Foinse

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Dé hAoine 13 Aibreán 2012

RSS

TÁ TÚ ANSEO Gnéithe TG4 Caoimhe Ní Chonchoille: Nuacht TG4

Caoimhe Ní Chonchoille: Nuacht TG4

Cárb as tú?
Tógadh i nGaeltacht Ghaoth Dobhair mé i gCo. Dhún na nGall. Is as sráidbhaile beag darb ainm Croithlí mé.

Cá ndeachaigh tú ar an choláiste?
D’fhreastail mé ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, áit a ndearna mé céim sna Dána (Gaeilge agus Béarla). Ina dhiaidh sin, bhain mé MA amach sa Nua-Ghaeilge agus ansin rinne mé Ard-Dioplóma i gCumarsáid Fheidhmeach. Thaitin an ollscoil go mór liom mar gheall go raibh sé cosúil le bheith sa bhaile ar dhóigh mar go raibh an oiread sin daoine as Dún na nGall ansin ach chomh maith leis sin, thug sé deis dom bualadh le daoine as gach cearn den tír.

Cén chaoi a bhfuair tú an post mar iriseoir?
Thosaigh mé ag obair le Nuacht níos mó ná dhá bhliain ó shin. Bhí mé ag obair mar stiúrthóir agus taighdeoir ar chláir de pháistí in TG4 roimhe sin agus ansin d’oibrigh mé mar láithreoir ar an gclár Féilte.

Cén chomhairle a thabharfá do dhéagóirí a mbeadh suim acu a bheith ina n-iriseoirí?
Déarfainn le déagóir ar bith a bhfuil suim aige nó aici san iriseoireacht an méid taithí agus is féidir a fháil. Má chiallaíonn sin obair dheonach a dhéanamh i stáisiún raidió áitiúil nó le nuachtán, déan é.

Cén stíl faisean is fearr leat?
Níl aon stíl ar leith agam, tá meascán de stíleanna sa chófra agam. Cótaí is mó atá agam, bíonn siad de dhíth mar gheall ar an obair agus mar gheall ar an drochaimsir! Sílim go bhfuil sé níos tábhachtaí éadaí a oireann duit féin go pearsanta a chaitheamh seachas a bheith ag caitheamh éadaí ar mhaithe le faisean amháin.

Cén caitheamh aimsire is fearr leat?
Bainim sult as a bheith amuigh ag siúl. Tá an t-ádh orm mar gheall go bhfuil mé i mo chónaí i mBóthar na Trá i nGaillimh agus tá sé go álainn a bheith amuigh ag siúl cois na farraige nuair a bhíonn an ghrian ag soilsiú — cé nach dtarlaíonn sin rómhinic!

Suirbhé

Ar cheart ainmhithe móra cosúil le heilifint a úsáid ar mhaithe le siamsaíocht go fóill?




Torthaí

Twitter

 
Foinse Bean rialta cúisithe as leanaí a ghoid sa Spáinn - http://t.co/wiPqtsk2 - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie gaeilge
About 12 hours ago
 
Foinse Triúr maraithe agus go leor eile gortaithe de bharr stoirmeacha cloichs - http://t.co/T44PdiIY - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie gaeilge
About 12 hours ago