Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Dé Céadaoin 30 Eanáir 2013

RSS

TÁ TÚ ANSEO Nuacht Agallamh 60 soicind 60 Soicind le... Anna Daly

60 Soicind le... Anna Daly

Ríomhphost Priontáil PDF

Cé hé/hí an duine deireanach ar sheol tú téacs chuige/ar ghlaoigh tú air?
Mo chara Mary. Tá a lá breithe aici inniu.
Cén uair dheireanach a bhí tú ag gáire?
Cúpla nóiméad ó shin agus mé ag labhairt le duine de na léiritheoirí.
Focal Gaeilge is fearr leat?
Flaithiúil! Faraor níl mórán de seo againn faoi láthair.
An béile is fearr leat?
Curaí sicín nó cócó Téalannach.
Áit is fearr leat? 
Sa bhaile cois na tine i mo chuid éadaí codlata ar oíche gheimhridh.
Am is mó a raibh bród ort?
Tarlóidh sé… tá súil agam.
Na rudaí a chaithfeadh a bheith agat ar oileán tréigthe?
Bradley Cooper?! Okay mar sin… uachtar.
Fíric shuimiúil nach bhfuil ar eolas againn fút?
Tá faitíos orm roimh shnáthaid. Na cinn atá bainteach le hinstealladh agus ní le fuáil.
Cén t-aisteoir a ghlacfadh páirt sa scannán faoi do shaol?
Katherine Heigl. Ceapaim go bhfuil sí iontach – tá sí dathúil ach níos tábhachtaí ná sin tá sí nádúrtha.
Madra, cat nó iasc órga? 
Madra.
Céard é do mhana?
Ná bíodh imní ort faoi na rudaí beaga.
Cén duine is mó a bhfuil meas agat air?
Duine neamhleithleach.
Rud a bhfuil an ghráin agat air?
Cá dtosóidh mé… daoine drochbhéasacha i mbialanna, cúntóirí siopa nach ndeir ‘go raibh maith agat’, daoine a chuireann moill ort ag ATM.

Scríobh nóta tráchta


Cód slándála
Athnuaigh

Suirbhé

Tá formhór na n-athruithe a fógraíodh i mBuiséad 2013 i bhfeidhm anois ó thús na bliana. An bhfuil tionchar na n-athruithe le tabhairt faoi deara go láidir go fóill dar libh?




Torthaí

Twitter