RSS

TÁ TÚ ANSEO Gnéithe TG4 Irene Ní Nualláin: Iriseoir le Nuacht TG4

TG4

Irene Ní Nualláin: Iriseoir le Nuacht TG4

Cárb as duit?
As an Muileann gCearr i gCo. na hIarmhí dom ó dhúchas, ach toisc gur chaith mé oiread ama i nGaillimh, is maith liom a cheapadh go bhfuil rian beag den Ghaillimheach ionam chomh maith.

Cá ndeachaigh tú ar an gcoláiste?
Maigh Nuad agus Gaillimh. Thaitin Maigh Nuad go mór liom. Rinne mé BA sa Cheol agus sa Nua-Ghaeilge ansin. Ba é an Leinster Arms, nó an ‘L.A.’, an pub a thaithímis.

Cén chaoi a bhfuair tú an post mar iriseoir?
D’oibrigh mé leis an bpáipéar nuachta Foinse, ar an gCeathrú Rua ar dtús. Bhí an t-ádh dearg orm post a fháil leis an bpáipéar nuair a chríochnaigh mé ar an ollscoil.

D’oibrigh mé ansin ar feadh trí bliana faoin eagarthóir Breandán Delap. Thosaigh mé ag obair mar shaoririseoir do Nuacht TG4 ansin agus d’éirigh liom post a fháil mar iriseoir físe le Nuacht TG4 ceithre bliana ó shin.

Cén chomhairle a thabharfá do dhéagóirí a mbeadh suim acu a bheith ina n-iriseoirí?
Is dóigh liomsa gur fiú go mór tabhairt faoin iriseoireacht le blaiseadh de cheird nó de chúlra éigin eile a bheith agat ar dtús.

Sílim gur maith an rud é cúrsa ginearálta tríú leibhéal a dhéanamh ar dtús. Iarmhúinteoirí iad go leor de na daoine a bhfuil aithne agamsa orthu atá ag plé leis na meáin.

Cén stíl faisin is fearr leat?
Is breá liom an stíl atá ag Helena Christensen. Tá a stíl siúd an-éasca agus nádúrtha. Ní maith liom stuif atá róchasta nó a bhfuil cuma róbhréagach air.

É sin ráite, níl rud ar bith níos fearr ná péire nua de bhróga arda a bheith ort agus tú ag tabhairt faoi oíche spleodrach le cairde. Sin más féidir leat cur suas leis an bpian agus má tá paicéad plástar leat!

Cé hé/hí do laoch?
Ceist dheacair í sin. Sílim go bhfuil uaisleacht ag baint leis an méid a bhain an t-iriseoir Mary Raftery amach lena clár faisnéise States of Fear.

Tá an-mheas agam ar an imreoir leadóige André Agassi, ar chúiseanna éagsúla. Ok, is staic breá fir é ach sílim gur duine maith cineálta é chomh maith.

Cén caitheamh aimsire is fearr leat?
Is breá liom bheith ag siúl. Siúlaim ar na cnoic, cois farraige, áit ar bith i ndáiríre. Is breá liom an suaimhneas intinne a thugann siúlóid fhada dom. Agus is breá liom a bheith ag siúl in éindí le cairde. Giorraíonn beirt bóthar mar a deir an seanfhocal.

Beidh Irene ag pósadh ar an Satharn beag seo — comhghairdeas léi agus lena céile, Rónán Ó Domhnaill, Comhfhreagraí Polaitiúil, Nuacht TG4.

Foinse Iallach ar Healy Camchuairt na Leon a fhágáil mar gheall ar ghortú - http://is.gd/100HLU - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
11:09AM Jun 07
Foinse Fiosrúchán ar bun maidir leis an tine ar thraen ó Bhéal Feirste go B - http://is.gd/xp7Iep - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
10:45AM Jun 07
Foinse Ceathrar fós faoi choimeád maidir le dúnmharú fir i nGaillimh - http://is.gd/RnjMG3 - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
09:30AM Jun 07
Foinse Pianbhreith le gearradh ar iarshagart as dhá chúis de mhí-úsáid ghn - http://is.gd/GG4KIs - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
09:15AM Jun 07
Foinse An Stát chun achomharc a dhéanamh maidir le rialú a thug an Ard-Chúi - http://is.gd/6uUlU6 - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
02:46PM Jun 06