Foinse

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Dé Sathairn 05 Samhain 2011

RSS

TÁ TÚ ANSEO Gnéithe TG4 Síle Nic Chonaonaigh: Láithreoir Garraí Glas

Síle Nic Chonaonaigh: Láithreoir Garraí Glas

Cárb as tú?
Is ón Spidéal mé.

Cá ndeachaigh tú ar an gcoláiste?
Chuaigh mé ag an gColáiste i nGaillimh ar dtús ach níor chríochnaigh mé an chéim ansin. Glacadh liom ar an gcúrsa aisteoireachta i gColáiste na Tríonóide. Níor shíl mé riamh go bhféadfaí an oiread suilt a bhaint as cúrsa chomh dian, ach bhí me iontach sásta ann.

 Cén chaoi a bhfuair tú an post mar láithreoir?
Bhí mé ag obair le Abú Media in Indreabhán i gConamara le cúpla bliain anuas, mar stiúrthóir den chuid is mó. Ansin, an bhliain seo caite, d’iarr siad orm an mbeadh suim agam seasamh os comhair an cheamara arís. Bhí an-suim go deo agam san ábhar — garraíodóireacht orgánach — agus mar sin thapaigh mé an deis.

Cén chomhairle a thabharfá do dhéagóirí a mbeadh suim acu a bheith mar láithreoir teilifíse?
Coinnigh ort ag obair agus bí sásta rudaí éagsúla a thriail — is iontach an rud taithí!

Cé hé/hí do laoch?
Duine ar bith atá sásta seasamh ar son a gceart daonna.

Cén caitheamh aimsire is fearr leat?
Is breá liom an garraí ach má tá sé ag báisteach is breá liom castáil le cairde le haghaidh béile, dul ag siúl, bheith ag léamh nó ag fuáil, breathnú ar scannáin… Tá liosta fada ann!

Cén stíl fáisín is mó a thaitníonn leat?
Is fearr liom éadaí neamhfhoirmeálta go hiondúil ach ó am go chéile bíonn sé iontach an deis a bheith agat gléasadh suas. Tá mé an-tugtha do chótaí agus do bhróga deasa.

SUIRBHÉ AR LÍNE

Cé chomh minic is a úsáideann tú an Ghaeilge?





Torthaí

Twitter

 
Foinse Mianadóirí sáinnithe sa tSín - http://t.co/QBtr0fLk - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie gaeilge
About 11 hours ago
 
Foinse Bean cúisithe as dúnmharú a fear céile - http://t.co/47qXii1g - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie gaeilge
About 11 hours ago