Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Dé Céadaoin 30 Eanáir 2013

RSS

TÁ TÚ ANSEO Nuacht Agallamh 60 soicind 60 Soicind le... Marc Mallett

60 Soicind le... Marc Mallett

Ríomhphost Priontáil PDF

Cé hé/hí an duine deireanach ar sheol tú téacs chuige/ar ghlaoigh tú air? Mo bhean chéile.

Cén uair dheireanach a bhí tú ag gáire? Thart ar 20 nóiméad ó shin.

Focal Gaeilge is fearr leat? Sláinte — níl mórán Gaeilge agam agus ba bhreá liom an t-am a fháil chun níos mó a fhoghlaim!

An béile is fearr leat? Dá mbeinn chun cineál amháin bia a roghnú, seans gur bia le tionchar Áiseach a bheadh ann.

Áit is fearr leat? Sa bhaile.

Am is mó a raibh bród ort? Ag fáil ardú céime ag an obair le déanaí.

Na rudaí a chaithfeadh a bheith agat ar oileán tréigthe? Mo iPhone.

Fíric shuimiúil nach bhfuil ar eolas againn fút? Táim iontach ag foghlaim focail amhráin go sciobtha.

Cén t-aisteoir a ghlacfadh páirt sa scannán faoi do shaol? An dá aisteoir is maith liom faoi láthair ná Ewan McGregor nó James McAvoy.

Madra, cat nó iasc órga? Madra.

Céard é do mhana? Is é inniu an chéad lá den chuid eile de do shaol!

Cén duine is mó a bhfuil meas agat air? Is réalta cheart é Eamon Holmes. Bhuail mé leis cúpla uair agus is fear an-deas é.

Rud a bhfuil an ghráin agat air? Cuideachtaí fóin phóca! Scéal fada!

Bíonn Marc le feiceáil ar UTV Live ag 6.00pm ó Luan go hAoine agus ar UTV Live Tonight ag 10.30pm ó Luan go Déardaoin.

Scríobh nóta tráchta


Cód slándála
Athnuaigh

Suirbhé

Tá formhór na n-athruithe a fógraíodh i mBuiséad 2013 i bhfeidhm anois ó thús na bliana. An bhfuil tionchar na n-athruithe le tabhairt faoi deara go láidir go fóill dar libh?




Torthaí

Twitter