Foinse

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Dé hAoine 13 Aibreán 2012

RSS

TÁ TÚ ANSEO Gnéithe TG4 Michelle Beamish: Aoife in An Crisis

Michelle Beamish: Aoife in An Crisis

Cárb as tú?
Is as Baile an Chollaigh i gCorcaigh mé.

Cá ndeachaigh tú ar an gcoláiste?
Ní dheachaigh mé chuig an gcoláiste in aon chor. Tar éis na hArdteiste, rinne mé Dioplóma Urlabhra agus Drámaíochta agus thosaigh mé ag múineadh Drámaíochta do pháistí bunscoile.

Cén chaoi a bhfuair tú post mar aisteoir?
Cé go raibh mé sásta go leor leis an múinteoireacht, is é an plean a bhí agam i gcónaí ná iarracht a dhéanamh bheith i m’aisteoir... ach ní éasca an rud sin a dhéanamh!

Chaith mé roinnt blianta ag iarraidh gníomhaire aisteora a fháil agus ar deireadh thiar d’aimsíos duine. Ina dhiaidh sin thug mé suas an mhúinteoireacht agus tá mé ag aisteoireacht ó shin. (Ní shin le rá go mbím ag obair i gcónaí — a mhalairt de scéal go minic, faraor!)

Cén chomhairle a thabharfá do dhéagóirí a mbeadh suim acu a bheith ina n-aisteoirí?
Níl agat ach saol amháin, má theastaíonn uait a bheith i d’aisteoir, cinnte, bain triail as ar a laghad!

Ach bí réadúil agus tuig cé chomh deacair is atá sé slí bheatha a bhaint as an aisteoireacht. Molfainn go mór Plean B de shaghas éigin a bheith agat chomh maith, ar eagla na heagla!

Cén stíl faisin is fearr leat?
Faoi láthair tá mé tógtha go huile is go hiomlán leis an siopa éadaigh Zara. Tá cosa an-fhada agam agus déanann Zara jíons breá fada do chailíní arda cosúil liomsa!

Agus níl a gcuid stuif costasach ach oiread... an-tábhachtach d’aisteoir dífhostaithe cosúil liomsa!

Cé hé/hí do laoch?
Mo Mham agus mo Dhaid, ós rud é go gcuireann siad suas liomsa.

Cén caitheamh aimsire is fearr leat?
Is breá liom bheith ag taisteal. I ndiaidh na Nollag i mbliana bhí mé bréan den sneachta agus den fhuacht ag baile agus dá bharr sin bheartaigh mé dul chun na hAstráile.

Lár an tsamhraidh a bhí ann thall ag an am agus d’fhan mé ann, sa teas agus sa ghrian ag taisteal timpeall na tíre go deireadh mhí Feabhra. Faoin am ar tháinig mé abhaile bhí an chuid ba mheasa den gheimhreadh uafásach anseo thart.

Suirbhé

Ar cheart ainmhithe móra cosúil le heilifint a úsáid ar mhaithe le siamsaíocht go fóill?




Torthaí

Twitter

 
Foinse Bean rialta cúisithe as leanaí a ghoid sa Spáinn - http://t.co/wiPqtsk2 - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie gaeilge
About 12 hours ago
 
Foinse Triúr maraithe agus go leor eile gortaithe de bharr stoirmeacha cloichs - http://t.co/T44PdiIY - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie gaeilge
About 12 hours ago