Tá fiosrúchán ar bun sa tSeapáin faoi láthair maidir le mac léinn Éireannach a aimsíodh marbh ansin.
Deirtear gur aimsíodh corp Nicola Furlong (21), as Curracloe, Co Loch Garman, i seomra óstáin in Tóiceo ar maidin inné, tar éis di a bheith ag ceolchoirm an oíche roimhe sin.
Tuairiscítear go raibh sí sa tír sin ar chlár malairte ó mhí Deireadh Fómhair na bliana seo caite.
Ní fios go fóill céard ba chúis lena bás ach tá fiosrúchán ar bun ag na húdaráis ansin.







