Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Dé Céadaoin 30 Eanáir 2013

RSS

TÁ TÚ ANSEO Nuacht Agallamh 60 soicind 60 Soicind le... Niall Doyle

60 Soicind le... Niall Doyle

Ríomhphost Priontáil PDF

Cé hé/hí an duine deireanach ar sheol tú téacs chuige/ ar ghlaoigh tú air? Mo mhac, ag déanamh socrú iompair go dtí a chluiche iomána.

Cén uair dheireanach a bhí tú ag gáire? Inné, nuair a chualas scéal grinn iontach maith ó cheoltóir Jazz.

Focal / frása Gaeilge is fearr leat? Corrthónach — nach iontach an pictiúr é.

An béile is fearr leat?
Blaa don bhricfeasta (is Déiseach mé).

Áit is fearr leat?
Amharclann an Gaiety lán le daoine ag deireadh an Cheoldráma — mar a bheidh do Tosca.

Am is mó a raibh bród ort? Aon am ag féachaint ar mo bheirt mhac óg ag déanamh a slí sa saol.

Na rudaí a chaithfeadh a bheith agat ar oileán tréigthe?
Bia, tithíocht, éadaí... ach leabhair cheoil beagnach chomh tábhachtach céanna.

Fíric shuimiúil nach bhfuil ar eolas againn fút?
An-suim agam san iomáint.

Cén t-aisteoir a ghlacfadh páirt sa scannán faoi do shaol?
Ceann dífhostaithe.

Madra, cat nó iasc órga? Madra.

Céard é do mhana?

Ní fada an saol againn.

Cén duine is mó a bhfuil meas agat air?
M’athair.

Rud a bhfuil an ghráin agat air?

Saint agus cruálacht.

Is é Niall Doyle príomhfheidhmeannach Opera Ireland. Beidh siad ag cur Tosca ar stáitse ag Amharclann an Gaiety, Baile Átha Cliath ón 11-21 Samhain. Breis eolais: www.operaireland.com.

Scríobh nóta tráchta


Cód slándála
Athnuaigh

Suirbhé

Tá formhór na n-athruithe a fógraíodh i mBuiséad 2013 i bhfeidhm anois ó thús na bliana. An bhfuil tionchar na n-athruithe le tabhairt faoi deara go láidir go fóill dar libh?




Torthaí

Twitter