Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Dé Luain 28 Bealtaine 2012

RSS

TÁ TÚ ANSEO Baile

Ceithre chorp eile aimsithe ar an Costa Concordia

Ríomhphost Priontáil PDF

Tá sé tugtha le fios tráthnóna inniu go bhfuil ceithre chorp eile aimsithe ar an mbád cúrsála, an Costa Concordia. Deirtear go raibh corp de chailín óg, ceithre bliana d'aois, ina measc.

Leis seo, tá 21 corp ar fad aimsithe go dtí seo ag oibrithe tarrthála ar an mbád cúrsála, a chuaigh suas ar na carraigeacha agus a d’iompaigh ar a thaobh, amach ó chósta na Tuscáine an mhí seo caite, ar an 13 Eanáir.

Deirtear go bhfuil 11 duine, ar a laghad, fós ar iarraidh.

Tá an milleán á chur ar chaptaen an bháid, Francesco Schettino, mar gheall ar an méid a tharla agus mar gheall go ndeirtear gur imigh sé den bhád agus paisinéirí fós ar bord. Beidh air dul os comhair na cúirte d’éisteacht ar an 3 Márta.

Scríobh nóta tráchta


Cód slándála
Athnuaigh

Suirbhé

Cé chomh minic a théann tú chuig an bpictiúrlann?




Torthaí

Twitter

 
Foinse Beirt fós faoi choimeád maidir le bás Éireannach i dTóiceo - http://t.co/qxNeynWW - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie gaeilge
Less than a minute ago
 
Foinse Na mílte i mbun agóide ar shráideanna Mharacó - http://t.co/QVLGW5PT - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie gaeilge
Less than a minute ago