RSS

TÁ TÚ ANSEO Nuacht Blúiríní

Ceiliúradh ar an Ilghnéitheacht Teanga agus Chultúrtha

{jcomments on}Ag ócáid a bheidh ar siúl i mBaile Átha Cliath Déardaoin, 17 Deireadh Fómhair, déanfar ceiliúradh ar an ilghnéitheacht teanga agus chultúrtha san Eoraip. Tá Lingua + Musica á eagrú ag an gcomhlacht Gaelchultúr (www.gaelchultur.com), i gcomhar le hArd-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin agus le hIonadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn, chun Lá Eorpach na dTeangacha 2013 a cheiliúradh, agus is é an phríomhsprioc atá leis an imeachttábhacht an ilteangachais a chur ar a súile don phobal.

Beidh an t-imeacht ar siúl sa Mercantile (www.mercantile.ie) ar Shráid an Dáma i lár na cathrach agus cuirfear tús leis ar 7.00pm. Beidh cead isteach saor in aisce i gceist.

Sa chéad chuid den oíche, beidh ceardlann teanga agus amhránaíochta ar siúl. Múinfear comhrá simplí i gceithre theanga éagsúla don lucht éisteachta agus tabharfar deis dóibh ansin siúl timpeall an tseomra agus na comhráite sin a chleachtadh lena chéile. Múinfear amhráin i dteangacha éagsúla don lucht éisteachta ansin.

Beidh ceol agus amhráin ó réimse tíortha agus teangacha le cloisteáil sa dara cuid den oíche, a thosóidh ar 9.00pm. I measc na n-aíonna a ghlacfaidh páirt ann, beidh an grúpa traidisiúnta fuinniúil The Bonny Men; an t-amhránaí Spáinneach/Seiceach Katerina García; an t-amhránaí agus cláirseoir Síle Denvir as Conamara; an veidhleadóir eisceachtúil sin Patrick Collins ón Café Orchestra, a bheidh á thionlacan ag an ngiotáraí Seiceach David Fiedler; agus an damhsóir Sibéal Davitt.

Beidh seastán ag eagraíochtaí éagsúla teanga, Instituto Cervantes agus an Goethe-Institut ina measc, ag an imeacht agus tabharfaidh siad eolas mar gheall ar na cúrsaí atá á dtairiscint acu don phobal.

Rinneadh ceiliúradh ar an éagsúlacht teanga san Eoraip le linn Bhliain Eorpach na dTeangacha in 2001. D’éirigh chomh maith sin leis gur bheartaigh Comhairle na hEorpa Lá Eorpach na dTeangacha a cheiliúradh gach bliain ar an 26 Meán Fómhair. (Cuireadh imeacht na hÉireann ar athló i mbliana de bhrí go raibh sé ag teacht salach ar Arthur’s Day.)

tuilleadh eolais le fáil faoi Lingua + Musica ach glaoch ar Ghaelchultúr ag an uimhir (01) 484 5220 nó ríomhphost a chur chuig Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbat-turscar. Caithfidh JavaScript a bheith cumasaithe chun é a fheiceáil..

Seolann GMIT a Scéim Ghaeilge 2013- 2016


Agus Scéim nua Ghaeilge GMIT (2013-2016) á seoladh, C go D: Uachtarán Michael Carmody, Comhalta Bord Rialaithe Katie Sweeney and Donagh O’Donoghue. Pic: Aengus McMahonSheol Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo (GMIT) a scéim oifigiúil Ghaeilge an tseachtain seo caite, a leagann amach raon na réimsí ina dtiomnaíonn GMIT í féin d’fheabhas a chur ar na seirbhísí dátheangacha le linn na dtrí bliana seo chugainn.

Sheol Uachtarán GMIT Micheál Ó Cearmada agus comhaltaí de chuid Bhord Rialaithe GMIT Scéim Ghaeilge GMIT 2013 – 2016 go hoifigiúil. Is í an dara scéim Ghaeilge í de chuid na hInstitiúide agus cuireann sí leis an dul chun cinn a rinneadh le linn thréimhse na chéad scéime.

Leanann an scéim nua d’oibleagáidí na hInstitiúide faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a chomhlíonadh. Fágann sí mar cheangal go mbeidh an Ghaeilge cuimsithe i bhfoilseacháin GMIT, i láithreán gréasáin GMIT, agus i gcórais bhainistithe foghlama GMIT, agus i leathnú ar na seirbhísí dátheangacha don chustaiméir.

Tá an Institiúid tiomnaithe freisin d’inniúlacht Ghaeilge na foirne a fheabhsú trí oiliúint agus fhorbairt, Neartófar freisin a páirtíocht le heagraíochtaí Gaeilge, cuir i gcás Gaillimh le Gaeilge.

Lena chois sin, déanann GMIT dhá chlár a thairiscint trí Ghaeilge amháin – Ard-Dioplóma i nGaeilge Fheidhmeach agus Aistriúchán agus M.Sc. i nGaeilge Fheidhmeach agus Aistriúchán. Déantar an dá chlár sin a reáchtáil i gcomhpháirtíocht le Europus Teo le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta.

Deir Uachtarán GMIT Micheál Ó Cearmada: “Is ábhar ríméid do GMIT an dara scéim dá cuid le seirbhís Ghaeilge a chur chun cinn ar fud na hInstitiúide a sheoladh.”

“Tá an scéim seo comhaontaithe leis An gCoimisinéir Teanga agus cuireann sí leis an obair a rinneadh sa chéad scéim. Beidh mar thoradh uirthi soláthar feabhsaithe seirbhísí trí Ghaeilge in GMIT sna blianta atá romhainn.”

Is féidir teacht ar Scéim Ghaeilge GMIT 2013-2016 ag

www.gmit.ie/presidents-office/publications

Maoiniú ceadaithe ag ÚnaG d’Europus Teo agus do GMIT le cúrsa Gaeilge Fheidhmeannach agus Aistriúcháin a sholáthar

{jcomments on}Ag cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta Dé hAoine seo caite (20 Meán Fómhair 2013) ceadaíodh soláthar airgid €113,000 d’Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Mhaigh Eo (GMIT) agus Europus Teo le cúrsa Ard-Dioplóma i nGaeilge Fheidhmeannach agus Aistriúcháin a chur ar fáil i gCarna, Co. na Gaillimhe don bhliain acadúil 2013-14.

Dúirt Príomhfheidhmeannach an Údaráis, Steve Ó Cúláin:

“Tá infheistíocht shuntasach déanta ag an Údarás in earnáil na fostaíochta teangabhunaithe le blianta anuas trí mhaoiniú ar chúrsaí tríú leibhéal le soláthar daoine oilte sa Ghaeltacht a chinntiú agus chun fiontraithe a chothú le dul i mbun a ngnóthaí féin. Leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a fheidhmiú, beidh gá le daoine oilte i gcúrsaí gairmiúla Gaeilge agus beidh deiseanna ag muintir na Gaeltachta teacht i dtír ar na poist seo ach oiliúint cuí a bheith faighte acu. Tacaíonn an cúrsa seo leis an aidhm sin a bhaint amach.”

Cnuasach leabhar Gaeilge Dheasúin Bhreatnaigh bronnta ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge

{jcomments on}Bronnfaidh iníon an scríbhneora, Deasún Breatnach, cnuasach leabhar Gaeilge a hathar ar Ionad Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua i nGaeltacht Chonamara ar an 28 Meán Fómhair ag 7.30pm.  Tá isteach is amach le 750 leabhar faoi stair, litríocht, chultúr agus shaíocht na tíre sa leabharlann luachmhar seo.  Beidh na leabhair mar chuid de shainbhailiúchán a bheidh in úsáid ag mic léinn an BA sa Chumarsáid le linn a gcuid staidéir ar an gCeathrú Rua.

Scríbhneoir, iriseoir, file, intleachtóir, poblachtach agus gníomhaí ab ea Deasún Breatnach a rugadh i mBaile Átha Cliath i 1922 agus a cailleadh sa bhliain 2007.  Is mar gheall ar ról Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i gcur chun cinn an ardoideachais trí mheán na Gaeilge agus an obair atá ar bun ag an Acadamh i réimse na Cumarsáide Gaeilge a chinn clann Dheasúin Bhreatnaigh a chuid leabhar Gaeilge a bhronnadh ar an institiúid léinn. Cuirtear oideachas i léann agus i gcleachtas na Cumarsáide ar mhic léinn fochéime a bhíonn ag gabháil den BA sa Chumarsáid GY106. Déantar cúram ar leith den iriseoireacht le linn an chúrsa seo a reáchtáiltear go huile agus go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Téann céimithe an chúrsa ag obair le comhlachtaí ardghradaim i dtionscal na meán.

Leathchéad bliain tar éis Éirí Amach na Cásca, 1916, chuaigh Deasún Breatnach ar stailc ocrais i 1966 chun aird a tharraingt ar a laghad a bhí bainte amach ó thaobh an oideachais trí Ghaeilge.  Ba bhall é den ghrúpa MISNEACH — a bhunaigh an scríbhneoir, Máirtín Ó Cadhain.  Bhí Luci, a bhean chéile, agus Deasún féin mar pháirt de ghrúpa bunaitheoirí na chéad bhunscoile lán-Ghaelaí i gContae Bhaile Átha Cliath, Scoil Lorcáin, i mBaile na Manach. Scríobh an Breatnach raon leathan leabhar agus ábhar i nGaeilge: úrscéalta do dhéagóirí, scéalta do pháistí, leabhar taighde faoin mbéaloideas, filíocht, gearrscéalta, agus bhí saothar fairsing iriseoireachta aige.  Scríobhadh sé don irisleabhar The Bell agus do Scéala Éireann agus é ina chónaí ar Inis Oírr i lár na gcaogaidí.  D’fhoilsigh sé ailt i nGaeilge san Evening Press agus chaith sé seal ag obair don Irish Farmers Journal agus ina fho-eagarthóir ar an nuachtán The Irish Times.  Sholáthar sé ábhar don nuachtán seachtainiúil Gaeilge Inniu agus do na hirisleabhair Comhar agus Feasta.  Scríobh sé as Gaeilge sna nuachtáin Saoirse agus An Phoblacht, a raibh sé ina eagarthóir air.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Dónall Ó Braonáin thar ceann Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge: “Gníomh thar a bheith flaithiúil é seo agus tá buíochas ó chroí againn ar mhuintir Bhreatnaigh. Is cinnte go mbeidh mic léinn atá i mbun an chúrsa BA sa Chumarsáid in ann tairbhe a bhaint as an gcnuasach in Ionad na Ceathrún Rua. Cuimhneachán seasta a bheidh ann dóibh freisin faoi shaol agus saothar Dheasúin. Iriseoir cruthanta a bhí ann a shaothraigh a cheird go cumasach agus a chuir go mór leis an allagar náisiúnta agus caibidil chultúrtha na hÉireann. Toradh foghlama é sin a shantaíonn muid i gcónaí dár mic léinn féin.”

Coiste Logainmneacha ainmnithe ag an Aire Stáit Mac Fhionnlaoich

{jcomments on}D'fhógair Donnchadh Mac Fhionnlaoich, T.D., Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, inniu go bhfuil Coiste Logainmneacha  ainmnithe aige. Is coiste saineolaithe de dheichniúr ball é seo, a bheidh ag feidhmiú ar bhonn pro bono ar feadh tréimhse trí bliana, in áit an Choimisiúin Logainmneacha a bhíodh ann roimhe seo.

Is é an príomhdhualgas a bheidh ar an gCoiste Logainmneacha comhairle a chur ar an Aire Stáit maidir le leaganacha údarásacha Gaeilge de logainmneacha an Stáit sula dtugtar stádas dlíthiúil dóibh trí orduithe logainmneacha. Is trí chóras ar líne go príomha a dhéanfaidh an coiste a chuid oibre. Tionólfar cruinnithe ó thráth go chéile le saincheisteanna a phlé.

Ag cur fáilte roimh bhunú an Choiste Logainmneacha, dúirt an tAire Stáit, “Is cuid an-uathúil dár n-oidhreacht iad logainmneacha na tíre agus tá sé tábhachtach go ndéanfaidh muid iad a chaomhnú. Tá sé an-tábhachtach fosta, ar ndóigh, go mbeidh leaganacha údarásacha Gaeilge de na logainmneacha ar fáil chun críocha oifigiúla an Stáit.”

Dúirt an tAire Stáit chomh maith go raibh creidiúint ag dul do bhaill an choiste atá sásta a gcuid ama agus saíochta a roinnt go fial ar bhonn deonach agus go gcuideoidh a saothar seo go mór le próiseas údaraithe logainmneacha an Stáit.

 

Seo a leanas liosta de bhaill an Choiste Logainmneacha: 

An tOllamh Ruairí Ó hUiginn, Ollamh le Nua-Ghaeilge, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad (Cathaoirleach).

An tOllamh Micheál Ó Mainnín, Stiúrthóir, Tionscadal Logainmneacha Thuaisceart Éireann, Ollamh le Gaeilge agus don Léann Ceilteach, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.

Dr. Siobhán Ní Laoire, Léachtóir le Gaeilge agus le Léann Éireannach, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (DIT).

Dr. Caoilfhionn Nic Pháidín, Léachtóir Sinsearach/Stiúrthóir Tionscadal Taighde, Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU).

Dr. Éamonn Ó hÓgáin, ar scor ón Institiúid Ard-Léinn, Baile Átha Cliath.

Dr. Aoibheann Nic Dhonnchadha, Institiúid Ard-Léinn, Baile Átha Cliath.

An tOllamh Liam Mac Mathúna, Iar-Cheann na Scoile, Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh, Bhéaloideas Éireann agus na Teangeolaíochta, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCD).   

Donncha Ó Baoill, Feidhmeannach Teanga agus Cultúir, Údarás na Gaeltachta, Na Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall.

Dr. Úna Uí Bheirn, Iar-Stiúrthóir ar Fhoclóir Stairiúil na Nua-Ghaeilge, Acadamh Ríoga na hÉireann, An Charraig, Co. Dhún na nGall.

Breanndán Ó Beaglaoich, múinteoir agus ceoltóir, Corca Dhuibhne, Co. Chiarraí.

Foinse Iallach ar Healy Camchuairt na Leon a fhágáil mar gheall ar ghortú - http://is.gd/100HLU - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
11:09AM Jun 07
Foinse Fiosrúchán ar bun maidir leis an tine ar thraen ó Bhéal Feirste go B - http://is.gd/xp7Iep - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
10:45AM Jun 07
Foinse Ceathrar fós faoi choimeád maidir le dúnmharú fir i nGaillimh - http://is.gd/RnjMG3 - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
09:30AM Jun 07
Foinse Pianbhreith le gearradh ar iarshagart as dhá chúis de mhí-úsáid ghn - http://is.gd/GG4KIs - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
09:15AM Jun 07
Foinse An Stát chun achomharc a dhéanamh maidir le rialú a thug an Ard-Chúi - http://is.gd/6uUlU6 - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
02:46PM Jun 06