Foinse

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Dé hAoine 13 Aibreán 2012

RSS

TÁ TÚ ANSEO Gnéithe TG4 Kate Nic Chonaonaigh: Caoimhe sa dráma An Crisis

Kate Nic Chonaonaigh: Caoimhe sa dráma An Crisis

Cárb as tú?
Is as an Spidéal i gCo. na Gaillimhe mé — ach táim i mo chónaí i mBaile Átha Cliath ó 2000, seachas seal dhá bhliain i Londain. Is breá liom Iarthar na hÉireann ach ní bhíonn seans agam dul abhaile sách minic faraor!

Cá ndeachaigh tú ar an gcoláiste?
D’fhreastail mé ar Choláiste na Tríonóide ar dtús ó 2000-2004 ag déanamh Staidéir Amharclannaíochta agus Drámaíochta. Bhí an cúrsa thar barr ar fad agus fuair mé neart taithí ag aisteoireacht ann freisin leis an gCumann Drámaíochta Players agus le roinnt de na stiúrthóirí ag staidéar ann.

Ina dhiaidh sin, chuaigh mé go Londain chun céim aisteoireachta a dhéanamh in Drama Centre London, 2004-2006. Bhí sé sin thar barr freisin — ach d’airigh mé uaim go mór Baile Átha Cliath agus mo chairde anseo agus bhog mé ar ais go gairid ina dhiaidh sin.

Cén chomhairle a thabharfá do dhéagóirí a mbeadh suim acu a bheith ina n-aisteoirí?
Dáiríre? Má tá rud ar bith eile a thaitníonn leat, bain triail as sin ar dtús. Déarfainn freisin go bhfuil sé iontach tábhachtach scil eile a fhoghlaim mar ní bhíonn aisteoir ar bith i gcónaí ag obair. Sin an chuid is deacra den phost, déileáil leis na hamanna nach mbíonn tú gnóthach. Ina dhiaidh sin, nuair a fhaigheann tú post, oibrigh go crua, mar seans nach bhfaighidh tú ceann eile!

Cén stíl faisin is fearr leat?
Taitníonn neart stíleanna éagsúla liom — is fearr liom gan stíl ar leith a leanúint — is breá liom stíl Florence Welch ach ní ghléasaim mar í de ghnáth!

Cé hé/hí do laoch?
Mo thuismitheoirí — atá fós i ngrá le chéile théis dóibh bheith pósta le beagnach 40 bliain.

Cén caitheamh aimsire is fearr leat?
Dul amach i gcomhair béile i mbialann dheas.

Suirbhé

Ar cheart ainmhithe móra cosúil le heilifint a úsáid ar mhaithe le siamsaíocht go fóill?




Torthaí

Twitter

 
Foinse Bean rialta cúisithe as leanaí a ghoid sa Spáinn - http://t.co/wiPqtsk2 - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie gaeilge
About 12 hours ago
 
Foinse Triúr maraithe agus go leor eile gortaithe de bharr stoirmeacha cloichs - http://t.co/T44PdiIY - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie gaeilge
About 12 hours ago