Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Dé Céadaoin 30 Eanáir 2013

RSS

TÁ TÚ ANSEO Nuacht Agallamh 60 soicind 60 Soicind le... Lucy Kennedy

60 Soicind le... Lucy Kennedy

Ríomhphost Priontáil PDF

Cé hé/hí an duine deireanach ar sheol tú téacs chuige/ar ghlaoigh tú air?

Mo bhoss.

Cén uair dheireanach a bhí tú ag gáire?

Díreach ansin le mo mhac Jack. Cuireann sé miongháire ar m’aghaidh i gcónaí.

Focal Gaeilge is fearr leat?

Go hálainn.

An béile is fearr leat?

Béile Síneach.

Áit is fearr leat?

Oileáin Mhaildíve

Am is mó a raibh bród ort?

Nuair a rugadh Jack.

Na rudaí a chaithfeadh a bheith agat ar oileán tréigthe?

(Tá mé an-bhán!!!) Vaseline, pionsúirín, fíon dearg.

Fíric shuimiúil nach bhfuil ar eolas againn fút?

Tá sé ráite go mbíonn mé ag srannadh nuair a bhíonn mé i mo chodladh, ach is ráfla é sin!

Cén t-aisteoir a ghlacfadh páirt sa scannán faoi do shaol?

Renée Zellweger nuair a bhí ról Bridget Jones aici!

Madra, cat nó iasc órga? 

Madra gan dabht, is breá liom iad. 

Céard é do mhana?

Gan aiféala a bheith ort.

Cén duine is mó a bhfuil meas agat air?

Mo thuismitheoirí.

Rud a bhfuil an ghráin agat air?

Daoine atá drochbhéasach, daoine a phiocann a gcuid srón mar shampla!

Bíonn Lucy Kennedy le cloisteáil ag cur an chláir ‘Breakfast With Baz & Lucy’ i láthair ar RTÉ 2FM gach maidin Sathairn agus Domhnaigh ón 7-10am.

Scríobh nóta tráchta


Cód slándála
Athnuaigh

Suirbhé

Tá formhór na n-athruithe a fógraíodh i mBuiséad 2013 i bhfeidhm anois ó thús na bliana. An bhfuil tionchar na n-athruithe le tabhairt faoi deara go láidir go fóill dar libh?




Torthaí

Twitter