Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Dé Domhnaigh 10 Feabhra 2013

RSS

TÁ TÚ ANSEO Gnéithe TG4 Féile na Nollag 2012 ar TG4 - 22 Nollaig – 4 Eanáir

Féile na Nollag 2012 ar TG4 - 22 Nollaig – 4 Eanáir

Ceol is Cuimhní, Spórt is Pléaráca

Féile na Nollag 2012 ar TG4  -    22 Nollaig – 4 Eanáir

Beidh rogha fairsing siamsaíochta ar fáil ag lucht féachana TG4 faoi Nollaig, tráth a bhfuil clársceideal mealltach éagsúil leagtha amach ó thús go deireadh na féile agus rud éigin sa stoca don  uile mhian.

Scrúdóidh an clár faisnéise Faoi Gheasa ag The Quiet Man scéal iontach an scannáin a léirigh fear de bhunadh Chois Fharraige, an ceannródaí John Ford, i gConamara 60 bliain ó shin. Scannán nuálach eile a bheidh faoi chaibidil  ag Mise Éire- Lorg na gCos ina ríomhann an stiúrthóir George Morrison a chuimhní ar an saothar iontach sin.   Tugann An Nollaig Fadó siar ar bhóithrín na cuimhne muid freisin agus  ar thraidisiún na Nollag mar a bhí in Éirinn sula raibh aon Tíogar ann.   Beidh fear Inis Mór ag dul chuig an bpost freisin lena Litir ó Mháirtín Jaimsie ina gcaitheann sé súil siar ar a shaol eachtrúil mar aisteoir agus mar chraoltóir agus é chomh géarchúiseach faoina laigí féin is atá faoi aon ábhar eile atá luaite aige sa litir.

Bíonn fonn ceoil ar dhaoine an tráth seo bliana agus gheobhaidh said sin a mian ar TG4 freisin.  Sa gclár  John Doherty - Ar Leirg na Gaoithe, tugann an fidléir óg Conallach, Ciarán Ó Maonaigh ómós do laoch ceoil Ard a’ Rátha agus a oidhreacht shaibhir.   Is ar laochra ceoil na príomhchathrach a  bheidh Geantraí na Nollag ag díriú agus an grúpa  The Dubliners ag fágáil slán ag cheoil a mhair breis is leathchéad bliain agus ag tabhairt ómóis do Bharney McKenna, a bhásaigh san Earrach.  Beidh ceol uirlise den scoth agus amhránaithe aitheanta ar nós  Mhuireann Nic Amhlaoibh agus Karan Casey páirteach sa spraoi.

Beidh Nollaig na Maggies á cheiliúradh freisin, clár speisialta a thaifead  Tríona agus Maighread Ní Dhomhnaill, Mairéad Ní Mhaonaigh agus Moya Brennan i gCaisleán Ghleann Bheatha agus iad ar fhód a ndúchais agus i measc a gcairde Conallacha.

Ar na réaltaí ceoil tíre in Éirinn a bheidh á gceiliúradh  ar chláracha speisialta ar leith, beidh Daniel O’Donnell, Philomena Begley, Johnny McEvoy agus an cumadóir siúlach Andy Irvine. Dar ndóigh ní bhíonn oíche ar bith ciúin i Ros na Rún agus beidh neart ábhar cainte agus  biadáin ar fud an bhaile bhig de thoradh eachtraí na Nollag ansin. Tugann an tsaoire deis dúinn freisin súil siar a chaitheamh ar mhór-imeachtaí spóirt na bliana agus beidh neart díobh sin ar TG4, ina measc  cluichí ceannais agus eile mar aon le beochraoladh ar chluichí rugbaí ó Shraith RaboDirect Pro 12.

Suirbhé

Tá formhór na n-athruithe a fógraíodh i mBuiséad 2013 i bhfeidhm anois ó thús na bliana. An bhfuil tionchar na n-athruithe le tabhairt faoi deara go láidir go fóill dar libh?




Torthaí

Twitter