D’éirigh thar barr leis na hócáidí de Thráth na gCeist a d’eagraigh Gael Linn do dhéagóirí i dTuaisceart Éireann le gairid. Ghlac thart ar 3,000 dalta páirt sna hócáidí seo ó thús na scoilbhliana agus bíonn múinteoirí agus daltaí ag dúil go mór leis na hócáidí spraíúla seo achan bhliain.
Is í aidhm Tráth na gCeist Gael Linn ná seans a thabhairt do dhaoine óga in iarbhunscoileanna Thuaisceart Éireann, atá ag foghlaim Gaeilge, an teanga sin a chloisteáil agus í a úsáid taobh amuigh den seomra ranga, ag ócáid thaitneamhach, thairbheach, spraíúil, agus tacaíocht a thabhairt do na múinteoirí Gaeilge agus dá saothar.
Reáchtáladh Tráth na gCeist do na sinsir i gcúig ionad ar fud Thuaisceart Éireann agus chomh maith le tráth na gceist, bhí deis ag daltaí páirt a ghlacadh i gcéilí bríomhar. Tá Tráth na gCeist á reáchtáil ag Gael Linn ó 1992 agus tá sé urraithe ag Foras na Gaeilge.
Pic 1 Daltaí ó Graiméirscoil an Rátha Mhóir, Béal Feirste, Co. Aontroma
Pic 2 Daltaí ó Choláiste Sholas Chríost, Co. Dhoire
Pic 3 Daltaí ó Graiméirscoil na Maighdine Muire, Iúr Cinn Trá, Co. an Dúin
Pic 4 Daltaí ó Ardscoil Naomh Iosaif, Crois Mhic Lionnáin, Co. Ard Mhacha




