Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Dé Céadaoin 30 Eanáir 2013

RSS

TÁ TÚ ANSEO Nuacht Agallamh 60 soicind 60 Soicind le... Niamh O'Connor

60 Soicind le... Niamh O'Connor

Ríomhphost Priontáil PDF

Cé hé/hí an duine deireanach ar sheol tú téacs chuige/ar ghlaoigh tú air?  Mo mháthair. 

Cén uair dheireanach a bhí tú ag gáire? 
Inné, ag caint le mo chara Michelle.

Focal Gaeilge is fearr leat?
  Amadán... déarfadh mo sheanathair seo linn.

An béile is fearr leat?  Bia Indiach.

Áit is fearr leat?
  Is é sa bhaile i mBaile Átha Cliath an áit is fearr liom.

Am is mó a raibh bród ort?  Ag damhsa ar an stáitse in 2003 ag oscailt oifigiúil na gCluichí Oilimpeacha Speisialta i bPáirc an Chrócaigh. Chonaic na milliúin ar fud an domhain an taispeántas sin. 

Na rudaí a chaithfeadh a bheith agat ar oileán tréigthe?
  Uisce, iPod leis an gceol is fearr liom, cúpla leabhar, culaith snámha, SPF agus scáth fearthainne chun mé a chosaint ón ngrian. 

Fíric shuimiúil nach bhfuil ar eolas againn fút? 
Is mise an té a bhfuil an líon is mó seónna déanta acu riamh le Riverdance. 

Cén t-aisteoir a ghlacfadh páirt sa scannán faoi do shaol?
  Sarah Jessica Parker.

Madra, cat nó iasc órga?  Níl aon pheata agam faoi láthair, ach ba mhaith liom madra beag lá éigin.

Céard é do mhana?  Déanaim iarracht a beith dearfach an t-am ar fad.

Cén duine is mó a bhfuil meas agat air?  M’fhear céile. Is breá liom chomh díograiseach agus atá sé le gach rud a bhfuil sé gafa leis. 

Rud a bhfuil an ghráin agat air?  Is fuath liom daoine a bhíonn searbh agus éadmhar, agus nach bhfuil ábalta a bheith sona dóibh siúd a n-éiríonn leo.

Tá Niamh O’Connor, Captaen Damhsa le Riverdance, le feiceáil sa DVD Riverdance in Beijing. Tá sé le fáil le ceannach anois.

Scríobh nóta tráchta


Cód slándála
Athnuaigh

Suirbhé

Tá formhór na n-athruithe a fógraíodh i mBuiséad 2013 i bhfeidhm anois ó thús na bliana. An bhfuil tionchar na n-athruithe le tabhairt faoi deara go láidir go fóill dar libh?




Torthaí

Twitter