D’fhógair an tAire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D. inniu (an 17 Feabhra 2012) go bhfuil deontas €6,571.65 ceadaithe aige do Choláiste Chonnacht, an Spidéal, Contae na Gaillimhe chun oibreacha áirithe a dhéanamh ar an díon ar an gColáiste.
Dúirt an t-Aire Stáit agus é ag fógairt an deontais go raibh áthas air a bheith in ann a leithéid de dheontas a chur ar fáil do Choláiste Chonnacht agus gur áis mhaith don cheantar atá ann. “Is iomaí scoláire agus mac léinn Gaeilge a thagann go dtí Coláiste Chonnacht gach Samhradh chun feabhas a chur ar a gcumas teanga" a dúirt an tAire Stáit.





