RSS

TÁ TÚ ANSEO Nuacht

Ceiliúradh ar an Ilghnéitheacht Teanga agus Chultúrtha

{jcomments on}Ag ócáid a bheidh ar siúl i mBaile Átha Cliath Déardaoin, 17 Deireadh Fómhair, déanfar ceiliúradh ar an ilghnéitheacht teanga agus chultúrtha san Eoraip. Tá Lingua + Musica á eagrú ag an gcomhlacht Gaelchultúr (www.gaelchultur.com), i gcomhar le hArd-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin agus le hIonadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn, chun Lá Eorpach na dTeangacha 2013 a cheiliúradh, agus is é an phríomhsprioc atá leis an imeachttábhacht an ilteangachais a chur ar a súile don phobal.

Beidh an t-imeacht ar siúl sa Mercantile (www.mercantile.ie) ar Shráid an Dáma i lár na cathrach agus cuirfear tús leis ar 7.00pm. Beidh cead isteach saor in aisce i gceist.

Sa chéad chuid den oíche, beidh ceardlann teanga agus amhránaíochta ar siúl. Múinfear comhrá simplí i gceithre theanga éagsúla don lucht éisteachta agus tabharfar deis dóibh ansin siúl timpeall an tseomra agus na comhráite sin a chleachtadh lena chéile. Múinfear amhráin i dteangacha éagsúla don lucht éisteachta ansin.

Beidh ceol agus amhráin ó réimse tíortha agus teangacha le cloisteáil sa dara cuid den oíche, a thosóidh ar 9.00pm. I measc na n-aíonna a ghlacfaidh páirt ann, beidh an grúpa traidisiúnta fuinniúil The Bonny Men; an t-amhránaí Spáinneach/Seiceach Katerina García; an t-amhránaí agus cláirseoir Síle Denvir as Conamara; an veidhleadóir eisceachtúil sin Patrick Collins ón Café Orchestra, a bheidh á thionlacan ag an ngiotáraí Seiceach David Fiedler; agus an damhsóir Sibéal Davitt.

Beidh seastán ag eagraíochtaí éagsúla teanga, Instituto Cervantes agus an Goethe-Institut ina measc, ag an imeacht agus tabharfaidh siad eolas mar gheall ar na cúrsaí atá á dtairiscint acu don phobal.

Rinneadh ceiliúradh ar an éagsúlacht teanga san Eoraip le linn Bhliain Eorpach na dTeangacha in 2001. D’éirigh chomh maith sin leis gur bheartaigh Comhairle na hEorpa Lá Eorpach na dTeangacha a cheiliúradh gach bliain ar an 26 Meán Fómhair. (Cuireadh imeacht na hÉireann ar athló i mbliana de bhrí go raibh sé ag teacht salach ar Arthur’s Day.)

tuilleadh eolais le fáil faoi Lingua + Musica ach glaoch ar Ghaelchultúr ag an uimhir (01) 484 5220 nó ríomhphost a chur chuig Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbat-turscar. Caithfidh JavaScript a bheith cumasaithe chun é a fheiceáil. .

Seolann GMIT a Scéim Ghaeilge 2013- 2016


Agus Scéim nua Ghaeilge GMIT (2013-2016) á seoladh, C go D: Uachtarán Michael Carmody, Comhalta Bord Rialaithe Katie Sweeney and Donagh O’Donoghue. Pic: Aengus McMahonSheol Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo (GMIT) a scéim oifigiúil Ghaeilge an tseachtain seo caite, a leagann amach raon na réimsí ina dtiomnaíonn GMIT í féin d’fheabhas a chur ar na seirbhísí dátheangacha le linn na dtrí bliana seo chugainn.

Sheol Uachtarán GMIT Micheál Ó Cearmada agus comhaltaí de chuid Bhord Rialaithe GMIT Scéim Ghaeilge GMIT 2013 – 2016 go hoifigiúil. Is í an dara scéim Ghaeilge í de chuid na hInstitiúide agus cuireann sí leis an dul chun cinn a rinneadh le linn thréimhse na chéad scéime.

Leanann an scéim nua d’oibleagáidí na hInstitiúide faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a chomhlíonadh. Fágann sí mar cheangal go mbeidh an Ghaeilge cuimsithe i bhfoilseacháin GMIT, i láithreán gréasáin GMIT, agus i gcórais bhainistithe foghlama GMIT, agus i leathnú ar na seirbhísí dátheangacha don chustaiméir.

Tá an Institiúid tiomnaithe freisin d’inniúlacht Ghaeilge na foirne a fheabhsú trí oiliúint agus fhorbairt, Neartófar freisin a páirtíocht le heagraíochtaí Gaeilge, cuir i gcás Gaillimh le Gaeilge.

Lena chois sin, déanann GMIT dhá chlár a thairiscint trí Ghaeilge amháin – Ard-Dioplóma i nGaeilge Fheidhmeach agus Aistriúchán agus M.Sc. i nGaeilge Fheidhmeach agus Aistriúchán. Déantar an dá chlár sin a reáchtáil i gcomhpháirtíocht le Europus Teo le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta.

Deir Uachtarán GMIT Micheál Ó Cearmada: “Is ábhar ríméid do GMIT an dara scéim dá cuid le seirbhís Ghaeilge a chur chun cinn ar fud na hInstitiúide a sheoladh.”

“Tá an scéim seo comhaontaithe leis An gCoimisinéir Teanga agus cuireann sí leis an obair a rinneadh sa chéad scéim. Beidh mar thoradh uirthi soláthar feabhsaithe seirbhísí trí Ghaeilge in GMIT sna blianta atá romhainn.”

Is féidir teacht ar Scéim Ghaeilge GMIT 2013-2016 ag

www.gmit.ie/presidents-office/publications

Lagú na n-institiúidí Gaeilge & easpa dul chun cinn na Straitéise faoi chaibidil ag Conradh na Gaeilge

{jcomments on}Labhróidh Conradh na Gaeilge faoin ngéarghá atá ann le struchtúr ardleibhéil a bhunú idir na húdaráis agus na heagraíochtaí pobail Gaeilge agus Gaeltachta nuair a thagann toscaireacht i láthair an chéad Fho-Choiste um An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 – 2030 de chuid an Chomhchoiste Oireachtais um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht i dTeach Laighean, Baile Átha Cliath 2 ar 2.15in inniu, Déardaoin, 19 Meán Fómhair 2013.

Tarraingeoidh an toscaireacht ó Chonradh na Gaeilge aird an Fho-Choiste um An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 – 2030 aird ar leith ar na deacrachtaí seo a leanas:

1.  Struchtúr easnamhach curtha ar bun ag na húdaráis leis an Straitéis a chur i bhfeidhm

2.  An lagú atá déanta ar na hinstitiúid Gaeilge agus Gaeltachta le trí bliana anuas

3.  Na pleananna forfheidhmithe ó na Ranna Rialtais leis an Straitéis a chur i bhfeidhm

 

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: "Is gá don Rialtas an pobal Gaeilge agus Gaeltachta a aithint mar gheallsealbhóirí i gcur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain go práinneach agus, chuige sin, an struchtúr riachtanach ardleibhéil a bhunú idir na húdaráis agus na heagraíochtaí pobail Gaeilge agus Gaeltachta, áit a dhéanfar moltaí i dtaca leis an nGaeilge agus leis an Straitéis sula gcuirtear ar aghaidh chuig na hAirí cuí iad.

“Faoi láthair áfach, is oth le Conradh na Gaeilge go bhfuil, ar an iomlán, easnaimh mhóra sna pleananna forfheidmithe a d’fhoilsigh na Ranna Rialtais i mí Iúil 2013 chun an Straitéis a chur i bhfeidhm. Tá easpa spriocanna dúshlánacha intomhaiste iontu agus tá go leor sna pleananna atá ar siúl ag na ranna cheana féin, cosúil le Scéim na gCúntóirí Teanga; Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge; na foilseacháin bhliantúla a eisíonn Roinn an Taoisigh; srl.

Dá mbeadh struchtúr ardleibhéil i réim leis na húdaráis agus le hionchur ó phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, creideann Conradh na Gaeilge go mbeadh pleananna forfheidhmithe i bhfad níos dúshlánaí, níos uaillmhianaí, níos fadradharcaí agus níos comhtháite ann chun an teanga a chur chun cinn. Tá Conradh na Gaeilge ag moladh go mba chóir go mbeadh plean cuimsitheach ann le fáil réidh leis an maolú ar stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach faoi 2016; go mbunófaí scéim phíolótach i 2013 chun tús a chur le roinnt ábhair phríomhshrutha a theagasc trí Ghaeilge i ranganna na naíonán agus sna blianta láir agus sna hardbhlianta sa bhunscoil; i measc moltaí fadradharcacha eile.

Ardóidh Conradh na Gaeilge an pointe gur fágadh aon tagairt do na cinntí a glacadh le nach mór trí bliana anuas nár aontaigh an pobal Gaeilge agus Gaeltachta leo ar lár ó na pleananna forfheidhmithe nuair a labhraíonn siad leis an bhFo-Choiste um An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 – 2030 inniu, ina measc an t-athrú stádais atá molta d’Oifig an Choimisinéara Teanga; an diúltú ar aon leasú a ghlacadh ar an Acht Gaeltachta ón bpobal; deireadh leis an deontas d’ábhar oidí le freastail ar chúrsaí sa Ghaeltacht; agus eile.

Arsa de Spáinn: “Níos measa ná easpa tagartha do na droch-chinntí seo chun lagú a dhéanamh ar na hinstitiúid Gaeilge agus Gaeltachta le trí bliana anuas, tá go leor tagairtí do spriocanna tábhachtacha a leagadh amach sa Straitéis a deir na Ranna Rialtais éagsúla nach dóigh leo go mbeidh a leithéid indéanta sa ghearrthéarma go meántéarma i ngeall ar na costais fhéideartha a bhaineann leo. Níl aon de na costais fhéideartha luaite leo agus ní fios dúinn an ndearnadh costáil orthu riamh, ach creideann Conradh na Gaeilge go láidir gur ghá don Rialtas breis acmhainní a chur ar fáil don teanga agus nach mór dóibh a bheith níos uaillmhianaí sna spriocanna a leagann siad amach do na Ranna éagsúla.”

Creideann Conradh na Gaeilge gur chóir go mbeadh ról monatóireachta ag gníomhaíocht neamhspleách seachas an Roinn féin maidir leis na pleananna forfheidhmithe agus dul chun cinn ar spriocanna na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge, mar shampla An Coimisinéir Teanga nó go mbeadh ar na Ranna Rialtais tuairisciú don Chomhchoiste féin fiú. 

Cnuasach leabhar Gaeilge Dheasúin Bhreatnaigh bronnta ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge

{jcomments on}Bronnfaidh iníon an scríbhneora, Deasún Breatnach, cnuasach leabhar Gaeilge a hathar ar Ionad Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua i nGaeltacht Chonamara ar an 28 Meán Fómhair ag 7.30pm.  Tá isteach is amach le 750 leabhar faoi stair, litríocht, chultúr agus shaíocht na tíre sa leabharlann luachmhar seo.  Beidh na leabhair mar chuid de shainbhailiúchán a bheidh in úsáid ag mic léinn an BA sa Chumarsáid le linn a gcuid staidéir ar an gCeathrú Rua.

Scríbhneoir, iriseoir, file, intleachtóir, poblachtach agus gníomhaí ab ea Deasún Breatnach a rugadh i mBaile Átha Cliath i 1922 agus a cailleadh sa bhliain 2007.  Is mar gheall ar ról Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i gcur chun cinn an ardoideachais trí mheán na Gaeilge agus an obair atá ar bun ag an Acadamh i réimse na Cumarsáide Gaeilge a chinn clann Dheasúin Bhreatnaigh a chuid leabhar Gaeilge a bhronnadh ar an institiúid léinn. Cuirtear oideachas i léann agus i gcleachtas na Cumarsáide ar mhic léinn fochéime a bhíonn ag gabháil den BA sa Chumarsáid GY106. Déantar cúram ar leith den iriseoireacht le linn an chúrsa seo a reáchtáiltear go huile agus go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Téann céimithe an chúrsa ag obair le comhlachtaí ardghradaim i dtionscal na meán.

Leathchéad bliain tar éis Éirí Amach na Cásca, 1916, chuaigh Deasún Breatnach ar stailc ocrais i 1966 chun aird a tharraingt ar a laghad a bhí bainte amach ó thaobh an oideachais trí Ghaeilge.  Ba bhall é den ghrúpa MISNEACH — a bhunaigh an scríbhneoir, Máirtín Ó Cadhain.  Bhí Luci, a bhean chéile, agus Deasún féin mar pháirt de ghrúpa bunaitheoirí na chéad bhunscoile lán-Ghaelaí i gContae Bhaile Átha Cliath, Scoil Lorcáin, i mBaile na Manach. Scríobh an Breatnach raon leathan leabhar agus ábhar i nGaeilge: úrscéalta do dhéagóirí, scéalta do pháistí, leabhar taighde faoin mbéaloideas, filíocht, gearrscéalta, agus bhí saothar fairsing iriseoireachta aige.  Scríobhadh sé don irisleabhar The Bell agus do Scéala Éireann agus é ina chónaí ar Inis Oírr i lár na gcaogaidí.  D’fhoilsigh sé ailt i nGaeilge san Evening Press agus chaith sé seal ag obair don Irish Farmers Journal agus ina fho-eagarthóir ar an nuachtán The Irish Times.  Sholáthar sé ábhar don nuachtán seachtainiúil Gaeilge Inniu agus do na hirisleabhair Comhar agus Feasta.  Scríobh sé as Gaeilge sna nuachtáin Saoirse agus An Phoblacht, a raibh sé ina eagarthóir air.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Dónall Ó Braonáin thar ceann Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge: “Gníomh thar a bheith flaithiúil é seo agus tá buíochas ó chroí againn ar mhuintir Bhreatnaigh. Is cinnte go mbeidh mic léinn atá i mbun an chúrsa BA sa Chumarsáid in ann tairbhe a bhaint as an gcnuasach in Ionad na Ceathrún Rua. Cuimhneachán seasta a bheidh ann dóibh freisin faoi shaol agus saothar Dheasúin. Iriseoir cruthanta a bhí ann a shaothraigh a cheird go cumasach agus a chuir go mór leis an allagar náisiúnta agus caibidil chultúrtha na hÉireann. Toradh foghlama é sin a shantaíonn muid i gcónaí dár mic léinn féin.”

Acmhainn nua Linked Logainm seolta ag an Aire Deenihan inniu

Sheol Jimmy Deenihan, TD, An tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, an acmhainn Linked Logainm i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann inniu.

Is tionscadal comhoibríoch é Linked Logainm de chuid Taisclann Dhigiteach na hÉireann (DRI), INSIGHT@NUIGalway (roimhe seo an Institiúid um Thaighde ar an bhFiontraíocht Dhigiteach DERI), Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Leabharlann Náisiúnta na hÉireann agus an Brainse Logainmneacha sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Tá tacar nua sonraí oscailte curtha ar fáil ag tionscadal Linked Logainm, trínar féidir logainmneacha na hÉireann a nascadh ar fud an domhain trí bhíthin teicneolaíochtaí ceannródaíocha a forbraíodh in Éirinn.

Dúirt an tAire Deenihan ag an seoladh:

“Tréaslaím le comhpháirtithe an tionscadail – An Leabharlann Náisiúnta, Taisclann Dhigiteach na hÉireann, Fiontar ag Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath,INSIGHT@NUIGalway agus an Brainse Logainmneacha i mo Roinn féin, as an obair atá curtha isteach acu ar an tionscadal seo. Táim thar a bheith sásta an acmhainn digiteach seo a sheoladh. Cuirfidh sí le cur chun cinn ár sonraí logainmníochta mar acmhainn do thaighdeoirí, oideachasóirí, mic léinn, ginealaithe mar aon le hinstitiúidí oidhreachta, leabharlannaithe agus cartlannaithe, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.

“Tá an tionscadal seo ina eiseamláir maidir le húsáid sonraí oscailte agus nasctha agus is iontach an eiseamláir é ar an dóigh ar féidir TFC nua-aimseartha a úsáid mar áis chun cúnamh, eolas agus oideachas a chur ar fáil chomh forleathan agus is féidir.”

Acmhainn oscailte is ea an leagan Sonraí Nasctha den bhunachar sonraí dátheangach, údarásach de logainmneacha na hÉireann, logainm.ie, agus táthar ag súil go n-úsáidfidh forbróirí Gréasáin, eolaithe ríomhaireachta, taighdeoirí, an pobal oidhreachta, leabharlannaithe agus cartlannaithe go forleathan é amach anseo.

Is bunachar sonraí ar líne é logainm.ie ina bhfuil breis is 100,000 ainm geografach de chuid na hÉireann. Is é an Brainse Logainmneacha sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta a shocraíonn na sonraí, agus cruthaíodh agus forbraítear an bunachar sonraí i gcomhar le Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Beidh tacar sonraí Linked Logainm úsáideach d’aon duine, d’aon tionscadal nó d’aon institiúid a mbeadh suim acu ábhar faoi logainmneacha na hÉireann a chur ar fáil ar an nGréasán. Sa mhéid gur foilsíodh sonraí logainm.ie i bhformáid struchtúrtha, atá inléite ag an ríomhaire, féadfaidh ríomheolaithe, forbróirí Gréasáin, an pobal oidhreachta agus gairmithe faisnéise eile úsáid a bhaint as na sonraí sin. Sa doiciméad tionscadail “Ag Úsáid Thacar Sonraí Linked Logainm” cuirtear cásanna úsáide agus eiseamláirí ar fáil dóibh siúd a bhfuil taithí theicniúil éigin acu agus ar suim leo leas a bhaint as tacar sonraí Linked Logainm.

Tá an suíomh Gréasáin Location LODer curtha ar fáil ag an tionscadal freisin, léarscáil idirghníomhach atá ann ar ar féidir le cuairteoirí logainmneacha na hÉireann a fhiosrú agus iad nasctha lena gcomhthéacs stairiúil, léarscáileanna, íomhánna agus sonraí comhaimseartha.

Chruthaigh INSIGHT@NUIGalway agus DRI Location LODer as teicneolaíochtaí sonraí nasctha, agus tugann sé réamheolas idirghníomhach maidir leis na féidearthachtaí a bhaineann le coincheap Linked Logainm. Cuirtear sonraí Linked Logainm i gcomhéadan le Google Maps ionas gur féidir le húsáideoirí amharc ar réimse acmhainní digiteacha a bhaineann le háiteanna éagsúla ar fud na hÉireann. Úsáideann cuairteoirí léarscáil idirghníomhach d’Éirinn chun dul ó chontae go contae agus aimsíonn siad pionnaí a nochtann faisnéis ábhartha maidir le bailte, sráidbhailte, cathracha, aibhneacha agus sráideanna. Ach cliceáil ar phionna lódáiltear an t-inneachar digitithe don áit sin, as logainm.ie, Vicipéid, bailiúchán Léarscáileanna Longfield de chuid Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, Irish Historic Towns Atlas nó Europeana.eu. Is féidir le húsáideoirí My Location LODer a úsáid chun ábhar spéisiúil foinseach a bhailiú le chéile, agus naisc chuig an ábhar ar chuir siad leabharmharc leo a chur tríd an ríomhphost chuig úsáideoirí eile.

Is féidir cuairt a thabhairt ar Location LODer ag http://apps.dri.ie/locationLODer/ agus ar www.logainm.ie

Maoiniú ceadaithe ag ÚnaG d’Europus Teo agus do GMIT le cúrsa Gaeilge Fheidhmeannach agus Aistriúcháin a sholáthar

{jcomments on}Ag cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta Dé hAoine seo caite (20 Meán Fómhair 2013) ceadaíodh soláthar airgid €113,000 d’Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Mhaigh Eo (GMIT) agus Europus Teo le cúrsa Ard-Dioplóma i nGaeilge Fheidhmeannach agus Aistriúcháin a chur ar fáil i gCarna, Co. na Gaillimhe don bhliain acadúil 2013-14.

Dúirt Príomhfheidhmeannach an Údaráis, Steve Ó Cúláin:

“Tá infheistíocht shuntasach déanta ag an Údarás in earnáil na fostaíochta teangabhunaithe le blianta anuas trí mhaoiniú ar chúrsaí tríú leibhéal le soláthar daoine oilte sa Ghaeltacht a chinntiú agus chun fiontraithe a chothú le dul i mbun a ngnóthaí féin. Leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a fheidhmiú, beidh gá le daoine oilte i gcúrsaí gairmiúla Gaeilge agus beidh deiseanna ag muintir na Gaeltachta teacht i dtír ar na poist seo ach oiliúint cuí a bheith faighte acu. Tacaíonn an cúrsa seo leis an aidhm sin a bhaint amach.”

Maoiniú le haghaidh tionscnaimh áitiúla chomhshaoil á fhógairt ag Hogan

D’fhógair an tUasal Phil Hogan, T.D., an tAire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil, le gairid, Ciste Comhpháirtíochta Comhshaoil Chlár Oibre Áitiúil 21 (LA21) 2013 . Tacaíonn an Ciste, atá i bhfeidhm ón mbliain 1997 i leith, tionscnaimh áitiúla chomhshaoil arna dtreorú ag pobail, ag daoine agus ag grúpaí agus ag eagraíochtaí neamhbhrabúis.  Leithdháiligh an tAire maoiniú €400,000 ar an scéim i mbliana, meadú ón €337,000 a leithdháilíodh anuraidh.

 

Dúirt an tAire Hogan agus é ag seoladh na scéime, “ríméad orm meadú beag tacaíochta a fhogairt do tionscnaimh áitiúla chomhshaoil faoi Chiste Comhpháirtíochta Chlár Oibre Áitiúil 21 i 2013.  Tugann an Ciste, ceartchabhair do tionscnaimh áitiúla, an comhshaol a fheabhsú agus ár bpobail a dhéanamh níos inbhuanaithe. I bpáirtíocht leis na húdaráis áitiúla, thug mo Roinnse tacaíocht do 490 tionscnaimh faoim scéim seo i 2012.”

 

Cuireann an Ciste forbairt inbhuanaithe chun cinn trí chabhair a thabhairt do thionscadail chomhshaoil neamhbhrabúis ar scála beag go háitiúil. Cuirfear ciste chomhfhreagrach ar fáil ag na húdaráis áitiúla, agus d’fhéadfadh na tionscadail maoiniú a fháil ó eagraíochtaí eile freisin.  

 

Is ionann tionscadail incháilithe agus tionscadail a chomhlánóidh agus a thacóidh le beartais náisiúnta chomhshaoil go háitiúil, ar nós na gceann a bhaineann le Dramhaíl, le Bithéagsúlacht, le hAthrú Aeráide, le hAer, le hUisce agus le Forbairt Inbhuanaithe. Tugadh maoiniú do réimse leathan de thionscadal i 2012, lena n-áirítear, cláir um oideachas comhshaoil, gairdíní phobail, tionscadail bhithéagsúlachta, bailiú báistí, tionscnaimh um laghdú dramhaíola agus pleanáil áitiúil chomhshaoil.

 

Iarrtar ar ghrúpaí atá ag cuardach maoiniú le haghaidh tionscadail incháilithe iarratas a dhéanamh lena n-údarás áitiúil (tá foirmeacha iarratais le fáil ó na húdaráis áitiúla). Ba cheart na foirmeacha comhlánaithe iarratais a chur ar ais chuig an údarás áitiúil ábhartha faoin 30 Meán Fómhair 2013 ar a dhéanaí.  Is féidir foirmeacha iarratais, teagmhálaithe údaráis áitiúil, agus tuilleadh faisnéise faoi Chiste Comhpháirtíochta Comhshaoil LA21 a fháil ar shuíomh gréasáin na Roinne: www.environ.ie.

Coiste Logainmneacha ainmnithe ag an Aire Stáit Mac Fhionnlaoich

{jcomments on}D'fhógair Donnchadh Mac Fhionnlaoich, T.D., Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, inniu go bhfuil Coiste Logainmneacha  ainmnithe aige. Is coiste saineolaithe de dheichniúr ball é seo, a bheidh ag feidhmiú ar bhonn pro bono ar feadh tréimhse trí bliana, in áit an Choimisiúin Logainmneacha a bhíodh ann roimhe seo.

Is é an príomhdhualgas a bheidh ar an gCoiste Logainmneacha comhairle a chur ar an Aire Stáit maidir le leaganacha údarásacha Gaeilge de logainmneacha an Stáit sula dtugtar stádas dlíthiúil dóibh trí orduithe logainmneacha. Is trí chóras ar líne go príomha a dhéanfaidh an coiste a chuid oibre. Tionólfar cruinnithe ó thráth go chéile le saincheisteanna a phlé.

Ag cur fáilte roimh bhunú an Choiste Logainmneacha, dúirt an tAire Stáit, “Is cuid an-uathúil dár n-oidhreacht iad logainmneacha na tíre agus tá sé tábhachtach go ndéanfaidh muid iad a chaomhnú. Tá sé an-tábhachtach fosta, ar ndóigh, go mbeidh leaganacha údarásacha Gaeilge de na logainmneacha ar fáil chun críocha oifigiúla an Stáit.”

Dúirt an tAire Stáit chomh maith go raibh creidiúint ag dul do bhaill an choiste atá sásta a gcuid ama agus saíochta a roinnt go fial ar bhonn deonach agus go gcuideoidh a saothar seo go mór le próiseas údaraithe logainmneacha an Stáit.

 

Seo a leanas liosta de bhaill an Choiste Logainmneacha: 

An tOllamh Ruairí Ó hUiginn, Ollamh le Nua-Ghaeilge, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad (Cathaoirleach).

An tOllamh Micheál Ó Mainnín, Stiúrthóir, Tionscadal Logainmneacha Thuaisceart Éireann, Ollamh le Gaeilge agus don Léann Ceilteach, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.

Dr. Siobhán Ní Laoire, Léachtóir le Gaeilge agus le Léann Éireannach, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (DIT).

Dr. Caoilfhionn Nic Pháidín, Léachtóir Sinsearach/Stiúrthóir Tionscadal Taighde, Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU).

Dr. Éamonn Ó hÓgáin, ar scor ón Institiúid Ard-Léinn, Baile Átha Cliath.

Dr. Aoibheann Nic Dhonnchadha, Institiúid Ard-Léinn, Baile Átha Cliath.

An tOllamh Liam Mac Mathúna, Iar-Cheann na Scoile, Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh, Bhéaloideas Éireann agus na Teangeolaíochta, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCD).   

Donncha Ó Baoill, Feidhmeannach Teanga agus Cultúir, Údarás na Gaeltachta, Na Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall.

Dr. Úna Uí Bheirn, Iar-Stiúrthóir ar Fhoclóir Stairiúil na Nua-Ghaeilge, Acadamh Ríoga na hÉireann, An Charraig, Co. Dhún na nGall.

Breanndán Ó Beaglaoich, múinteoir agus ceoltóir, Corca Dhuibhne, Co. Chiarraí.

Oíche Chultúir 2013 i nDoire

Ar an Aoine 20 Meán Fómhair, ceiliúrfaidh cathair Dhoire, i dteannta le cathracha eile ar fud na hEorpa, Oíche Chultúir agus tá clár spéisiúil d’imeachtaí aon-oíche geallta a léireoidh saibhreas an chultúir áitiúla.

Tá Oíche Chultúir á ceiliúradh anois le ceithre bliana anuas agus ar an oíche féin osclóidh breis agus 40 ionad cultúrtha a ndoirse le himeachtaí teaghlaigh a chur i láthair an phobail a chumascann cultúr, na healaíona, oidhreacht agus stair. Is tionscnamh é Oíche Chultúir a reáchtáiltear ar fud fad na hEorpa agus a bhaineann feidhm as dánlanna, ionaid ealaíon, foirgnimh stairiúla agus gnólachtaí cultúrtha le clár cultúrtha aon-oíche a chur ar fáil saor in aisce don phobal.

Dúirt an Méara an Clr Martin Reilly agus é ag fáiltiú roimh na hoíche móire gur deis iontach í Oíche Chultúir le buanna cultúrtha agus sainoidhreacht na cathrach seo a chur i lár an aonaigh: “Is eiseamláir den scoth í Oíche Chultúir den dóigh ar féidir le gnóthaí cultúrtha áitiúla bheith ag obair as lámh a chéile le feasacht an phobail ar a bhfuil ar fáil acu a mhúscailt agus a fhás. Is deis í le clár imeachtaí a eagrú san oíche, rud a chruthaíonn deiseanna méadaithe do dhaoine nach mbíonn in ann freastal ar imeachtaí i rith an lae le theacht amach agus dul i dtaithí ar shaibhreas ár n-earnála cultúir sa chathair. Ar an oíche seo athraíonn an chathair óna gnáthstádas go cathair chultúir. Tá fás as cuimse tagtha ar líon na ndaoine atá ag glacadh páirte in imeachtaí cultúrtha i mbliana agus ba mhaith liom spreagadh a thabhairt d’achan duine theacht amach ar Oíche Chultúir leis an chathair a thaiscéaladh as an nua”.

Dúirt Oifigeach Sinsearach Eacnamaíochta le Comhairle Cathrach Dhoire Tony Monaghan agus é ag caint ag seoladh an imeachta: “De thairbhe go bhfuil Doire ainmnithe mar Chathair Chultúir in 2013 tá ionaid ealaíon agus chultúrtha ar fud na cathrach ag déanamh breis oibre le cinntiú go mbeidh clár Oíche Chultúir 2013 níos mó agus níos fearr ná riamh. Tá réimse tionscnamh reatha a bhfuil sé mar chuspóir acu an geilleagar áitiúil a chothú agus a fhás; is dea-eiseamláir í Oíche Chultúir den chumas atá ag cultúr deathionchar a dhéanamh ar líon na daoine a thagann isteach chun na cathrach san oíche má reáchtáiltear cláir chultúrtha mhealltacha suas go dtí 10.00in.”

Seó Faisin

I mbliana fillfidh an catbhealach go dtí an Sráidbhaile Ceardaíochta le Seó Faisin a chur i láthair an phobail, imeacht ar éirigh go geal leis anuraidh; cumascann an t-imeacht seo cultúr agus couture i saintimpeallacht an tsráidbhaile.  Beidh Margadh Bedlam oscailte go mall ar an oíche le deis a thabhairt do chustaiméirí bheith sáite in éadaí, seodra, ealaíon agus leabhair le linn do cheol agus léiriúcháin cheoil a bheidh ar siúl ar an ardán ina gclós inmheánach.

Más duine thú atá ar thóir an traidisiúin áitiúla, ba chóir duit cuairt a thabhairt ar Halla Cuimhneacháin na bPrintíseach áit a mbeidh a n-Iarsmalann ar oscailt a léiríonn scéal laochra an léigir agus beidh Cultúrlann Uí Chanáin ag eagrú Oíche Cheoil, Dhamhsa agus Bhia mar aon le taispeántas eolais ar an Ghaeilge agus ar sheirbhísí Gaeilge atá ar fáil sa cheantar.

Chomh maith leis sin beidh gailearaithe na cathrach beo beathaíoch ar Oíche Chultúir mar go mbeidh siad oscailte go mall agus cead isteach saor in aisce geallta acu. Beidh Gailearaí Shráid Londain ag glacadh páirte, áit ar thug Micheál D Ó hUiginn, Uachtarán na hÉireann, cuairt air le linn a chuairte deireanaí. Chomh maith leis sin, beidh The Centre for Contemporary Art, The Void Gallery, Cowley Cooper Gallery agus Gordon Gallery i dteannta le lárionaid chultúir eile mar The Playhouse, The Verbal Arts Centre, Halla na Cathrach, Iarsmalann an Túir, Amharclann Dhoire Trasna agus Fóram na Mílaoise ag cur clár uathúil d’imeachtaí cultúrtha ar fáil ar an oíche atá saor in aisce.  

Imeachtaí ceoil

Ar ndóigh, bheifeá ag súil le ceol agus amhránaíocht anseo i gCathair an Cheoil agus tá béim faoi leith leagtha ar imeachtaí ceoil sa chlár. Beidh Grúpa Ealaíon Mhórcheantar an Seantalaimh ag cur léiriúcháin tionscnaimh dá gceoldhráma ‘Grease is the Word’ agus beidh Tribal Fire agus Tribal Beat ag teacht le chéile le draíocht a chur ar na scaiftí lena rithimí agus lena ndrumadóireacht oíche a chur i láthair ar bhallaí na cathrach. Agus mar a bhfuil muid ag éirí cleachtaithe leis anois beidh ceol beo ag teacht ón ardán ar chearnóg Halla na Cathrach. Ar an ardán beidh laochra áitiúla ceoil The Clameens, The Wood Burning Savages agus damhsóirí Sollus, agus iad go léir ag tacú le mórbhanna na hoíche Balkan Alien Sound.

neart le déanamh do gach aoisghrúpa ag The Nerve Centre áit a mbeidh clár lán ar fáil ag tosú le hoíche oscailte The Music Promise agus a stiúideo a bheidh ag glacadh le háirithintí ó dhaoine ar mian leo taifeadadh beo a dhéanamh tríd an Audiobooth ar an oíche.  Béal dorais ag Café Nervosa beidh ardán agus maidhc oscailte ag cur fáilte roimh cheoltóirí agus amhránaithe áitiúla.

Lucht leanta na teicneolaíochta 

Beidh dúil ag lucht leanta na teicneolaíochta sa Fab Lab a bheas oscailte ar Oíche Chultúir le léiriúcháin agus ceardlanna a thaispeánfaidh an dóigh a n-oibríonn an printéir tríphlánach seo. Tugann an Derry Print Workshop cuireadh duit theacht agus ceird na ndéantóirí priontaí a fheiceáil mar aon leis na teicnící a úsaideann siad.

Beidh eagraíochtaí neamhspleácha ag glacadh páirte i mbliana fosta ar nós Craft Village Collective, Stiúideo Damhsa Echo Echo agus Libraries NI a chuirfidh réimse gníomhaíochtaí ar fáil idir thaispeántais cheardaíochta, físthaispeántais, sheisiúin shnagcheoil agus rapdhráma de chuid an 17ú haois ag Halla na Cathrach. 

Beidh deis ag daoine stair shaibhir na cathrach a thaiscéaladh i réimse taispeántas, turas agus conairí in ionaid éagsúla stairiúla na cathrach i.e. an Chéad Eaglais Phreispitéireach, Eaglais Naomh Agaistín, Eaglais an Túir Fhada agus Ardeaglais Cholm Cille ina measc.

Tá réimse taispeántas grianghrafadóireachta ar an chlár i mbliana fosta lena n-áirítear Taispeántas Grianghrafadóireachta Cholm Cille, Taispeántas faoi Lá Domhanda na Síochána ag Ionad Ealaíon Eden Place agus taispeántas de ghrianghraif leis an údar agus daonnúlach Don Mullan ag The Playhouse. 

Féile grinn, margaí agus a lán eile

Agus ar bharr sin uilig tá féile grinn Big Tickle, margaí speisialta oíche, ealaíon agus ceirdeanna Indiacha agus léiriúchán Dream Walls ar a bhfuil tuilleadh eolais fúthu sa chlár.

Dúirt Tony Monaghan: “Níl anseo ach blaisín de na himeachtaí atá á n-eagrú i mbliana. D’iarrfainn ar dhaoine súil a chaitheamh ar an chlár le imeachtaí ar leith a gcuireann siad suim iontu a roghnú mar ní féidir freastal ar gach aon rud. Caith oíche sa chathair ag dul ó áit go háit agus gabh i dtaithí ar an dóigh a bhfuil an lucht gnó agus eagraíochtaí cultúrtha ag obair as lámh a chéile le cinntiú go dtugtar aird mar is cuí ar a bhfuil le fáil anseo ó thaobh cultúir agus na n-ealaíon de. Gabhaim comhghairdeas leo siúd go léir atá ag glacadh páirte mar go bhfuil siad ag cuidiú le tionscnamh chun a dhéanamh níos mór agus níos fearr ná riamh roimhe ina cuid staire.”

Tarlóidh Oíche Chultúir ar an Aoine 20 Meán Fómhair 2013 agus tá oíche dhathúil agus chuimsitheach geallta. Tugtar cuireadh don phobal theacht amach le bheith ag taiscéaladh, ag dul i dtaithí agus ag déanamh ceiliúrtha ar ár gCathair Chultúir. Le tuilleadh eolais a fháil nó le clár Oíche Chultúir a íoslódail tabhair cuairt arwww.derrycity.gov.uk/culturenight nó cuir glaoch ar Chomhairle Cathrach Dhoire ag 028 71 376545.

Foinse Iallach ar Healy Camchuairt na Leon a fhágáil mar gheall ar ghortú - http://is.gd/100HLU - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
11:09AM Jun 07
Foinse Fiosrúchán ar bun maidir leis an tine ar thraen ó Bhéal Feirste go B - http://is.gd/xp7Iep - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
10:45AM Jun 07
Foinse Ceathrar fós faoi choimeád maidir le dúnmharú fir i nGaillimh - http://is.gd/RnjMG3 - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
09:30AM Jun 07
Foinse Pianbhreith le gearradh ar iarshagart as dhá chúis de mhí-úsáid ghn - http://is.gd/GG4KIs - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
09:15AM Jun 07
Foinse An Stát chun achomharc a dhéanamh maidir le rialú a thug an Ard-Chúi - http://is.gd/6uUlU6 - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
02:46PM Jun 06