Foinse

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Dé hAoine 13 Aibreán 2012

RSS

TÁ TÚ ANSEO Gnéithe TG4 Eimear Ní Chonaola: Láithreoir Nuacht TG4

Eimear Ní Chonaola: Láithreoir Nuacht TG4

Cárb as tú?
Ón Spidéal i gConamara.

Cá ndeachaigh tú ar an gcoláiste?
D’fhreastail mé ar Ollscoil na hÉireann Gaillimh, áit ar bhain mé céim BA Idirnáisiúnta amach. Rinne mé Gaeilge agus Gearmáinis do mo chéim, agus ina dhiaidh sin rinne mé cúrsa iarchéime, an tArd-Dioplóma sa Chumarsáid Fheidhmeach.

Cén chaoi a bhfuair tú post mar iriseoir / láithreoir nuachta?
Mar chuid den Ard-Dioplóma, fuair mé taithí oibre míosa le TG4 agus chaith mé an mhí ag obair le Brian Ó Donnchadha, a bhí ag obair ann mar eagarthóir ag an am. Bhí sé iontach cabhrach, agus fuair mé post ansin mar mhaoir craolacháin, agus tar éis dhá bhliain, chuir mé isteach ar phost sa seomra nuachta.

Cén chomhairle a thabharfá do dhéagóirí?
Bí oscailte do 'chuile rud, fiú má cheapann tú nach gcuirfeadh tú spéis ann. Tá rud éigin i gcónaí le foghlaim, a chuideoidh leat, b’fhéidir, amach anseo leat. Agus is fiú go mór cúrsa iriseoireachta nó cúrsa cumarsáide a dhéanamh freisin.

Cén carachtar i Ros na Rún is fearr leat?
Joe Steve Ó Neachtain i bpáirt Pheadair. Tá an-daonnacht ag baint leis.

Cé hé/hí do laoch?
Thug mé an-suntas i gcónaí do Tom Crean, an fear as Abhainn an Scáil i gCorca Dhuibhne, a thug aghaidh ar an Antartach, ní uair amháin, ach trí huaire ar fad. Tá ardmheas agam ar a spiorad fionnachtana.

Agus i láthair na huaire, is é Joe Canning, lántosaí na Gaillimhe mo laoch, agus mé ag súil go n-éireoidh leis féin agus a chomhghleacaithe eile iomána as Port Omna i gCraobh na gClub, Lá ’le Pádraig agus le Gaillimh i gCraobh Shinsearach na hÉireann.

Suirbhé

Ar cheart ainmhithe móra cosúil le heilifint a úsáid ar mhaithe le siamsaíocht go fóill?




Torthaí

Twitter

 
Foinse Bean rialta cúisithe as leanaí a ghoid sa Spáinn - http://t.co/wiPqtsk2 - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie gaeilge
About 12 hours ago
 
Foinse Triúr maraithe agus go leor eile gortaithe de bharr stoirmeacha cloichs - http://t.co/T44PdiIY - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie gaeilge
About 12 hours ago