Foinse

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Dé hAoine 13 Aibreán 2012

RSS

TÁ TÚ ANSEO Gnéithe TG4 Neasa Ní Chuanaigh: Aisteoir sa dráma teilifíse Síol — An Líne

Neasa Ní Chuanaigh: Aisteoir sa dráma teilifíse Síol — An Líne

Cárb as tú?
Is as an Spidéal mé.

Cá ndeachaigh tú ar an gcoláiste?
Chuaigh mé go Coláiste na Tríonóide, áit ar fhreastail mé ar an gcúrsa Drámaíochta agus Staidéar Amharclainne.

Cén chaoi a bhfuair tú an post mar aisteoir?
Bhí mé i gcónaí ag iarraidh aisteoireacht a dhéanamh ó bhí mé óg. Fuair mé traenáil agus ansin thosaigh mé ag dul chuig éisteachtaí.

Cén chomhairle a thabharfá do dhéagóirí a mbeadh suim acu a bheith ina n-aisteoir?
Sa lá atá inniu ann tá níos mó aitheantais ag aisteoireacht agus ag drámaíocht sa chóras oideachais. Tá go leor cúrsaí maithe ar fáil agus mholfainn d’aon duine iarracht a dhéanamh ar áit a fháil ar cheann de na cúrsaí sin.

Tá oideachas agus traenáil tábhachtach agus seasfaidh tú amach. Ach caithfidh tú coinneáil ort ag obair go dian agus ag dul chuig éisteachtaí. Bíodh foighne agat freisin!

Cén stíl faisin is fearr leat?
Níl mórán suime agam in éadaí ach tá dúil mo chroí agam i málaí agus bróga. Is maith liom bheith ag gléasadh suas nuair atá deis agam — gúnaí agus sála arda. Ach ag an am céanna níl mo chochall riamh rófhada uaim!

Cé hé/hí do laoch?
Níl mé in ann smaoineamh ar dhuine amháin ach tá meas mór agam ar dhaoine atá gníomhach — tá meas acu ar an saol. Tá meas mór agam ar dhaoine a thugann a saol féin ag cuidiú le daoine eile — obair dheonach sa bhaile nó i gcéin.

Tá ardmheas agam freisin ar an tslí mhaireachtála atá ag lúthchleasaithe gairmiúla.

Suirbhé

Ar cheart ainmhithe móra cosúil le heilifint a úsáid ar mhaithe le siamsaíocht go fóill?




Torthaí

Twitter

 
Foinse Bean rialta cúisithe as leanaí a ghoid sa Spáinn - http://t.co/wiPqtsk2 - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie gaeilge
About 12 hours ago
 
Foinse Triúr maraithe agus go leor eile gortaithe de bharr stoirmeacha cloichs - http://t.co/T44PdiIY - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie gaeilge
About 12 hours ago