RSS

TÁ TÚ ANSEO Gnéithe TG4

TG4

Mór-shraith ghrinn do TG4 seolta i dTír Chonaill

Níl aon mhaolú ar chumas na hearnála teilifíse i nGaeltacht Thír Chonaill greann den scoth a léiriú i nGaeilge, tar éis gur fógraíodh inniu go bhfuil mór-shraith eile cruthaithe le soláthar do TG4. Léireofar an tsraith nua The Bunions i dTír Chonaill idir seo agus deireadh na bliana, le maoiniú ó TG4 agus ó Údarás Craolacháin na hÉireann agus craolfar í ar TG4 an bhliain seo chugainn.

Thuill earnáil teilifíse na gConallach clú an ghrinn go luath i stair an chainéil le sraitheanna nuálacha aitheanta ar nós C U Burn, Gleann Ceo agus FFC. Cruthaíodh agus léiríodh na sraitheanna seo i  nGaeltacht Dhún na nGall agus b’as an gceantar sin lucht a scríofa, a léirithe agus na haisteoirí a ghlac páirt.  Bhain na sraitheanna seo lucht féachana suntasach amach don chainéal Gaeilge agus bhuaigh siad duaiseanna go leor freisin.

Bhí Seán Beag Mac Fhionnghaile ón Ghlaisigh, Gaoth Dobhair ar dhuine de na ceannródaithe Conallacha sa saothar seo ar fad. Bhí a chumas scríbhneoireachta agus aisteoireachta lárnach sa mbláthú a tháinig faoin ngreann Gaeilge don teilifís i dtús-laethanta TnaG (TG4 anois). Faraor, bhásaigh Seán i 2009 ach maireann a oidhreacht go láidir ina shaothar craolta agus sa tsraith nua seo.  Sular bhásaigh sé, bhí tús déanta ag Seán ar an tsraith nua The Bunions agus tar éis a bháis, lean a mhac Aodh agus scríbhneoirí áitiúla eile leis an obair, faoi stiúir Tommy McArdle, Ultach a bhfuil a shaol caite aige i réimse na drámaíochta agus na teilifíse.

Cúl a'Tigh

Is é an comhlacht léiriúcháin Cúl a’Tigh atá i mbun na hoibre seo do TG4. Tá na scripteanna críochnaithe anois agus ní fada go gcuirfear tús le roghnú na n-aisteoirí sula dtéitear i mbun léiriúcháin go háitiúil i dTír Chonaill.  Fuair an togra maoiniú ón scéim Fuaim agus Fís de chuid Údarás Craolacháin na hÉireann agus craolfar an tsraith ar TG4 i 2014.

Eachtraí grinn a tharlaíonn do Bharney Bunion atá i lár an dráma nua seo. Fear é atá fillte abhaile ón imirce agus a bhunaíonn seirbhís bhleachtaireachta sa Ghaeltacht.  Is iomaí cor cam a fheiceann sé le linn a chuid oibre agus níl a shaol féin gan corr-iontas freisin.

Déanfaidh an tsraith nua  leas suntasach eacnamaíoch don cheantar le linn an léirithe, ní amháin don chliar aisteoirí agus don fhoireann léiriúcháin ach do na seirbhísí éagsúla a bhíonn de dhíth ar mhór-thogra teilifíse mar seo le linn na hoibre.  Tá buiséad suntasach sé fhigiúir leis.

Bhí Ardstiúrthóir TG4, Pól Ó Gallchóir agus a chomh-Chonallach, Micheál Ó Meallaigh, Stiúrthóir Coimisiúnaithe TG4 i nGaoth Dobhair inniu don fhógra seo. Tá Micheál Ó Meallaigh ar dhuine de na crainn taca is mó a bhí ag “Scoil Ghreann Teilifíse na gConallach” ó bunaíodh í.

Foinse Ceathrar fós faoi choimeád maidir le dúnmharú fir i nGaillimh - http://is.gd/RnjMG3 - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
09:30AM Jun 07
Foinse Pianbhreith le gearradh ar iarshagart as dhá chúis de mhí-úsáid ghn - http://is.gd/GG4KIs - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
09:15AM Jun 07
Foinse An Stát chun achomharc a dhéanamh maidir le rialú a thug an Ard-Chúi - http://is.gd/6uUlU6 - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
02:46PM Jun 06
Foinse Deis cógais níos saoire a chur ar fáil d'othair - http://is.gd/duhG26 - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
11:53AM Jun 06
Foinse Teachtaireacht ó cheannaire Al-Qaeda do mhuintir na Siria - http://is.gd/B1udmP - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
09:48AM Jun 06