Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Déardaoin 17 Bealtaine 2012

RSS

TÁ TÚ ANSEO Nuacht Blúiríní Léacht agus Siúlóid Uí Chonaire

Léacht agus Siúlóid Uí Chonaire

Ríomhphost Priontáil PDF

Beidh comóradh á dhéanamh i Músaem Cathrach na Gaillimhe an deireadh seachtaine seo chugainn mar gheall go bhfuil sé 130 bliain ó rugadh Sean-Phádraic.

Leanfar leis an gceiliúradh ar an Satharn beag seo, an 25 Feabhra, le turas siúlóide faoi stiúir Dhiarmuid de Faoite agus léacht leis an tOllamh Gearóid Denvir, OÉG.

"There's more to Ó Conaire than M'asal Beag Dubh" is ea an teideal a bheas ar léacht an Ollaimh Denvir, a bheidh dírithe go príomha orthu siúd ar bheagán Gaeilge, agus ar bheagán eolais i dtaobh saothair an údair dá bharr. 

I measc lucht labhartha na Gaeilge tugtar aithint do Shean-Phádraic mar cheannródaí litríochta, a phléigh dian-cheisteanna na linne ó chúrsaí ólacháin, striapachais agus imirce.  Áfach, is beag eolais ar a chuid saothair taobh amuigh de phobal na Gaeilge - seachas gurb é a scríobh an scéal grinn do pháistí, M'asal Beag Dubh.  

Ag 11.30am tabharfaidh an aisteoir agus scríbhneoir, Diarmuid de Faoite, turas siúlóide thart ar chathair na Gaillimhe - ag léiriú an cheangail, a bhí ag Sean-Phádraic le Cathair na dTreabh. 

Mairfidh an léacht dátheangach seo ar feadh dhá uair an chloig agus cuirfear tús leis ag an Músaem féin. 

Tá lucht foirne an Mhúsaem ag moladh gur chóir gléasadh i gcóir na haimsire! Tá an dá imeacht seo saor in aisce ach moltar áit a chur in áirithe roimh réidh mar gheall ar easpa spáis. 

Chun tuilleadh eolais a fháil, nó chun áit a chur in áirithe, cur glaoch ar 091 532460 nó seol ríomhphoist chuig brendan.mcgowan@galwaycity.ie

Scríobh nóta tráchta


Cód slándála
Athnuaigh

Suirbhé

An aontaíonn tú gur cheart bunscoileanna beaga a dhúnadh ar fud na tíre?



Torthaí

Twitter

 
Foinse Kenny Dalglish briste as a phost - http://t.co/pbcSEjhd - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie gaeilge
About 11 hours ago
 
Foinse Díríonn alt faisin na seachtaine seo in Foinse ar Stíl na dTreibheanna le hearraí ó @NewLookFashion @nextofficial @brownthomas & tuilleadh
About 12 hours ago