Foinse

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Dé hAoine 13 Aibreán 2012

RSS

TÁ TÚ ANSEO Gnéithe TG4 Cillian Ó Donnachadha: Láithreoir Glas Vegas

Cillian Ó Donnachadha: Láithreoir Glas Vegas

Cárb as tú?
Rugadh mé i mBaile Átha Cliath. Chónaigh mé i gCrois Araild ó bhí mé seacht mbliana d’aois. Faoi láthair tá mé i mo chónaí i nDomhnach Broc.

Cá ndeachaigh tú ar an gcoláiste?
D’fhreastail mé ar DIT i Ráth Maonais agus bhain mé amach céim sa Drámaíocht. Bhí mé an-tógtha leis na léachtóirí — Miriam O’Meara, agus Pete McDermott, agus mhúin Susie Kennedy mé, ('sea, tá an ceart agat, Susie ón gclár Bosco) ... laethanta órga ba ea iad.

Cén chaoi a bhfuair tú an post mar láithreoir?
Aon uair ar chuala mé faoi éisteacht a bheith ar siúl, ghlaoigh mé ar an gcuideachta nó chuaigh mé chuig na héisteachtaí agus sheas mé ansin go dtí go raibh nóiméad nó dhó acu chun bualadh liom.

‘Doorstepping’ a thugtar air. Fuair mé ceithre phost ó d’fhág mé an coláiste de thoradh doorstepping. Rinne mé éisteacht do Ros na Rún sa tslí sin. Mura raibh aon rud eile ar siúl, ghlac mé an deis mo chuid drámaí féin a léiriú, le mo chompántas Biscuits for Breakfast Theatre Company.

Cén chomhairle a thabharfá do dhéagóirí ar suim leo dul le haisteoireacht?

Molaim cúrsa drámaíochta a dhéanamh. Tugann sé deis duit stíleanna difriúla aisteoireachta a fhoghlaim agus a thriail. Sa tslí sin tá sé níos éasca do stíl féin aisteoireachta a chumadh.

Níl ort a bheith buartha faoi amadán a dhéanamh díot féin mar go bhfuil tú fós ag foghlaim. Bí ag cleachtadh i gcónaí. Cuir dráma ar bun tú féin. Foghlaimeoidh tú go leor faoin gceird agus faoin ngnó. Ainneoin an bhrú agus an struis, bainfidh tú taitneamh as.

Comhairle dheireanach... ach ní mise a dúirt é, inis bréag bheag nó dhó ag éisteachtaí. Agus mé ag déanamh éisteachta do Seacht cuireadh ceist orm faoi mo chumas an giotár a sheinm.

Dúirt mé go raibh mé i mbanna ceoil ar feadh na mblianta... Bréag mhór! Bhí orm an giotár a fhoghlaim go tapa ach d’oibrigh sé!

Cén carachtar is fearr leat i Ros na Rún?
Is breá liomsa Cóilín. Tá rud éigin faoi shúile Tom Sally a thugann le fios go raibh saol suimiúil aige! Bhí Liam (Darach Ó Tuairisg) iontach freisin. Tar ar ais a Liam, is cuma cén chaoi!

Cé hé/hí do laoch?
Ó thaobh aisteoireachta de, is deacair gan a bheith an-tógtha le Daniel Day-Lewis, aisteoir den scoth a sheasann amach ón slua. Is breá liom a bheith ag breathnú air. Agus Bruce Willis in Die Hard. Laoch den scoth gan aon cheist faoi.

Suirbhé

Ar cheart ainmhithe móra cosúil le heilifint a úsáid ar mhaithe le siamsaíocht go fóill?




Torthaí

Twitter

 
Foinse Bean rialta cúisithe as leanaí a ghoid sa Spáinn - http://t.co/wiPqtsk2 - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie gaeilge
About 12 hours ago
 
Foinse Triúr maraithe agus go leor eile gortaithe de bharr stoirmeacha cloichs - http://t.co/T44PdiIY - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie gaeilge
About 12 hours ago