Foinse

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Dé hAoine 13 Aibreán 2012

RSS

TÁ TÚ ANSEO Gnéithe TG4 Tara Breathnach: Tina i Ros na Rún

Tara Breathnach: Tina i Ros na Rún

Cárb as tú?
Is as cathair na Gaillimhe mé.

Cá ndeachaigh tú ar an gcoláiste?
Baile Átha Cliath i dtosach, ag Coláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha agus bhain mé céim amach ann. Bhí mé ag iarraidh bheith i mo dhearthóir feistis, ach go gairid ina dhiaidh sin thuig mé nach raibh mé ag iarraidh cultacha a dhéanamh.

Cén chaoi a bhfuair tú an post mar aisteoir?
Nuair a chríochnaigh mé sa choláiste, sheol mé mo CV agus grianghraf chuig amharclanna, léiritheoirí agus roghnóirí aisteoirí. D’éirigh liom páirt a fháil le hAmharclann Druid agus fuair mé gníomhaire go gairid ina dhiaidh sin dá bharr.

Cén chomhairle a thabharfá do dhéagóirí a mbeadh suim acu a bheith mar aisteoirí?
I dtús báire, is aoibhinn liom an saol seo. Ach, ní shin le rá nach mbíonn deacrachtaí ann. Ganntanas oibre an fhadhb is mó a chuireann isteach ar aisteoirí. Is fiú go mór mar sin rud éigin eile a bheith déanta agat ar fhaitíos. 

Ach, má tá an splanc sin ionat, níl aon éalú uaidh. Caithfidh tú a bheith muiníneach asat féin agus díograiseach. Déan dearmad ar leithéidí X Factor agus bí ag cleachtadh, bí ag foghlaim, bí páirteach i d’amharclann óige áitiúil, Dramsoc, téigh chuig drámaí, léigh drámaí agus bí oscailte!

Cé hé/hí do laoch?
Na haisteoirí Marie Mullen, Dearbhla Crotty agus mo mháthair!

Cén stíl faisin is fearr leat?
Meascán idir seanré agus éadaí compordacha. Táim cineál ‘girlie’. Is breá liom dathanna agus sciortaí, ach caithfidh mé a bheith in ann iad a chaitheamh ar mo rothar.

Cén caitheamh aimsire is fearr leat?
An bhfuil orm ceann amháin a roghnú? Is breá liom marcaíocht, siúl, péinteáil, leabhair, damhsa agus clársheoltóireacht.

Suirbhé

Ar cheart ainmhithe móra cosúil le heilifint a úsáid ar mhaithe le siamsaíocht go fóill?




Torthaí

Twitter

 
Foinse Bean rialta cúisithe as leanaí a ghoid sa Spáinn - http://t.co/wiPqtsk2 - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie gaeilge
About 12 hours ago
 
Foinse Triúr maraithe agus go leor eile gortaithe de bharr stoirmeacha cloichs - http://t.co/T44PdiIY - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie gaeilge
About 12 hours ago