8:30 

Is cailín beag, seacht mbliana d'aois í Dora. Téann sí ar thurais dhraoíchtúla a bhaineann lena ríomhaire. Tá neart cairde speisialta aici freisin! Tá mapa agus mála aici ach an cara is fearr atá aici ná Bróigín agus bíonn an-spraoi acu ag foghlaim faoin domhan timpeall orthu.

Cúla4 na Seachtaine

Avatar

Dé Luain- Dé hAoine @ 10:30  

Tine. Uisce. Aer. Talamh. Is ag an Avatar amháin atá an chumhacht na ceithre cinn a choinneáil faoi smacht. Is ar Aang, buachaill dhá bhliain déag d’aois, atá an cúram na cumhachtaí a rialú, ach lena phearsantacht spraíúil agus páistiúil, bíonn níos mó suime aige a bheith ag imirt agus ag cruthú cairdis le gasúir eile ó am go h-am.

Suirbhé

Tá formhór na n-athruithe a fógraíodh i mBuiséad 2013 i bhfeidhm anois ó thús na bliana. An bhfuil tionchar na n-athruithe le tabhairt faoi deara go láidir go fóill dar libh?




Torthaí

Twitter