Foinse

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Dé hAoine 13 Aibreán 2012

RSS

TÁ TÚ ANSEO Gnéithe TG4 Cormac De Barra: Láithreoir Imeall

Cormac De Barra: Láithreoir Imeall

Cárb as tú?
B’as Gaeltacht Mhúscraí do mhuintir mo mháthar ach rugadh is tógadh mise i mBÁC.

Cá ndeachaigh tú ar an gcoláiste?
Rinne mé céim sa Chumarsáid in DIT agus fuair mé mo chéad phost mar láithreoir ar an tsraith cheoil FLOSC.

Cén chaoi a bhfuair tú an post mar láithreoir?
D’fhág mé an teilifís i mo dhiaidh ansin chun díriú ar an gceol ach mheall an Déiseach agus léiritheoir spreagúil teilifíse, Maggie Breathnach, isteach mé mar láithreoir ar Imeall. Theastaigh foireann ealaíontóirí agus ceoltóirí uaithi mar thuairisceoirí agus is deacair í a dhiúltú.

Cén chomhairle a thabharfá do dhéagóirí a mbeadh suim acu a bheith ina láithreoir teilifíse?
Mholfainn do dhuine ar bith atá ag iarraidh a bheith ina láithreoir tosú leis an raidió. Obair dheonach a bhíonn i gceist ar dtús ach bíonn deiseanna ann do dhaoine a bhfuil cur chuige iontu agus samhlaíocht acu.

Cén phearsa is fearr leat i Ros na Rún?
Pé uair a fheicim Ros na Rún bíonn Tadhg ag breathnú go nimhneach ar dhuine éigin. Carachtar iontach é bíodh is go bhfuil sé gránna!

Cé hé/hí do laoch?

An laoch ba mhó a spreag mise ná Róisín Ní Sheaghdha, mo mhamó. Is í a mhúscail mo spéis sa cheol agus a thug oiliúint dom ar an gcláirseach. Ní bheinn ag seinm murach í.

Cén chaitheamh aimsire atá agat?

Mo chuid ceoil an caitheamh aimsire is ansa liom, freisin, agus tá an t-ádh liom a bheith ag seinm is ag taisteal le leithéidí Hazel O’Connor, Julie Feeney, Moya Brennan agus Clannad féin uaireanta.

Suirbhé

Ar cheart ainmhithe móra cosúil le heilifint a úsáid ar mhaithe le siamsaíocht go fóill?




Torthaí

Twitter

 
Foinse Bean rialta cúisithe as leanaí a ghoid sa Spáinn - http://t.co/wiPqtsk2 - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie gaeilge
About 12 hours ago
 
Foinse Triúr maraithe agus go leor eile gortaithe de bharr stoirmeacha cloichs - http://t.co/T44PdiIY - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie gaeilge
About 12 hours ago